‘Neamhaird’ á déanamh ag airí rialtais ar Choiste Gaeilge an Oireachtais

Tá Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais chun dul i dteagmháil le Ceann Comhairle na Dála maidir le conas is féidir iallach a chur ar airí teacht os comhair cruinnithe coiste

‘Neamhaird’ á déanamh ag airí rialtais ar Choiste Gaeilge an Oireachtais

Deir Coiste Gaeilge an Oireachtais go bhfuil airí Rialtais ag tabhairt “neamhaird” ar a gcúraimí i leith na teanga agus go bhfuil an coiste chun rialacha na Dála a fhiosrú le teacht ar bhealach le brú a chur ar na hairí céanna teacht os a chomhair.

Pléadh ag cruinniú de Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal na Gaeilge an tseachtain seo an fhadhb a deirtear atá ann maidir le hairí agus státseirbhísigh sinsearacha a bheith ag tabhairt neamhaird ar chuirí a tugadh dóibh teacht os comhair an choiste chun cás na teanga a phlé.

Thug Cathaoirleach an Choiste, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, le fios go raibh triúr airí, Aire na Gaeltachta ina measc, chomh maith le hArd-Rúnaí na Roinne Sláinte, tar éis diúltú do chuirí nó neamhaird a thabhairt orthu.

Dúirt Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh faoi labhairt le Ceann Comhairle na Dála chun fáil amach an raibh aon bhealach ann go bhféadfaí iallach a chur ar na hairí teacht os comhair an choiste.

“Níl a fhios agam céard eile is féidir linn a dhéanamh maidir leis na cuirí sin agus an sórt neamhaird atá á tabhairt ag airí sinsearacha agus státseirbhísigh shinsearacha ar a gcúraimí i leith na Gaeilge agus an fhreagracht atá orthu teacht os comhair coiste Dála chun na ceisteanna sin a phlé. In ainneoin an Achta nua, tá an chuma ar an scéal go bhfuil daoine fós ag déanamh neamhaird [ar an teanga],” a mheas Ó Snodaigh.

Dúirt Ó Snodaigh go bpléifí an fhadhb arís ag cruinniú príobháideach den choiste ach, idir an dá linn, go rachadh sé i dteagmháil leis an gCeann Comhairle chun fáil amach “an bhfuil aon bhealach ó thaobh orduithe seasta na gcoistí, nó na Dála nó an Oireachtais, gur féidir linn brú a chur ar na hairí agus ar an Ard-Rúnaí teacht os ár gcomhair.”

Dúirt Ó Snodaigh go raibh ceithre chuireadh – an 4 Deireadh Fómhair, an 4 Samhain, an 19 Samhain agus an 22 Nollaig – tugtha d’Aire na Gaeltachta Catherine Martin teacht os comhair an choiste chun leithdháileadh an airgid a bhronnann a Roinn ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta a phlé.

“Tá sí tar éis diúltú go dtí seo,” a mhínigh Ó Snodaigh, “agus ráite aici go bhfuil freagracht as na hábhair sin a bhaineann leis an nGaeilge, an Ghaeltacht agus pobal labhartha na Gaeilge ar an Aire Stáit Jack Chambers, in ainneoin gur dhein muid é a mhíniú di gur sise a chaithfidh an cinneadh a dhéanamh maidir leis an gcéatadán iomlán a bhíonn ag an Roinn [don Ghaeilge agus don Ghaeltacht].”

Dúirt Ó Snodaigh cheana nach raibh sé ceart ag an Aire Sinsearach i Roinn na Gaeltachta diúltú teacht os comhair an choiste agus í ag rá nach bhfuil sí freagrach as cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúradh gur thug an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee neamhaird iomlán ar dhá chuireadh ón gcoiste teacht os a chomhair, in ainneoin gur cuireadh ceithre mheabhrúchán eile chuici.

Tá an coiste ag iarraidh an cinneadh a rinneadh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhíodh ann do sháirsintí agus cigirí a phlé léi. I litir a sheol Coimisinéir an Gharda Síochána chuig Coiste Gaeilge an Oireachtais an tseachtain seo, thug Drew Harris le fios nárbh é mian na nGardaí fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge ach gur aontaíodh an cinneadh faoi dheireadh théis plé idir iad féin, an Roinn Dlí agus Cirt agus An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Tugadh cuireadh freisin don Aire Sláinte Stephen Donnelly agus Ard-Rúnaí na Roinne, Robert Watts, teacht os comhair an choiste chun seirbhísí sláinte trí mheán na Gaeilge le linn na paindéime a phlé, ach go dtí seo níor ghlac an bheirt le haon chuireadh.

Cuireadh dhá chuireadh chuig an tAire Donnelly ach dúradh nach raibh sé ar fáil. Tá cuireadh eile tugtha dó teacht os comhair an choiste ar an 5 Feabhra, nó ar dháta eile a fheileann dó, ach ní bhfuair an coiste aon fhreagra.

Cuireadh cuirí chuig Robert Watts ar an 22 Nollag agus ar an 5 Eanáir agus faoi dheireadh, tar éis trí mheabhrúchán a bheith faighte aige, thug Watts freagra an tseachtain seo ag tabhairt le fios nach raibh sé chun teacht os comhair an choiste ach go gcuirfeadh sé ionadaithe ón Roinn Sláinte ina áit.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh gurb iad na hionadaithe a bhí i gceist ná na daoine céanna a tháinig os comhair an choiste ag cruinniú mhí na Samhna agus go raibh an coiste ag iarraidh an tArd-Rúnaí féin a cheistiú.

Fág freagra ar '‘Neamhaird’ á déanamh ag airí rialtais ar Choiste Gaeilge an Oireachtais'

  • Pól

    Fianaise fhollasach glinn glan soiléir a thaispeánann an doicheall agus an dímheas ar phobal labhartha na Gaeilge sa tír seo i measc na “státseirbhíseach” sinsearach. An scéal ceanann céanna ón nbliain 1922 nuair a ghlac an páirtí polaitíochta FFFG cumhacht ar an tír den chéad uair. Tá súil agam go bhfeicfidh mé Éire ina poblacht dhaonlathach amach anseo sula bhfaighidh mé bás.