Naomh Conaill ag súil le dul céim níos faide agus mórscéalta CLG eile na Gaeltachta

Caitheann Tuairisc.ie súil ar na scéalta iománaíochta agus peile ó chluichí Gaeltachta na deireadh seachtaine

Foireann Naomh Conaill ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Pictiúr le Seán Ó Mainín
Foireann Naomh Conaill ag Comórtas Peile na Gaeltachta i mbliana. Pictiúr le Seán Ó Mainín

Naomh Conaill anois ag tabhairt aghaidh ar chraobh an chúige

Is iad Naomh Conaill seaimpíní Dhún na nGall den tríú huair tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Naomh Adhamhnáin, curaidh na bliana seo caite, sa chluiche ceannais, 0-11 in aghaidh 0-10. Sárthaispeántas ón imreoir contae agus captaen na foirne, Leo McLoone, a spreag fir na nGleannta.

Dhealraigh sé go raibh Naomh Conaill i dtrioblóid go luath sa dara leath nuair a cuireadh an t-ionadaí Eoghan McGettigan, a raibh sárchluiche aige sa bhabhta leathcheannais, den pháirc, ag tráth a raibh siad dhá phointe chun deiridh.

Ina ainneoin sin, rinne Naomh Conaill teacht aniar iontach. Chuir pointí ó Dermot ‘Brick’ Molloy agus Leo McLoone chun cinn iad agus cé go bhfuair Caolán Ward dhá phointe chun Naomh Adhamhnáin a thabhairt ar ais ar comhscór, 0-9 an taobh, d’aimsigh Aaron Thompson agus Johnny McLoone pointe an duine chun an bua a chinntiú do Naomh Conaill.

Imreoidh na Conallaigh seaimpíní Thír Eoghain, Trí Leac, anois i gcluiche ceathrú ceannais Uladh. Agus craobh Dhún na nGall críochnaithe níos luaithe ná mar a chríochnaigh sé le cúpla bliain anuas, tá coicís ag Naomh Conaill le fáil faoi réir don chluiche sin agus beidh siad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh i gcomórtas nach raibh mórán rath ar fhoirne Dhún na nGall ann le fada an lá. Níl craobh an chúige buaite ach faoi dhó ag foirne ón gcontae agus tar éis dóibh cailleadh sa chluiche ceannais cúig bliana ó shin, beidh Naomh Conaill ag iarraidh dul céim níos faide in 2015.

Clann na nGael tagtha aniar aduaidh ar Wolfe Tones sa Mhí

Tar éis dóibh comhscór a fháil ar éigean i gcoinne Wolfe Tones an tseachtain roimhe, bhí an chuma ar an scéal go raibh rás Chlann na nGael rite agus iad ceithre phointe chun deiridh gan ach trí nóiméad fágtha i gcluiche ceannais chraobh iomána idirmheánach na Mí an deireadh seachtaine seo caite. Ní shin mar a tharla, áfach, agus d’aimsigh siad dhá chúl agus pointe sa chúpla nóiméad deireanach chun an lá a thabhairt leo.

Ní raibh ceachtar foireann i mbarr a maitheasa sa chéad leath agus níos mó iarrachtaí curtha ar fóraoil ná thar an trasnán sa chéad 30 nóiméad. Ba iad Clann na nGael a bhí chun cinn ag leath ama, 0-5 in aghaidh 0-4, agus cé go ndeachaigh siad péire eile chun cinn go luath sa dara leath, thóg Wolfe Tones ceannas ar an gcluiche ina dhiaidh sin.

Sé cinn de phointí as a chéile a d’aimsigh siad agus bhí siad i bhfoisceacht cúpla nóiméad den bhua nuair a mhúscail Clann na nGael. D’aimsigh Pat Shore an chéad chúl agus gan ach trí nóiméad fágtha agus, cé gur aimsigh Wolfe Tones pointe mar fhreagra, ba é Martin Keogh an laoch a fuair cúl an bhua agus an t-am beagnach caite.

Imreoir na Gaeltachta, Séan Ó Bambaire. Pictiúr le Seán Ó Mainín
Imreoir na Gaeltachta, Séan Ó Bambaire. Pictiúr le Seán Ó Mainín

Críoch dhrámatúil le cath na gcomharsan i gCiarraí Thiar

Chas An Ghaeltacht agus An Daingean ar a chéile i réamhbhabhta chraobh Chiarraí Thiar Dé Sathairn agus ba iad fir na Gaeltachta a thug an lá leo, 1-11 in aghaidh 0-13. Bhí an Daingean chun cinn don chuid is mó den dara leath ach ba é cic saor Mhichíl Uí Shé sa dara nóiméad d’am breise a bhuaigh an cluiche don Ghaeltacht.

Bhí an Daingean 0-12 in aghaidh 0-10 chun cinn agus an t-am beagnach caite ach bhí PJ Mac Láimh san áit cheart chun iarracht Bhriain Uí Bheaglaoich a stiúradh isteach san eangach chun scór thar a bheith tábhachtach a fháil. Chuir Breandán Ó Céileachair an Daingean ar ais ar comhscór nóiméad ina dhiaidh sin ach bhí am fós ag an nGaeltacht le scór an bhua a aimsiú.

Chuir an Ghaeltacht tús den scoth leis an gcluiche agus iad 0-4 in aghaidh 0-0 chun cinn agus gan ach 10 nóiméad imeartha, ach tháinig an Daingean ar ais go láidir sa choimhlint agus bhí siad chun cinn ag leath ama, 0-6 in aghaidh 0-5. Bhí pointe nó dhó le cois acu don chuid is mó den dara leath ach nuair a cuireadh Pól Ó Dubháin den pháirc i ndiaidh 52 nóiméad, ag snámh in aghaidh easa a bhí siad agus ba iad fir na Gaeltachta a thug an lá leo.

Idir thorthaí maithe agus drochthorthaí ag foirne na Gaeltachta i nGaillimh

Bhí deireadh seachtaine maith don chuid is mó ag foirne Gaeltachta na Gaillimhe. Tá iománaithe Mhaigh Cuilinn cáilithe do chluiche leathcheannais sa chraobh idirmheánach tar éis dóibh Cill Chon Iarainn a bhualadh, 0-15 in aghaidh 0-14,. Sa chraobh sóisear A, bhuaigh An Spidéal ar a gcomharsana Bearna-Na Forbacha, 1-19 in aghaidh 0-17, chun áit a bhaint amach i gcluiche ceathrú ceannais an chomórtais sin.

Sa pheil, is iad Mícheál Breathnach seaimpíní chraobh sóisear A iarthar na Gaillimhe tar éis dóibh Naomh Mícheál a bhualadh sa chluiche ceannais, 1-9 in aghaidh 0-9. Ba é an cúl a fuair Pádraig Mac Giolla Bhríde sa chéad leath an scór cinniúnach agus cé nár scóráil na buaiteoirí sa 20 nóiméad deireanach, bhí a ndóthain de bhearna acu.

Imreoidh peileadóirí sóisear Chumann Mhícheál Breathnach an Clochán i gcluiche ceannais na craoibhe tar éis don Chlochán an Cheathrú Rua a bhualadh Dé Sathairn seo caite, 2-5 in aghaidh 1-6. Rinne an Clochán an chuid is mó den obair sa chéad leath agus David O’Reilly agus David McDonagh, ag aimsiú na gcúl sa chéad 30 nóiméad sin.

Fág freagra ar 'Naomh Conaill ag súil le dul céim níos faide agus mórscéalta CLG eile na Gaeltachta'