Neamhaird á thabhairt ar impleachtaí tromchúiseacha Brexit do Thuaisceart Éireann, a deir MP de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill

Dúirt Pat McFadden, ball de pharlaimint Westminster ar de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill inniu go raibh an baol ann go bhfágfadh Brexit a lorg ar an dTuaisceart agus ar an Albain

Neamhaird á thabhairt ar impleachtaí tromchúiseacha Brexit do Thuaisceart Éireann, a deir MP de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill

McFadden

Tá neamhaird á thabhairt acu siúd atá ar son an Brexit ar na himpleachtaí tromchúiseacha do Thuaisceart Éireann a bhainfeadh le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, dar le Pat McFadden, ball de pharlaimint Westminster ar de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill é.

Bhí McFadden, a bhí mar Scáth-Aire na hEorpa ag Páirtí an Lucht Oibre nó gur tugadh bata agus bóthar dó le déanaí, ag labhairt inniu ag an Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha i mBaile Átha Cliath inniu.

Dúirt McFadden go raibh an baol ann go bhfágfadh Brexit a lorg ar an dTuaisceart agus ar Albain agus go bhféadfadh go gcuirfeadh imeacht na Breataine ón AE cúrsaí eacnamaíochta as a riocht.

“This is the only part of the UK which shares a land border with another state, a border that at the moment has thousands of people crossing freely in each direction every day.  Between Northern Ireland and the Republic there is easy and productive trade and because of EU membership a lot of common rules.

“If Brexit happens, and happens in large part because of a desire to restrict the free movement of people, what will happen to that border?,” a dúirt sé.

Mhaígh McFadden, atá ina Chomhchathaoirleach ar an ngrúpa i bPáirtí an Lucht Oibre atá ar son fanacht san AE, nach raibh aon phlé ceart á dhéanamh ar na himpleachtaí tromchúiseacha do Thuaisceart Éireann a bhainfeadh le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach

“Ireland will still be a member of the EU. It will still be abiding by the free movement rules that are a condition of membership.  But what kind of border will there be if Britain no longer has such rules?

“What would the effect on Northern Ireland be if its neighbour to the south is in the EU but it is not, and Scotland, the part of the UK with which it has the closest links, is pushing for independence in part so it can remain part of the EU while Northern Ireland is not?”

Dar le McFadden nár cheart a bheith ar nós cuma liom faoi chás an tuaiscirt agus an Brexit.

“The economic and other implications of such a situation are unknown.  But at the very least they pose a set of questions that are not there now.

“The point is, it is complacent to assume that we can walk out of the European Union and believe that everything else will stay the same.  A Brexit raises major questions about economic and constitutional arrangements that Leave campaigners have so far failed to address.”

Dúirt an Feisire do Wolverhampton Thoir Theas, a bhfuil aithne mhaith air i gceantar an Fháil Charraigh i nGaeltacht Thír Chonaill, go raibh dearcadh Eoraisceipteach ag cuid mhór de mhuintir na Breataine toisc nár bhain ceantair éagsúla ar fud na Breataine leas as an domhandú faoi mar a dhein Londain.

B’fhearr go mór, a dúirt sé, cabhrú le daoine dul i ngleic leis na hathruithe atá ag tarlú mar thoradh ar an domhandú seachas géilleadh “politics of fear and anger”.

“Simply amplifying grievance doesn’t create a single job or help a child pass a single exam.  But it is incumbent on those of us who reject these views to do a better job of equipping people to cope with change and giving them hope for a better future.”

Dúirt sé go raibh an cás ar son fanacht san Aontas Eorpach bunaithe ar chúrsaí eacnamaíocht agus ar luachanna eile.

Cainteoirí dúchais Gaeilge arbh as an Dún Mhór iad beirt ab ea tuismitheoirí Pat McFadden. D’fhreastail Jimmy Den Rua Mac Pháidin (nach maireann) agus a bhean chéile Annie sna 1930idí agus 1940idí ar Scoil Náisiúnta Mhín Doire, scoil bheag Gaeltachta atá dúnta anois.

Thugadar beirt aghaidh ina dhiaidh sin ar Ghlaschú na hAlban, áit ar rugadh agus a tógadh Pat McFadden.

Chaith McFadden cuid mhaith dá óige i nGaeltacht Thír Chonaill agus tugann sé cuairteanna rialta ar an bhfód dúchais. Is i reilig an Fháil Charraigh atá athair an Fheisire do Wolverhampton Thoir Theas curtha.

Sa bhliain 2011, craoladh clár faisnéise ar TG4 faoi shaol agus faoi shaothar McFadden, The Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP.

Fág freagra ar 'Neamhaird á thabhairt ar impleachtaí tromchúiseacha Brexit do Thuaisceart Éireann, a deir MP de bhunadh Ghaeltacht Thír Chonaill'