Na Muimhnigh an rogha, iad sa mbaile agus iad ag imirt tharr barr

Tá na Cúigí ag dul chun páirce arís sa gcomórtas idir-chlubanna is fearr agus is luachmhaire sa limistéar seo

Na Muimhnigh an rogha, iad sa mbaile agus iad ag imirt tharr barr

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Níl mise cinnte an maith nó dona mar réiteach do Bhabhta a Trí de Chorn na gCuradh é an scíth a fuair beagnach chuile imreoir a d’imir i gcomórtas idirnáisiúnta an Fhómhair an deireadh seachtaine seo caite.

Cinnte, bhí gá le scíth i gcás cúpla imreoir ar nós Rory Best, Tadhg Furlong, Devin Toner, Jamie Heaslip agus Conor Murray, fir a d’imir i dtrí cinn de na ceithre chluiche sa gcomórtas.

Ach an deireadh seachtaine seo, tá orthu siúd ar fad agus chuile imreoir idirnáisiúnta eile dul chun páirce sa gcomórtas idir-chlubanna is fearr agus is luachmhaire sa limistéar seo. Níl aon bhaol nach mbeidh na himreoirí seo sách aclaí don chluiche, is cinnte go mbeidh, ach cén chaoi a shocróidh imreoirí nár imir lena gclub le beagnach cúig seachtaine ar ais lena gcuid foirne?

Feicfidh muid linn.

Is iad na Laighnigh an chéad fhoireann ón tír seo a bheas ag dul chun páirce  dul sall go Sasana le tabhairt faoi Northampton tráthnóna.

Is ionann an dá fhoireann seo maidir le líon cluichí buaite agus caillte i mBabhta a hAon agus a Dó de chomórtas na bliana seo. Ní raibh ag an dá fhoireann ach bua amháin an taobh as dhá chluiche. Mar sin féin is iad na Laighnigh atá ar bharr thábla Ghrúpa 4 mar gur éirigh leo dhá phointe bónais a aimsiú.

Sa dara háit ar thábla an Pro 12 atá na Laighnigh ach is san

ochtú háit ar thábla na Príomhroinne atá Northampton faoi láthair.

Níl aon dabht ach gur buntáiste ar leith do aon fhoireann a bheith sa mbaile don chomórtas seo ach níl mise cinnte an leor é seo do na “Saints” fiú muna bhfuil Johnny Sexton ar fáil do na Laighnigh.

Beidh sárchoimhlint sa gcluiche seo ach tá mise ag tuar go mbeidh an lá, más ar éigean é, le fir Átha Cliath.

Beidh buntáiste an bhaile ag na hUltaigh ar an Satharn ach is ansin a stopann aon ádh atá leo.

Clermont atá ar bharr thábla Top 14 na Fraince agus foireann a bhuaigh an dá chluiche a d’imir siad i gCorn na gCuradh go dtí seo. Níor éirigh leis na hUltaigh ach cluiche amháin as péire a bhuachtáil, rud a fhágann sa tríú háit as ceithre fhoireann i nGrúpa 5 iad faoi láthair. Creid uaim é, éacht a bheas ann má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar Clermont an deireadh seachtaine seo.

Sa mbaile freisin a bheas na Muimhnigh ar an Satharn i gcoinne Leicester Shasana.

Cuimhnigh nár imir na Muimhnigh ach cluiche amháin sa gcomórtas go dtí seo de bharr bhás Axel Foley. Bhí bua mór acu ar Ghlaschú sa gcluiche a d’imir siad. D’imir Leicester faoi dhó ach níor éirigh leo ach bua amháin a aimsiú.

Seans gurb iad na Muimhnigh an rogha don chluiche seo, iad sa mbaile agus iad ag imirt tharr barr ar fad le cúpla seachtain anuas. Mar sin féin ní mór dóibh a bheith cúramach agus iad i gcoinne na foirne atá sa cheathrú háit ar thábla na Príomhroinne faoi láthair.

I Londain i gcoinne Wasps a bheas na Connachtaigh an Domhnach seo.  

Cúige Chonnacht atá ar bharr thábla Ghrúpa 2 faoi láthair, le dhá bhua as dhá chluiche acu. Bhí bua ag na Wasps i gcluiche amháin agus bhí siad cothrom sa gceann eile a d’imir siad sa gcomórtas go dtí seo.

Ní féidir an dúshlán ollmhór atá roimh fhir an Iarthair an deireadh seachtaine seo a cheilt. Sa tríú háit ar thábla na

Príomhroinne atá Wasps faoi láthair agus is léir freisin go bhfuil fios maith acu cé chomh deacair a bheas sé acu na Connachtaigh a shárú ar an mBóthar Beag faoi cheann seachtaine.

Bua do na Wasps an Domhnach seo, déarfainn, ach beidh na Connachtaigh sásta má éiríonn leo pointe bónais cailliúna a aimsiú.

Fág freagra ar 'Na Muimhnigh an rogha, iad sa mbaile agus iad ag imirt tharr barr'