Is iad comhairleoirí Fhine Gael agus Fhianna Fáil is mó a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar phobal na Gaeltachta ar údaráis áitiúla a bhfuil ceantair Ghaeltachta faoina gcúram as seo go ceann cúig bliana.
Toghadh 86 comhairleoir contae agus cathrach sna 16 toghlimistéar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta oifigiúla i seacht gcontae i dtoghcháin na seachtaine seo caite.
Bhain Fine Gael agus Fianna Fáil 22 suíochán araon amach agus ionadaithe ag ceann acu i mórán chuile thoghlimistéar Gaeltachta. Ní bhfuair Fine Gael suíocháin sna Gleannta ná i mBaile na nGallóglach i gcontae Dhún na nGall ná i gCathair na Gaillimhe Thiar. Fágadh Fianna Fáil ar an trá fholamh i gConamara Thuaidh.
19 suíochán a fuair iarrthóirí neamhspleácha i ngach contae Gaeltachta. Mheall an t-iarrthóir neamhspleách Johnny Healy-Rae, a sheas i dtoghlimistéar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, 3,441 vóta agus é i bhfad chun cinn ar a chéilithe comhraic i gCiarraí.
D’éirigh le Sinn Féin 11 suíochán a fháil in ocht dtoghlimistéar Gaeltachta. Fuair siad dhá shuíochán i dtoghlimistéir na nGleanntach agus Dhún na nGall, agus i gCeanannas, mar a bhfuil Gaeltacht na Mí. Is é Robert Brosnan an chéad iarrthóir a sheas faoi bhratach Shinn Féin a toghadh i gCorca Dhuibhne le breis agus céad bliain. Bhí an scríbhneoir iomráiteach Pádraig Ó Siochfhradha (‘An Seabhac) ina ionadaí ag Sinn Féin ag tús na 1920idí agus é ina chathaoirleach ar Chomhairle Contae Chiarraí.
Ba i gConamara is fearr a chruthaigh an páirtí nuabhunaithe Independent Ireland [Éire Neamhspleách] agus trí shuíochán buaite acu idir an dá thoghlimistéar Gaeltachta ansin.
Fuair beirt a d’éirigh as Fianna Fáil mar gheall ar a seasamh ar chúrsaí inimirce, na comhairleoirí Séamus Walsh (Conamara Thuaidh) agus Noel Thomas (Conamara Theas) suíochán agus d’éirigh le Micheal Leainde as Ros an Mhíl an beart a dhéanamh i gConamara Theas. I Sciobairín in iarthar Chorcaí, mar a bhfuil an t-oileán Gaeltachta Cléire, fuair Daniel Sexton suíochán eile do Independent Ireland.
Ar na páirtithe eile a bhuaigh suíocháin i dtoghlimistéar ina bhfuil ceantair Ghaeltachta tá Aontú (Dún na nGall), 100% Redress (Na Gleannta), na Daonlathaithe Sóisialta (Cathair na Gaillimhe Thiar agus Sciobairín -Iarthar Chorcaí), Páirtí an Lucht Oibre (Cathair na Gaillimhe Thiar, Cathair na Gaillimhe Thoir, agus Dún Garbhán) agus Sinn Féin Poblachtach (Conamara Theas).
Tá roinnt toghlimistéar ann a bhfuil leadhbanna móra den Ghaeltacht iontu – leithéid Chonamara Theas a chuimsíonn Gaeltacht Chois Fharraige, Oileáin Árann, Ceantar na nOileán agus Conamara Theas – agus toghlimistéir eile ann nach bhfuil acu coirnéal beag díobh sa Ghaeltacht, dála Cheanannais i gcontae na Mí.
Tá toghlimistéir eile fós ann a bhfuil cuid den Ghaeltacht oifigiúil iontu ach ar ceantair iad atá thar a bheith lag ó thaobh na Gaeilge de – toghlimistéir chathair na Gaillimhe agus oirthear chontae na Gaillimhe, mar shampla, mar a bhfuil leithéidí Mhionlaigh, Eanach Dhúin, Bhaile Chláir na Gaillimhe agus Tír Oileáin.
Is fíorbheagán ban a toghadh chun na comhairlí sna toghlimistéir Ghaeltachta an babhta seo. As an 86 comhairleoir a toghadh níl ach 11 (13%) bean ina measc. Is beag bean a cuireadh chun cinn do na comhairlí contae agus cathrach. Murab ionann agus toghcháin na Dála níl aon cheangal dlí ar na páirtithe cuótaí inscne a chomhlíonadh.
Ba í an Comhairleoir Gobnait Moynihan (FF) as Gaeltacht Mhúscraí a bhí ag ceann an chomhairimh i Maigh Chromtha agus 2,794 vóta céadrogha aici. Toghadh Eileen Lynch (FG) chun Comhairle Contae Chorcaí sa toghlimistéar Gaeltachta céanna.
Toghadh ceathrar ban eile ó Fhine Gael i dtoghlimistéir atá réasúnta lag ó thaobh na Gaeilge de – Eileen Mannion i gConamara Thuaidh, Donna Sheridan i gCaisleán an Bharraigh, a chuimsíonn Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh agus Partraí, agus Clodagh Higgins i gCathair na Gaillimhe, a bheidh ina hionadaí don chuid den Ghaeltacht oifigiúil atá i gCnoc na Cathrach. Is í Sarah Reilly, a sheas i dtoghlimistéar Cheanannais, an bhean a dhéanfaidh ionadaíocht ar mhuintir Ráth Chairn.
Gaillimh
Dún na nGall
Ciarraí
Corcaigh
An Mhí
Port Láirge
Maigh Eo
Micheál Ó Dochartaigh
Tá cuid de thoghcheantar Shrath an Urláir freagrach don Ghaeltacht i nGleann Fhinne nach bhfuil san áireamh?
Dónal
Cá bhfuil na torthaí ón Daingean?