NACH DEAS É? Níl tú buailte go deo go gcaille tú do mhisneach…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Níl tú buailte go deo go gcaille tú do mhisneach…

Bealach eile é sin lena rá nár chaill fear an mhisnigh ariamh é. Coinnigh do mhisneach, a deirtí go minic. Múscail do mhisneach, a Bhanba, a dúirt file eicínt.

Níl misneach cait agat a déarfá le duine nach mbeadh in ann cur ar a shon féin.

Níl aon mhisneach agam as a déarfá faoi othar a gceapfá nach raibh biseach i ndán dó. D’fhéadfá an breithiúnas céanna a thabhairt ar bheart oibre nach mbeadh aon mhuinín agat as.

Dhéantaí trácht scaití freisin ar bhia a mbeadh misneach ann, bia folláin.

Níl tú buailte go deo go gcaille tú do mhisneach. Nach deas é?

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Níl tú buailte go deo go gcaille tú do mhisneach…'