Nach deas é? ‘Cuimleachán beag gan móran cúntanais’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas e? 030216

‘Cuimleachán beag rua-fhéasógach gan móran cúntanais.’ Sin é a dúirt bean as Conamara faoi oifigeach a raibh sí ag déileáil leis in oifig na Roinne Talmhaíochta i nGaillimh.

Cimleachán a thugtar in áiteanna ar an gcuimleachán. Duinín caite lag atá i gceist.

D’fhéadfadh sí péasúr a thabhairt air freisin, nó lagrachán nó, dá mbeadh sí beagáinín míbhéasach, tufóigín.

Sílim gurbh shin é a thug an file Michael Davitt ar an té a bhearáil as Club Chonradh na Gaeilge fadó é.

Chonaic bean Chonamara nach raibh roimpi san oifig i nGaillimh ach séacla de dhuine, go raibh sé lag éidreorach. D’fhéadfadh sí a rá nach raibh ann ach scáil i mbuidéal, sé sin go raibh cosúlacht tugtha traochta air.

Maidir le é a bheith féasógach tharlódh sé go mbeadh ciall eile aici le féasógach sa gcás seo freisin. Déarfaí go raibh sé féasógach má bhí sé dorrga, giorraisc brúisciúil.

B’fhéidir nach raibh sé inbhearrtha an lá sin, i.e, go raibh sé an-chantalach.

Maidir leis an bhfocal cúntanas ciallaíonn sé gan mórán suáilcis a bheith ann. Níl aon bhlas cuntanais aige ach an oiread leis an muc a déarfaí.

Cuntanós an litriú nua-aimseartha atá ar an bhfocal.

Fiafraíodh d’fhear aitheantais de mo chuid lá an raibh aon mhaith le cara leis ag obair. Ní raibh aon bharúil aige dhó.

“Ní chartfadh sé tuí ó lacha,” a dúirt sé.

Lá eile fós bhí muid ag breathnú ar fhear ag damhsa ar stáitse amuigh faoin aer i Leitir Móir. Lá rásaí na gcurach a bhí ann.

D’fhiafraigh mé den fhear a bhí le mo thaobh cén breithiúnas a thabharfadh sé ar an damhsóir. D’aithnigh mé ar an bhfear céanna nach é an damhsa is mó a bhí ag cur imní air ach an deoch a theastódh go géar uaidh chomh luath agus a d’osclódh Tí Phlunkett.

Bhreathnaigh sé go truamhéileach orm.

“An damhsóir sin ab ea,” ar seisean, “ar ndóigh dá mbeadh sé ar an damhsóir is fearr faoin domhan chuirfeadh a cholainn amach é.”

Sé an pointe a bhí aige go raibh mo dhuine ag breathnú cineál liopasta, nach raibh déanamh an damhsóra air.

Mar a deir an seanfhocal, “dhá dtrian den damhsa an chosúlacht.”

‘Cuimleachán beag gan móran cúntanais’. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Cuimleachán beag gan móran cúntanais’'

  • Gabriel Rosenstock

    Cuimleachán beag . . . an gá grianghraf a bheith againn chun an nath breá sin a shoiléiriú? Is caitheamh anuas ar an gcruth atá ar dhaoine áirithe grianghraf den sórt sin a bheith ann. Níor rugadh riamh an té nach bhfuil fíorálainn, gan teimheal, i súile Dé.

  • padraig

    Naomh is ea an uile dhuine, an ea? No naomhog amhain?

  • Seosamh Ó Cuaig

    Deir fear acadúil liom gur focal ón mBearla é cuntanós .i. countenance
    Tá sé i bPairlimint na mBan a deir sé:

    “com ciabhláidir, corp cnámharrdhachta, croidhe cródha, cuislionna calma,
    CUNTONOS cogamhuil agus seasamh saighdiúrtha.”