Ní bhaintear leath an oiread úsáide as an scrúdú TEG sa tír seo agus ba cheart

Is iomaí duine atá ag obair in eagraíochtaí Gaeilge a d’fhéadfadh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ach nach bhfuil aon spreagadh ann dóibh é sin a dhéanamh

Ní bhaintear leath an oiread úsáide as an scrúdú TEG sa tír seo agus ba cheart

Ní bhaintear leath an oiread úsáide as an scrúdú TEG sa tír seo agus ba cheart. Bhí an t-ádh orm a bheith in ann ranganna Gearmáinise a dhéanamh leis an Goethe-Institut tamall de bhlianta ó shin. Bhí bunús réasúnta Gearmáinise agam ón meánscoil ach go leor di ligthe i ndearmad agam sna naoi mbliana roimh 2018 nuair a chinn mé filleadh ar an teanga.

B’iontach an plean a bhí agam – tosú ag an mbunleibhéal uilig, A1, in earrach na bliana 2018 agus dul tríd na ranganna agus scrúduithe uilig go dtí go mbainfinn an C2, an chéim is airde amach ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (CEFR), sa mbliain 2023.

Faraor bhí mé i lár an chúrsa B1 i Márta na bliana 2020 nuair a chuir an víreas corónach deireadh le chuile phlean a bhí agam. Bhain mé an teastas B1 amach sa deireadh, tar éis cúpla mí uafásach ar Zoom, ach faoin am ar thug mé faoi na ranganna B2 bhí an splanc imithe agus ní dheachaigh mé níos faide.

Chuir bean a bhí in aon rang liom sna míonna deireanacha sin ag smaoineamh mé faoin gcóras TEG atá againn sa tír seo don Ghaeilge. Dochtúir Éireannach ab ea í a phós Gearmánach fir díreach sular casadh ar a chéile muid. Bhí post mór faighte ag a fear nua ina thír dhúchais agus ba é an plean a bhí acu aistriú chun na Gearmáine agus tús a chur lena saol pósta ann.

Bhí ag éirí go maith le mo chara ina gairm féin mar dhochtúir in ospidéal anseo in Éirinn agus theastaigh uaithi coinneáil uirthi ar an gconair sin ina tír nua. Cé go raibh cáilíochtaí go leor leighis aici agus céimeanna arda bainte amach aici san ospidéal anseo, ní bhfaigheadh sí post ar bith sa nGearmáin mura mbeadh an teastas B2 aici ó Goethe.

Fiú nuair a bheadh an teastas sin faighte aici agus í in ann cur isteach ar phostanna, chaithfeadh sí geallúint a thabhairt go leanfadh sí uirthi ar a turas teanga go mbainfeadh sí an C2 amach taobh istigh de mhéid áirithe blianta.

Shíl mé go raibh an próiseas sin an-dúshlánach ach thar a bheith féaráilte, agus go bhféadfaí aithris a dhéanamh air ach an TEG s’againn féin a úsáid mar shlat tomhais.

Is iomaí duine atá ag obair in eagraíochtaí Gaeilge a d’fhéadfadh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge ach nach bhfuil aon spreagadh ann dóibh é sin a dhéanamh. Is minic a chuireann an stát daoine ag obair i gceantracha Gaeltachta nach bhfuil aon Ghaeilge acu agus nach bhfuil aon spreagadh ann dóibh í a fhoghlaim. Is minic a fhostaíonn comhlachtaí Gaeilge agus Gaeltachta araon daoine a bhíonn ag plé leis an bpobal nach bhfuil Gaeilge acu.

Tá an córas leagtha amach ag lucht TEG cheana féin a thabharfaidh duine ón mbunleibhéal go caighdeán sách ard Gaeilge ag C1. Is éard a theastaíonn anois ná polasaithe ag na dreamanna a luaigh mé – eagraíochtaí Gaeilge, eagraíochtaí rialtais, agus comhlachtaí príobháideacha – fostaithe a chur tríd an gcóras agus maoiniú a chur ar fáil le táillí na scrúduithe a chlúdach.

Dá mbeadh coinníoll teanga sna conarthaí oibre go gcaithfí an C1 a bhaint amach tar éis cúig bliana is éasca i bhfad a bheadh sé seirbhísí i nGaeilge a fháil ó dhochtúirí, tiománaithe bus, agus oibrithe bialainne sa nGaeltacht agus taobh amuigh di.

Is mór an costas é an €250 ar an scrúdú C1 (go mór mór do dhuine atá tar éis €600 a chaitheamh ar na scrúduithe eile roimhe sin) agus is dóigh liom gurb in ceann de na cúiseanna nach dtugtar faoin scrúdú. Iarradh orm féin cuid den scrúdú a dhéanamh mar chuid d’iarratas poist le deireanas agus murach sin is dóigh nach gcuimhneoinn air.

Ach an maoiniú agus a spreagadh a bheith ann, d’fhéadfaí úsáid cheart a bhaint as TEG chun caighdeán ard Gaeilge a bhaint amach i réimse leathan seirbhísí mar atá déanta ag na Gearmánaigh lena dteastas teanga siúd.

Fág freagra ar 'Ní bhaintear leath an oiread úsáide as an scrúdú TEG sa tír seo agus ba cheart'

  • Seanán Ó Coistín

    Aontaím go mór leis an dearcadh úd. Ba cheart go mbeadh coinníollacha teanga ag baint le gach comhlacht stáit. Tá dhá theanga oifigiúil ann sa stát ach ní chuirtear aon bhéim (ach in eisceachtaí áirithe) ar an nGaeilge sna heagraíochtaí stáit. Deirim sin mar dhuine a oibríonn in eagraíocht stáit. Is ar éigin a bhaintear feidhm as an nGaeilge san eagraíocht.