Nach deas é? Cuairt ghearr agus imeacht buíoch…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Cuairt ghearr agus imeacht buíoch…

Tháinig cara ar cuairt chugainn an lá faoi dheireadh. Ag dul amach an doras dó ar seisean “cuairt ghearr agus imeacht buíoch”.

Ní moltaí an chuairt fhada. Cuairt ghearr i dteach do charad, is í sin féin go hannamh, a deirtí. Trí bhua an duine dhona – cuairt fhada tí na comharsan, codladh go headra agus drochfhál.

Bhíodh fear ag teacht ar cuairt go minic ag bean áithrid. Is mó an aird a bhí aici ar fhear nach dtagadh chuici ach corruair. Seo mar a chuir sí é:

Sé do chéad fáilte a mhinic a thig

ach sé mo léan géar nach é minic nach dtig

a thigeas chomh minic le minic a thig.

D’fhéadfá féachaint le é sin a rá go sciobtha nuair a bheadh seacht nó ocht de phiontaí Heineken ólta agat nó scallach maith Red Bull.

Sháraigh tú an Síogaí Suarach, ar do chuairt go minic, a deirtí freisin le duine a thagadh rómhinic ar cuairt. Séard a bhí sa Síogaí Suarach, Colainn gan Ceann, a casadh ar fhile de Mháilleach agus thosaigh siad ag ceapadh rann. Chuir an Síogaí ainm air féin sa rann seo:

Mise an Síogaí Suarach,

a thagas ar cuairt go minic,

Luím ar leaba luachra,

Is bainim an chluas den tsionnach.

Is suntasach an ní go bhfuil tagairtí sa Seantiomna don chuairt ghearr agus don bhealach is múinte le dhul isteach i dteach. Deirtear in áit amháin:

Téigh go hannamh go teach do chomharsan,

le heagla go n-éireodh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.

Meabhraítear an méid seo i dtagairt eile:

Bíonn fuadar faoi chois an amadáin isteach i dteach

ach seasann fear na taithí go hurramach os a chomhair.

Cuairt ghearr agus imeacht buíoch. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Cuairt ghearr agus imeacht buíoch…'