‘Ní ann do Chiarán Ó Feinneadha’ –  ‘beag is fiú’ á dhéanamh de phobal na Gaeilge ag an stát

Ní raibh tásc ná tuairisc ar theastas breithe Chiaráin Uí Fheinneadha, duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga, nuair a rinneadh iarracht teacht air ar bhunachar leictreonach na Roinne Coimirce Sóisialaí

‘Ní ann do Chiarán Ó Feinneadha’ –  ‘beag is fiú’ á dhéanamh de phobal na Gaeilge ag an stát

Deir gníomhaí aitheanta Gaeilge, ar aistríodh a shloinne Gaeilge go Béarla ar bhunachar teastas breithe na Roinne Coimirce Sóisialaí, go bhfuil “beag is fiú” á dhéanamh de phobal na Gaeilge ag an státchóras.

Ní raibh tásc na tuairisc ar theastas breithe Chiaráin Uí Fheinneadha, duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga, nuair a rinne sé iarracht teacht ar an teastas breithe ar bhunachar leictreonach na roinne.

Dúirt oifigeach de chuid na roinne le Ó Feinneadha, a bhí ag iarraidh clárú le haghaidh Cárta Leasa Sóisialaí, nach ann do ‘Ciarán Ó Feinneadha’ ar bhunachar na dteastas breithe.

Agus an scéal á fhiosrú aige, thug an t-oifigeach le fios dó go raibh a theastas breithe cláraithe faoi Ciarán Feeney, sloinne nár úsáid sé féin, ná a chuid tuismitheoirí ná a chlann riamh, a dúirt sé.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta maidin inné, dúirt Ó Feinneadha, go raibh sé “dochreidte” gur faoi ‘Feeney’ a cláraíodh a theastas breithe ar chóras na Roinne Coimirce Sóisialaí.

“Seo é an chéad uair ó bhí mé 16 bliana d’aois go bhfuiltear tar éis an t-ainm Feeney a cheangal liom ar aon bhealach. Ní ann dó mar ainm dom, is é Ciarán Ó Feinneadha m’ainm.”

Nuair a chuir Ó Feinneadha ceist ar an oifigeach an é go ndearnadh botún lena shloinne féin amháin ar an chóras, dúradh leis go raibh gach sloinne Gaeilge aistrithe go Béarla ar an chóras.

Níor athraíodh na sloinnte ar na teastais bhreithe féin ach bhí na teastais cláraithe ar an chóras leictreonach faoi shloinnte Béarla, a dúradh.

“Más John Malarky thú, tiocfaidh tú suas ar an gcóras, ach más Ciarán Ó Feinneadha thú, ní thiocfaidh aon rud suas,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Feinneadha go raibh sé “ar buile” faoin scéal agus go raibh an chuma ar chúrsaí go raibh an státchóras ag iarraidh “fáil réidh” leis an Ghaeilge agus “beag is fiú” a dhéanamh dá pobal labhartha.

“Mar Ghaeilgeoir, mar dhuine, caithimse mo chuid fuinnimh i mo shaol pearsanta ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn, foghlaimeoirí a spreagadh, Na Gaeil Óga a spreagadh…Bainim taitneamh as an saol i gcoitinne agus bím ag iarraidh úsáid na Gaeilge a spreagadh go dtí go gcaithfidh mé plé leis an státchóras, an dream atá in ainm is a bheith ag tabhairt cosaint dom mar shaoránach den stát seo.

“Tá sé dochreidte agus ní hé seo an t-aon éagóir a déanadh orm le déanaí ach ní labhraím go poiblí fúthu. Tá siad tar éis a dhul thar líne dhochreidte anseo, go bhfuil siad ag rá nach ann dom agus caithfidh mé a rá, ní féidir liom a mhíniú cé chomh mór is a ghoilleann sé sin orm,” a dúirt Ciarán Ó Feinneadha.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Coimirce Sóisialaí faoin scéal.

