Neart agus misneach ag Trump i ndiaidh a thrialach

Tá dílseacht an pháirtí Phoblachtánaigh ag Donald Trump, ach cé a bheidh in ann dílseacht na nDaonlathach a mhealladh?

Neart agus misneach ag Trump i ndiaidh a thrialach

Tá a mbreithiúnas tugtha ag Seanad Mheiriceá. Tháinig deireadh aréir leis an triail táinsimh a mhair beagnach trí seachtaine agus mar a bhí súil leis, frítheadh an tUachtarán neamhchiontach.

Cé is moite don Seanadóir Mitt Romney a vótáil in aghaidh a pháirtí agus an Uachtaráin i dtaca leis an gcéad rún, chloígh na Seanadóirí eile ar fad go docht lena bpáirtí féin.

An difríocht mhór an babhta seo go bhfuil an tUachtarán Trump ag seasamh in athuair don dara téarma sa Teach Bán faoi cheann cúpla mí. Céard a tharlóidh anois mar sin?

Tabharfaidh an tUachtarán Trump óráid tráthnóna faoi thoradh na trialach. Deis iontach bolscaireachta tar éis eachtraí na seachtaine. Tá sé ar an ionsaí cheana féin faoin triail agus é ag maíomh gur cúiseanna gan bhunús a cuireadh ina leith. Éireoidh na hionsaithe níos fíochmhaire anois agus é neamhchiontach os comhair an tsaoil. Beidh deis aige anois freisin díriú ar na suáilcí a luaigh sé san óráid State of the Union Dé Máirt; cúrsaí eacnamaíochta, fostaíochta agus trádála.

Cé nár ciontaíodh Trump i gceachtar cúis a cuireadh ina leith tá ceisteanna á gcur go fóill faoi chaidreamh na Stát Aontaithe leis an Úcráin, na hiarrachtaí fiosrúchán a bhunú faoi mhuintir Biden agus polasaí gnóthaí eachtracha Donald Trump. Dúirt Cathaoirleach Choiste Breithiúnach na Comhdhála Jerry Nadler inné go bhfuil sé i gceist acusan leanacht lena gcuid fiosraithe. Táthar ag tnúth freisin le leabhar ó pheann John Bolton, iarAmbasadóir de chuid na Stát Aontaithe. Tá cur agus cúiteamh go leor faoin eolas a bheidh sa leabhar céanna, agus súil le heolas nár cuireadh i láthair an tSeanaid nuair a dhiúltaigh Seanadóirí glacadh le fianaise ó fhinnéithe.

An gcuirfidh imeachtaí na trialach fainic ar Trump sna míonna seo romhainn? Más tada é is amhlaidh a bheidh sé níos muiníní ná riamh as an gcaoi a iompraíonn sé é féin agus a dhéanann sé a chuid gnóthaí.

Má theastaigh cruthúnas uainn faoi chomh deighilte agus atá na Stáit Aontaithe fuair muid é le linn an phróisis seo. D’fhan an dá pháirtí dílis dá gcuid páirtithe féin agus bhain go leor de sin leis an imní atá ar dhaoine faoina gcinniúint féin i mí na Samhna. Caithfidh siad bunús tacaíochta a bpáirtí féin a shásamh.

Ar thaobh na nDaonlathach den teach drochsheachtain a bhí inti. Gan trácht ar an toradh sa Seanad rinne siad praiseach den réamhthoghchán in Iowa.  Níl an borradh a thagann de bharr feachtas na réamhthoghchán faighte go fóill acu.

Déanta na fírinne, is deacair a mheas cén tionchar a bheidh ag an méid atá tarlaithe ar an bhfeachtas don toghchán Uachtaránachta ach theastódh ó Dhaonlathaigh tosú ag tarraingt le chéile go luath.

Chruthaigh an triail seo thar aon ní eile go bhfuil dílseacht an pháirtí Phoblachtánaigh ag Donald Trump. Is críonna an té a déarfadh cé a bheidh in ann dílseacht na nDaonlathach a mhealladh agus a dhúshlán a thabhairt.

Fág freagra ar 'Neart agus misneach ag Trump i ndiaidh a thrialach'

  • Poraic O'hEipicín

    Tá buíochas lé Dia, agus a Mháthair Beannaithe.