I Parliment na bhFíodóiría chonaic mé an leagan cainte seo. Sin saothar a scríobh Dáibhí de Barra as oirthear Chontae Chorcaí am éigin idir 1821 agus 1835. Is cosúil go raibh go leor brilléise ar bun sa bParlaimint agus a scéal féin ag gach duine. Dúirt an Ceann Coiste go ndéanfadh seisean ‘cómhrá ina bhfuil smior’.
Bhí an leagan céanna i gcaint na ndaoine ó shin freisin. I dtuairisc a scríobhadh sa Claidheamh Soluisi 1902 dúradh faoi fhear áirithe go raibh ‘smior agus brí ina chuid cainte’.
Is é an smior ar ndóigh an ghréis bhog atá i lár cuid de na cnámha. Smior cailleach a thugtar ar an ábhar atá istigh i snaidhm an droma. Tá ábhar eile sa bhfeoil ar a dtugtar smúsach. Thugtaí smaois air sin freisin i dTír Chonaill, is cosúil.
I leagan de Bruidhean Chaorthainnas an gcontae sin rinneadh cur síos mar seo ar an gcaoi ar changail Fionn Mac Cumhail a ordóg:
‘Chogain sé í ó fheoil go fuil, ó fhuil go smior agus ó smior go smaois. Ag cognadh na hordóige dó lig sé grág mór caointe as.’
Níorbh iontas ar bith go ligfeadh, an créatúr.
Is iomaí caoi a mbaintear leas as an bhfocal smior sa lá atá inniu féin ann. Seo cuid acu:
Tá sé i smior na gcnámh aige; tá sé de mhianach ann.
Níl smior ná smúsach ann; duine lag gan éitir.
Bhí an fuacht go smior ionam. D’fhéadfadh sé gur gaoth anoir a bheadh ann an uair sin mar deirtí an méid seo go minic: ‘An ghaoth anoir, téann go smior, is baineann sí geir as caoirigh.’
Ceapadh riamh gur bia tacúil den scoth a bhí sa smior mairt. Bhí an seanrá seo ann: ‘Ith smior mairt is bí crua tapa, Ith smior muice is bí mór meata.’
Chuirtí comhairle eile fós faoin mbia ab fhearr do dhuine:
An gráinne is faide ón mbró,
Bainne na bó a rug anuraidh,
Smior mairt agus feoil chearc.
Ní mholtaí an plúr a bheadh tar éis a mheilte, ná bainne bó a bheadh tar éis laoidín a bhreith.
Thagadh an focal smior istach in eascaine anois is aríst chomh maith. Seo é an mallacht a chuir Raiftearaí sa dán ‘Fiach Sheáin Bhradaigh’ agus é ag ithe agus ag gearradh ar Sheán De Búrca:
Scamhadh iongan agus galar súl ort,
Smior ná sú ná raibh i do chnáimh.
Dá rachadh sé fíor-rite le duine rud a dhéanamh d’fhéadfá a rá go ndeacha sé go smior na n-iongan leis é a dhéanamh.
Ansin arís d’fhéadfá na hingne a bhearradh go dtí an smior.
Mar bhuille scoir, seo cúpla seanfhocal eile a théann go smior agus go smúsach:
An rud nach saothraítear go dtí an smior imíonn sé go mion (an rud a fhaightear go bog).
Ceann eile fós:
Comhfhad fuacht is teas,
Comhfhad fuath is grá;
Ach téann an t-éad go dtí an smior,
Is fanann ann go bráth.
pip
Chuiagh an t-alt sin go smior ionam.