Nach againne a bhí an gáire an lá a ghlaoigh Joe Steve ar an Údarás ag iarraidh deontas do churach?

Tá daoine ann a mbeirtear amuigh orthu chuile bhliain…

Nach againne a bhí an gáire an lá a ghlaoigh Joe Steve ar an Údarás ag iarraidh deontas do churach?

Dá léifeá nó dá gcloisfeá gur chuir an Pápa litir chuig Máire Mhic Giolla Íosa á rá léi go raibh athrú intinne tagtha air faoi mhná a bheith ina sagairt, an gcreidfeá é?

Dá bhfógrófaí gur sa Dún Beag i gContae an Chláir a bheadh an cruinniú mullaigh idir Donald Trump agus Ceannaire na Cóiré Thuaidh, Kim Jong-un, an dtabharfá aon aird ar an bhfógra?

Ar éigean a chreidfeá inniu é ar chuma ar bith mar gurb é inniu Lá an Amadáin.

Tá daoine ann mar sin féin a mbeirtear amuigh orthu chuile bhliain. Is breá le nuachtáin agus le stáisiúin raidió agus teilifíse a bheith ag spochadh as a leithéidí.

Ba mhaith ó Raidió na Gaeltachta é a dhéanamh i gcónaí.

Bliain amháin chuir siad Joe Steve Ó Neachtain ag glaoch ar oifig an Údaráis sna Forbacha. Lig sé air féin gur iascaire a bhí ann ar ceadaíodh deontas dó le curach nua a dhéanamh tamall maith roimhe sin ach nár íocadh é agus go mba géar a theastaigh an t-airgead uaidh.

Bhí lán a chruite de chantal air, mar dhea.

Cailín a bhí ar thaithí oibre a d’fhreagair é agus níor aithnigh sí Joe ó churachóirí an domhain. B’iontach go deo an comhrá a tharla eatarthu.

Bhí seisean  ag éirí ní ba fheargaí le chuile abairt agus ise ar a dícheall ag iarraidh foighid a chur ann.

Freagra oifigiúil an Údaráis a thugadh sí air scaití agus uaireanta eile ba léir óna cuid cainte gur mheas sí  gurbh é an bobarún ba mhó é a chuaigh chun farraige i gConamara ariamh agus nach raibh an lá ar fad aicise le bheith ag éisteacht lena chuid fuarchaoineacháin.

Píosa craoltóireachta den scoth a bhí ann agus má buaileadh bob uirthise an lá sin bí cinnte go raibh neart de na héisteoirí freisin a chreid gur comhrá fírinneach a bhí ann.

Déantar cleasanna mar é ar fud an domhain Lá an Amadáin ó bhliain go bliain.

Tá cáil idirnáisiúnta i gcónaí ar an gcraoladh teilifíse a rinne an BBC sa mbliain 1957 nuair a thaispeáin siad daoine san Iodáil a bhí in ainm is a bheith ag  piocadh spaigití a bhí ag fás ar thom.

Níl a fhios  go deo cé na teachtaireachtaí a tháinig isteach chucu lá arna mhárach ó dhaoine a bhí ag fiafraí cén áit a bhféadfaidís na plandaí spaigití a cheannach.

Dhá bhliain ó shin chraol an cainéal teilifíse spóirt  Goal  tuairisc a thug le fios go raibh Lionel Messi ceannaithe ag Real Madrid ó FC Barcelona ar €500 milliún.

Conradh cúig bliana a bhí ann, a dúirt siad.

Níl a fhios go cinnte cén uair nó cén áit ar thosaigh cleasaíocht seo Lá an Amadáin.

Déarfadh cuid de na heolaithe gur thagair Chaucer dó sna Canterbury Tales sa mbliain  1392. Déarfadh eolaithe  eile gur léamh míchruinn ar an téacs é sin agus nach é an chéad lá d’Aibreán a bhí i gceist aige beag ná mór.

Bhí trácht ar an nós i litríocht na Fraince sa séú céad déag agus bhí sé i scríbhinní na bPléimeannach sa seachtú céad déag.

An chéad sampla cinnte de atá le fáil sa mBreatain, ar an gcéad lá d’Aibreán 1698 a tharla sé.  Cuireadh a tugadh do dhaoine a theacht go dtí  Gairdín na nAinmhithe i Londain go bhfeicfidís na leoin á níochán!

‘Huntigowk Day’  a thugtaí in Albain ar Lá an Amadáin. Truailliú  é sin ar ‘Hunt The Gowk Day’. ‘Gowk’ an focal  Albainise ar chuach nó ar dhuine díchéillí.

‘Lá na Gocaireachd’  a bheadh air i nGaidhlig na hAlban nó ‘Lá Ruth na Cuthaigh’, an lá a gcuirtear an chuach (an duine díchéillí)  ag rith ar thurais gan tairbhe nó, lena rá ar bhealach eile, an lá a ndéantar gogaille gó di.

An scéal is deireanaí atá cloiste agam féin go bhfuil muid sách fada anois ag comóradh Lá an Amadáin agus, ar son na cothromaíochta, go bhfuil Lá na hÓinsí le bunú  go hidirnáisiúnta an bhliain seo chugainn.

Creid é nó ná creid.

Fág freagra ar 'Nach againne a bhí an gáire an lá a ghlaoigh Joe Steve ar an Údarás ag iarraidh deontas do churach?'