Thachtfadh an fhírinne é a déarfaí faoi dhuine nach bhféadfaí brath ar a fhocal.
B’fhearr cloí leis an bhfírinne, fanacht i mbun na fírinne. A bheith chomh fírinneach leis an lá bán.
Is deacair an fhírinne ghlan a bhualadh. Sin é lomchlár na fírinne. Sin í cnámh dhearg na fírinne.
Béal na fírinne a thabharfaí ar dhuine a insíonn an fhírinne. Is deacair béal na fírinne a lochtú a deirtear.
Ní féidir an fhírinne a cheilt ach sceitheann fíon fírinne.
Dá mbeifeá in áit na fírinne bheifeá marbh, bheifeá ar shlí na fírinne.
Is iontaí fírinne ná finscéal.
Is minic a chuirtear an fhírinne as a riocht.
Trí ní nach féidir a fhoghlaim – fonn, féile is fírinne.
Seo mar a dúirt Seosamh Mac Grianna faoin bhfírinne; Deir siad go bhfuil an fhírinne searbh, ach creid mise, ní searbh atá sí ach garbh agus sin é an fáth a seachnaítear í.
Johnny Ó Flannagáin
Inis an fhírinne agus cuir an diabhal ar a thóin.