Na Rolling Stones nó na Beatles? Bhíos i gcampa ‘Jimín, Mo Mhíle Stór’…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, leabhar faoi The Rolling Stones agus ceann faoi aghaidh an duine

Na Rolling Stones nó na Beatles? Bhíos i gcampa ‘Jimín, Mo Mhíle Stór’…

Ar fán i gcónaí…

Nuair a bhíos-sa im’ gharsún, dhá champa a bhí ann. Bhís i gcampa na Rolling Stones nó i gcampa na mBeatles. Is fearr a thaitin na Beatles liomsa.

Chun na fírinne a rá leat, níor chuala mé trácht ar cheachtar den dá ghrúpa go dtí gur chaitheas tamall i gcoláiste samhraidh. Bhíos níos Gaelaí ná na Gaeil féin an uair úd (nó díreach ábhairín ait) agus bhínn ag fógairt os ard nach raibh amhrán ar bith ag na Stones ná ag na Beatles a bhí inchurtha le Jimín, Mo Mhíle Stór.

Ar aon nós, cosnóidh an leabhar nua ó Taschen 60 punt ort in airgead an Rí, má tá sé uait.

An aghaidh mar léarscáil ar an duine

 Le Spleen d’Ulysse le Nikos Aliagas

Éditions de La Martinière, 2023
Réamhrá le Blanche de Richemont.
Toisí: 190 x 255mm
160 lch
ISBN: 9791040115694
Luach: €32
www.editionsdelamartiniere.fr

Tá aghaidh mar sin feicthe againn go léir. Ní díreach mar sin. Na súile céanna, beagnach. An tsrón chéanna, beagnach. Na roic. Agus is dóigh linn go n-insíonn an dreach sin scéal éigin dúinn, gur saghas léarscáil atá san aghaidh. Uaireanta bíonn an ceart againn. Uaireanta eile, ní bhíonn.

Ní dea-bhéas é stánadh ar dhuine. An buntáiste a bhaineann le grianghraf, áfach, ná go gceadaítear dúinn – moltar dúinn – stánadh air agus lán na súl a bhaint as.

 

Fág freagra ar 'Na Rolling Stones nó na Beatles? Bhíos i gcampa ‘Jimín, Mo Mhíle Stór’…'