Na srianta go léir beagnach le scaoileadh tar éis dhá bhliain fhada

Ag cruinniú a bhí ag an Rialtas inniu, cinneadh go gcuirfí deireadh leis an scaradh sóisialta, na srianta in earnáil an fháilteachais agus formhór mór na srianta eile

Na srianta go léir beagnach le scaoileadh tar éis dhá bhliain fhada

Dhá bhliain fhada ó bhuail an phaindéim an bealach seo tá na srianta go léir beagnach le scaoileadh agus deireadh á chur leis an scaradh sóisialta.

Ag cruinniú a bhí ag an Rialtas inniu, cinneadh go bhféadfaí gnáthuaireanta oscailte earnáil an fháilteachais a cheadú arís agus nár ghá feasta an pas Covid a bheith agat chun dul isteach i mbialann nó i dteach ósta.

Ón lá amárach ní theastóidh an pas Covid uait níos mó ach amháin má tá tú ag dul thar lear.

An chomhairle faoin obair ná gur féidir le daoine filleadh ar an ionad oibre ón Luan seo chugainn ar aghaidh.

Ní scaoilfear na srianta ar fad d’aon iarraidh amháin ach ón lá amárach ar aghaidh beidh cead ag tithe ósta agus bialanna filleadh ar a ngnáthuaireanta.

Beidh cead oscailte chomh maith ag clubanna oíche.

Tá deireadh á chur chomh maith leis na srianta ar chuartaíocht i dtithe a chéile.

Faoin bplean nua, féadfaidh an lucht féachana ar fad a bhfuil spás dóibh filleadh ar imeachtaí spóirt agus ócáidí eile bíodh sin amuigh faoin aer nó taobh istigh ón deireadh seachtaine seo.

Ón tseachtain seo chugainn táthar ag súil go mbeidh cead ag oibrithe filleadh ar a gcuid oifigí de réir a chéile as seo go deireadh mhí Feabhra.

Tá sé i gceist leanúint leis an Scéim Fóirdheontais Shealadaigh Fostaíochta go ceann tamaill eile le deis a thabhairt d’fhostóirí a ngnó a chur ar a chosa arís agus é a thabhairt ar ais go dtí an leibhéal trádála a bhíodh ann roimh na srianta.

Tiocfaidh deireadh leis na srianta ar an líon lucht féachana i bpictiúrlanna, in amharclann agus in ionaid siamsaíochta eile chomh maith.

Sa litir a sheol an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan chuig an Aire Sláinte, Stephen Donnelly, dúradh go gcaithfí cloí i gcónaí le bearta sláinte phoiblí amhail mascanna, vacsaíniú agus féinaonrú má bhíonn aon chomharthaí sóirt an ghalair ort, ach nár dhóigh le NPHET go raibh bearta go leor eile riachtanach feasta. “Creideann NPHET nach bhfuil aon bhunús sláinte phoiblí feasta le formhór na mbearta sláinte phoiblí atá i bhfeidhm faoi láthair,” a dúirt sé sa litir.

Dúirt an Dr Holohan go léiríonn an fhianaise ar fad atá ar fáil faoin Omicron “go bhféadfaí athrú bunúsach a dhéanamh ar an gcaoi a ndéantar Covid-19 a bhainistiú”.

Go ceann tamaill beidh mascanna riachtanach i siopaí agus ar an gcóras iompar poiblí agus beidh siad á gcaitheamh ag leanaí ar scoil.

Bhí an Rialtas ar a mhíle dícheall a mheabhrú do dhaoine nach raibh an phaindéim thart fós fiú má bhí srianta á maolú. An t-athrú mór ar scéal na paindéime, dar leo, go bhfuil formhór an phobail vacsaínithe, go bhfuil an cineál Omicron den víreas níos cineálta agus go bhfuil imdhíonacht nádúrtha ag a lán daoine faoin tráth seo.

Bhí fainic ag an Rialtas freisin agus mheabhraigh dúinn gur tháinig an víreas seo aniar aduaidh ar na saineolaithe go minic cheana agus nach bhféadfaí talamh slán a dhéanamh de nach dtiocfadh ráigeanna is cineálacha eile den víreas inár dtreo.

Bhí laghdú beag arís inniu ar líon na n-othar Covid-19 a bhí sna hospidéil, 892 duine a raibh an galar orthu sna hospidéil inniu. Bhí 88 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná inné.

Fág freagra ar 'Na srianta go léir beagnach le scaoileadh tar éis dhá bhliain fhada'