Ní bheidh na bainisteoirí ag iarraidh aon rún a scaoileadh an deireadh seachtaine seo

Seans nach mbeidh ach buaileam sciath i gcluichí sraithe an Domhnaigh agus na bainisteoirí ag fáil réidh do chluichí móra craoibhe an tsamhraidh

Ní bheidh na bainisteoirí ag iarraidh aon rún a scaoileadh an deireadh seachtaine seo

Liam Sheedy. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Leanann cluichí na sraithe ar aghaidh an deireadh seachtaine seo agus sinn seachtain chun deiridh de bharr na drochaimsire an tseachtain seo caite.

Beidh an dá cluiche 1A a cuireadh ar athló ar siúl i bPáirc Uí Rinn Chorcaí agus i bPáirc Innovate Loch Garman agus a sean-naimhde mar fhreasúra ag na foirne baile sa dá chás.

Caithfidh nach bhfuil Liam Sheedy, bainisteoir Thiobraid Árann agus a fhoireann bainistíochta róshásta in aon chor leis na taispeántais go dtí seo. Sa chéad chluiche, i gcoinne an Chláir, bhíodar maith go leor ach ó shin i leith is beag atá feicthe ag a lucht leanúna a thabharfadh mórán dóchais dóibh. Cé gur bhuaigh Corcaigh an dá chluiche deireanach ní dóigh go bhfuil John Meyler róshásta ach an oiread. Tá Corcaigh ag brath an iomad ar fad ar easpa smachta an fhreasúra agus cruinneas Patrick Horgan ós na pocanna saora.

Beidh an cluiche seo suimiúil agus seans fós ag an dá chontae na cluichí ceathrú ceannais a bhaint amach. Ach má chailleann Tiobraid Árann beidh siad ag fanacht go dtí an dara Domhnach de mhí na Bealtaine don chéad chluiche ceart eile, nuair a bheidh Corcaigh á imirt as baile arís sa chraobh acu. Seans, dar ndóigh, nach mbeidh an dá bhainisteoir sásta aon rún a scaoileadh sa chluiche seo amárach ach fiú más mar sin a bheidh, beidh taispeántas bríomhar ag teastáil uathu beirt a thabharfaidh misneach dóibh do na laethanta níos móra atá fós le teacht

D’fhéadfainn an rud ceannann céanna a scríobh faoin gcluiche i Loch Garman agus an dá fhoireann seo mall go leor chun aon rún a scaoileadh ach an oiread. Ach tá seanaithne againn ar an mbeirt bhainisteoirí seo agus ar cé chomh dáiríre is a bhíonn siad faoi gach aon chluiche. Nílim ag súil le haon athrú ar an meon sin san amárach. Beidh coimhlint dhian againn idir an tUasal Cody agus an tUasal FitzGerald agus an dá fhoireann sa tóir ar an mbua agus an cluiche breise a bheadh acu dá bharr.     

Tá cluiche thar a bheith tábhachtach freisin i bPáirc an Bhreathnaigh i bPort Láirge áit a mbeidh an fhoireann bhaile i gcoinne na Gaillimhe. Beidh na foirne bainistíochta agus na leantóirí ag meá na dtaispeántas anseo freisin. Tá an dá fhoireann cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais cheana féin, ach tá gach cluiche as seo amach tábhachtach ó thaobh an ullmhúcháin do na cluichí craoibhe. Is deacair mórán a rá faoin dá fhoireann óna bhfacamar sna cluichí atá imeartha acu go dtí seo. Is iad an Ghaillimh atá neadaithe ag barr an liosta do chraobh na hÉireann ag na geallghlacadóirí, ach tá mórán le déanamh fós acu. B’fhéidir go bhfaighimid dea-comhartha uathu amárach.

Imreoidh Luimneach agus Laois a chéile sa chéad chluiche ceathrú ceannais anocht. Bhí an-fheachtas go deo ag seaimpíní na hÉireann go dtí seo agus foireann John Kiely ar an bhfoireann is fearr sa tsraith Allianz go fóill. Cé gur chuireadar chun páirce i ngach cluiche agus cúig nó sé d’athruithe déanta acu ní raibh siad aon phioc níos laige in aon cheann acu. Tá bearna ollmhór idir iad agus Laois agus bheinn ag súil go mbeidh an bhearna sin le feiceáil ar chlár na scór anocht. Is sna cluichí deireanacha sa tsraith anuraidh a chonaiceamar cumas Luimnigh. Tabharfar léargas eile dúinn ar an gcumas sin anocht, measaim. 

Fág freagra ar 'Ní bheidh na bainisteoirí ag iarraidh aon rún a scaoileadh an deireadh seachtaine seo'