Diúscairt dramhaíola, pleanáil, an t-ardú ar chostas na rátaí, sráideanna nach nglantar sách minic. Dornán de na ceisteanna i dtoghcháin áitiúla, shílfeá. Bheadh dul amú ort áfach maidir leis an vótáil d’údaráis áitiúla Thuaisceart Éireann an mhí seo chugainn; is mó baint aige le Stormont agus an coibhneas idir Sinn Féin agus an DUP ná le dumpáil mhídhleathach nó giuirléidí a bhaineann le drugaí a bheith caite ar an tsráid.
Ní hé nach mbeidh gnáthchúraimí na gcomhairlí ag déanamh tinnis do vótóirí ach tá na príomhpháirtithe á ndíriú i dtreo eile. Tá feachtasaíocht faoi lán seoil ó dhún na hainmniúcháin Dé Luain don vótáil ar an 18 Bealtaine le 462 comhairleoirí a thoghadh ar 11 údarás áitiúil. Ní nach ionadh ba mhaith le gach páirtí a bheith i gceannas ar chomhairle nó a bheith sa chomhghuaillíocht a mbeidh an lion is mó suíochán acu.’Sí an iomaíocht idir an dá mhórpháirtí, an DUP agus Sinn Féin, is mó atá ag tarraingt airde, an choimhlint eatarthu chun a bheith ar thús cadhnaíochta in Stormont fite fuaite lena streachailt leis an gceann is fearr a fháil ar a chéile i mbliana freisin.
Sna toghcháin áitiúla ceithre bliana ó shin bhí an DUP sa chéad áit, 122 comhairleoir as an 462 acu, laghdú ocht suíochán le 24.1% de na vótaí ar an gcéad chomhaireamh. Bhí Sinn Féin gan athrú, le 105 comhairleoir, 23.2% de na vótaí, laghdú 0.9%. Ó chuaigh Sinn Féin chun tosaigh ar an DUP i dtoghchán Stormont anuraidh le 27 Teachta in aghaidh 25 tá fuinneamh breise san iomaíocht. Tá Mary Lou McDonald ag gríosú a lucht tacaíochta chun tosaíocht Shinn Féin a athdhearbhú agus foireann Jeffrey Donaldson san DUP ag tathant ar aontachtaithe an cor sin a sheachaint.
Ar mhaithe leis féin a bhíonn an cat ag crónán agus ó chuaigh an DUP chun tosaigh ar an UUP is minic a cheannairí ag gearán go bhfuil iomarca páirtithe aontachtaithe ann. Is laige an t-aontachas mar gheall ar scaipeadh nó stialladh na vótaí, dar leo. B’in é an port a bhí ag Gordon Lyons, iar-aire a luaitear mar ábhar ceannaire ar an DUP, atá ina stiúrthóir toghcháin don bhfeachtas reatha.
Táimid ag iarraidh ar dhaoine vótáil don DUP agus ina dhiaidh sin do pháirtithe aontachtacha eile, ar sé, ach bhí foláireamh aige don lucht leanúna faoin uimhir a haon a chur amú. Má thugann daoine a vóta chéad rogha do pháirtí nach bhfuil seans ar bith aige a bheith chun tosaigh ar Shinn Féin is ag cuidiú le Sinn Féin an toghchán a bhuachan a bheidh siad, a dúirt Lyons. Léirigh na torthaí ar thoghchán an Tionóil in Aontroim Thuaidh anuraidh an baol, dar leis.
Bhí ceithre shuíochán as na cúig cinn ag aontachtaithe roimh an toghchán, péire ag an DUP, ceann ag UUP agus ceann ag TUV. Bhí an suíochán eile ag Sinn Féin. Mhaígh Gordon Lyons gur caitheadh dóthain vótaí ar son aontachtaithe chun ceathrar Teachtaí a atoghadh ach de bharr an chaoi ar scaipeadh iad bhain Alliance suíochán agus chaill Mervyn Storey DUP. Chuidigh an titim sin ar líon suíochán an DUP le Sinn Féin a dhul chun tosaigh. Chuir Lyons fainic ar aontachtaithe go mbeadh Sinn Féin ag cothú guagachta agus deighilte, agus ag éileamh reifrinn faoin teorainn dá mbeidís chun tosaigh sna toghcháin áitiúla.
Is mithid a rá nach minic a bhaineann poblachtánaithe suíocháin den DUP go díreach. Is iad Alliance ar thaobh amháin agus an TUV ar an taobh eile an chontúirt. Bhí borradh mór faoi Alliance in 2019, mhéadaigh líon a gcuid comhairleoirí ó 32 go 53 agus lean an fás i dtoghchán an Tionóil anuraidh. Níor laghdaigh siad líon na gcomhairleoirí ag Sinn Féin; an geábh seo tá Sinn Féin oscailte faoina aidhm, an páirtí ar a dhícheall ag iarraidh an chraobh a bhaint, a bheith ar an bpáirtí is mó.
Tá lucht feachtais na bpoblachtánach i mbun oibre le míonna anuas, tamall maith roimh na páirtithe eile. Níl na hacmhainní ag na páirtithe beaga chun feachtasaíocht chomh cuimsitheach sin a dhéanamh. Seans go mbeidh na mionpháirtithe mar ‘dhamáiste comhthaobhach’ ag an gcoimhlint chumhachta idir an DUP agus Sinn Féin, daoine ag vótáil ar an gcúis sin thairis nithe eile.
Nuair a chuir na ceannairí Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill 162 iarrthóir in aithne an tseachtain seo bhí siad soiléir go dteastaíonn uathu a theacht i dtír ar fhrustrachas an phobail le baghcat an DUP ar Stormont. Teachtaireacht chuig an DUP go bhfuil sé thar am acu filleadh ar an obair atá riachtanach, a dúirt Michelle O’Neill – agus é soiléir go bhfuil súil ag Sinn Féin buntáiste a bhaint as seoladh na teachtaireachta sin chun a bheith caithréimeach arís.
Fág freagra ar 'Na toghcháin áitiúla – reifreann faoin DUP agus Stormont'