Fág freagra ar '‘Ní ann do Chiarán Ó Feinneadha’ –  ‘beag is fiú’ á dhéanamh de phobal na Gaeilge ag an stát'

  • Eoghan Ó Néill

    Bhí clár ar an tele blianta ó shin i dtaobh fir arbh ainm dó Kunta Kinte ar gabhadh é i nGambia na hAifrice agus ar tógadh é mar sclábhaí trasna go Meirica agus nuair díoladh é thall dúirt an t-úinéir leis “no, your name is Toby, a good slave name!”. C’est la même chose sa chás seo, Gael ina thír fhéin agus ní ghlacann siad lena ainm.

  • Éamonn Ó Gribín

    Mach bhfuil Ciarán bainteach le Fianna Fáil?

  • Gabriel Rosenstock

    Níor aistríodh Rosenstock go ‘Rosebush’ ná ‘Rosetree’ fós. Is iad na hainmneacha Gaelacha amháin atá faoi ionsaí ag an státchóras.

  • Ciarán Ó Cofaigh

    Tá an Ghaeilge á tachtadh ag an státchóras, d’aon ghnó. Dúisígí!

  • Seán ÓM

    Agus cén sórt costas sa bhreis a bhaineann leis na haistriúcháin seo go Béarla!!?

    Ag dáiríre – tá rud éicint dorcha agus drochruaiteach faoin scéal seo agus an stát ag déanamh a leithead go rúnda san oifig thiar.

    Cuireann sé seo an scéal faoi na sean-bhoscaí poist dearga Royal Máil sna 1920dí i gcuimhne dom….
    Cuireadh péint glas orthu go mbeadh cuma Éireannach orthu, ach – faoi cheilt – ba iad na sean-bhoscaí poist céine Royal Máil taobh thiar den bhrat péinte.

  • Eoin Ó Murchú

    An bhfuil aon leigheas ar fail trí cás cúirte a dheranamh. Órdu ón stát don Roinn an córas leictreónach a chur i gceart? Dlíodóir ar bith a thabharfaidh comhairle?

  • Eoghan Ó Néill

    Aber wenn es einen Umlaut in ihrem Namen gäbe wär’s auch verändert. Englisch als Weltübersprache ist das Ziel!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Sárú follasach ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR).

  • Ciarán Ó Feinneadha

    Go raibh maith agaibh don tacaíocht.
    A Éamoinn Uí Ghribín ní thuigim tábhacht do phost ach ní ball d’Fhianna Fáil mé. Ní raibh mé riamh im’bhall d’Fhianna Fáil ná d’aon pháirtí polaitíochta riamh agus ní raibh ceangailt agam le haon pháirtí polaitíochta riamh.

  • Éamonn Ó Gribín

    Maidir le “Mach [sic] bhfuil Ciarán bainteach le Fianna Fáil?” agus aisfhreagra Chiaráin.

    Baineadh siar asam nuair a léigh mé mé mo chuid tuairimí féin, agus aisfhreagra Chiaráin.

    Caithfidh gur bhrúigh mé an cnaipe mícheart ar mo ríomhaire glúine mar tar éis domh smaoineamh ar an méid a bhí scríofa agam, ní raibh mé sásta leis, mar shíl mé go mb’fhéidir nach mbeadh sé cóir nó ceart agus bhí rún agam gan é a sheoladh.

    A Chiaráin, tá an-bhrón orm faoi… glac mo leithscéal le do thoil.

    Is fíor-Ghael thú, agus déann tú tréan iarracht ár gcearta teanga agus cultúrtha a chosaint, agus mar laoch a mhairfidh cáil ort!

  • Sean O Meara

    Tà an coras maslach is bun os cionn. Àthgabhàil na tire atà de dhith mar aduirt Mairtin O Cadhain!

  • Colm de Búrca

    Tharla rud beagán cosúil leis seo dom féin.
    B’éigean dom pas nua a fháil i mbliana, agus bhí ceist ar an bhfoirm iarratais maidir le sloinne mo mháthara.
    Tá cóip dá teastas breithe agam, agus is i nGaeilge atá a hainm ar an teastas; líon mé isteach ar an bhfoirm é. Fuaireas glaoch tamall ina dhiaidh, agus dúradh liom nach raibh a leithéid de dhuine ar an gcóras.
    Tuigim anois cén fáth.