NACH DEAS É? Chomh confach le mála easóg…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Chomh confach le mála easóg…

An té a mbeadh fonn air mála de chraiceann ailigéadair a thabhairt do dhuine mar bhronntanas níor mhór dó airgead a bheith le spáráil aige.  Bíonn siad an-chostasach.

Is iomaí cineál mála ann ar ndóigh. Seo cuid acu: mála móna, mála fataí, mála siúcra, mála spóirt, mála sceallóg.

D’fhéadfá an cat a ligean as an mála dá mbeadh fad ar do theanga.

Tá daoine ann a insíonn mála bréag.

Bíonn cuid de na daoine ag borradh agus ag at mar a bheadh cat i mála.

Bíonn corrdhuine chomh confach le mála easóg.

Is minic a scaoileann duine lán mála mionnaí móra.

Comhairlítear do dhaoine gan muc i mála a cheannacht.

Ní róshásta a bheadh bean dá ndéarfaí léi gur gheall le mála prátaí í sa ngúna a bheadh á chaitheamh aici.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Chomh confach le mála easóg…'

  • JP

    Mála caca