An té a mbeadh fonn air mála de chraiceann ailigéadair a thabhairt do dhuine mar bhronntanas níor mhór dó airgead a bheith le spáráil aige. Bíonn siad an-chostasach.
Is iomaí cineál mála ann ar ndóigh. Seo cuid acu: mála móna, mála fataí, mála siúcra, mála spóirt, mála sceallóg.
D’fhéadfá an cat a ligean as an mála dá mbeadh fad ar do theanga.
Tá daoine ann a insíonn mála bréag.
Bíonn cuid de na daoine ag borradh agus ag at mar a bheadh cat i mála.
Bíonn corrdhuine chomh confach le mála easóg.
Is minic a scaoileann duine lán mála mionnaí móra.
Comhairlítear do dhaoine gan muc i mála a cheannacht.
Ní róshásta a bheadh bean dá ndéarfaí léi gur gheall le mála prátaí í sa ngúna a bheadh á chaitheamh aici.
JP
Mála caca