Ná ligimis don eite fhíordheis arm frith-inimirce a dhéanamh den Ghaeilge sa Ghaeltacht

Mo thrua duine ar bith a chreideann gur teifigh a chuirfidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobail sa nGaeltacht

Ná ligimis don eite fhíordheis arm frith-inimirce a dhéanamh den Ghaeilge sa Ghaeltacht

Chuir an méid a tharla ar an gCeathrú Rua an oíche cheana déistin orm. Ní hamháin go raibh meon gránna frith-inimirce tagtha chomh fada le Gaeltacht Chonamara, ach bhí an Ghaeilge féin á húsáid mar leithscéal agus imní á cothú faoi dhán na teanga sa nGaeltacht.

Ar an láthair ag cruinniú agus agóid ar an gCeathrú Rua, bhí ceannaire Chumann na Saoirse Hermann Kelly, giolla Nigel Farage tráth dá raibh, agus iarrthóir do thoghcheantar Lár Tíre– an Iarthuaiscirt. Labhair Kelly go binn blasta i mBéarla an Rí faoin tionchar a bheadh ar an nGaeilge sa nGaeltacht ag teifigh agus iarratasóirí cosanta idirnáisiúnta.

Luaitear an Irish language dhá bhabhta i bhforógra a pháirtí (cáipéis atá ar fáil i mBéarla amháin). Deirtear i mbrollach na cáipéise go bhfuil Cumann na Saoirse bródúil as an teanga agus deirtear in alt faoi chúrsaí inimirce agus saoránachta gur chóir go mbeadh ar iarrthóirí ar shaoránacht Éireannach scrúdú “bunúsach” Gaeilge a dhéanamh. Meas tú cén chaoi a n-éireodh le hiarrthóirí toghcháin Chumann na Saoirse ina leithéid de scrúdú?

Níl an t-alt seo á scríobh agam le páirtí amháin a cháineadh thar pháirtí ar bith eile – tá na páirtithe uilig sách lag maidir le polasaithe Gaeltachta agus teanga – ach tharraing Kelly aird ar leith air féin nuair a thosaigh sé ag pápaireacht ar an gCeathrú Rua.

Mo thrua duine ar bith a d’éist agus a chreid é gur teifigh a chuirfidh deireadh leis an nGaeilge mar theanga phobail sa nGaeltacht. Ba iad na Sasanaigh a thosaigh an obair sin na céadta blianta ó shin agus is iad na hÉireannaigh féin a ghlac le lóchrann an Bhéarla ina ndiaidh.

Ceannairí pobail, daoine a bhfuil cumhacht acu agus a bhfuil meas ag an bpobal orthu, a stiúrann dán na teanga ní daoine atá ag bun an dréimire sóisialta. B’amhlaidh an scéal riamh anall. Fuair an Béarla greim sa tír seo leis an lámh láidir ar dtús agus ansin mar gheall gurbh é an Béarla ‘teanga na cúirte’ agus teanga an tsaoil oifigiúil. Ag an mBéarla a bhí an chumhacht.

Bhí mé ar an traein an tseachtain seo agus bhí ceathrar leaids óga Gaeltachta ag Béarlóireacht le chéile le mo thaobh (rud a chuirfeadh lagmhisneach ar dhuine ar bith ar spéis leis cás na Gaeltachta). Bhí aithne agam ar dhuine acu mar gheall gur oibrigh sé liom fadó agus focal Béarla níor labhair sé liom ar an traein. Nuair a tháinig a chara isteach sa chomhrá ag Béarlóireacht, dúirt an leaid a raibh aithne agamsa air Gaeilge a labhairt liomsa cé gur Béarla a bhí eatarthu féin – bhí meas aige orm agus ar an teanga a labhraíonn muid le chéile.

Más maith linn an Ghaeltacht a chaomhnú is ag brath ar na ceannairí pobail sin a bheidh muid. Is iad na múinteoirí agus na príomhoidí a chinntíonn láidreacht na Gaeilge sna scoileanna Gaeltachta, is iad na traenálaithe agus bainisteoirí a chinntíonn láidreacht na Gaeilge sna cumainn spóirt, is iad na siopadóirí agus lucht gnó a chinntíonn láidreacht na Gaeilge sna siopaí, caiféanna agus bialanna, agus is iad na polaiteoirí a thoghann muide an pobal a chinntíonn láidreacht na Gaeilge mar theanga oifigiúil i mórán chuile áit eile sa nGaeltacht.

Ní hé an teaghlach bocht teifeach a thiontóidh teanga na Gaeltachta ó Ghaeilge go Béarla (níl Béarla go rómhaith ag cuid acu) ach na dochtúirí nach labhróidh an Ghaeilge lena n-othair, na traenálaithe peile a reáchtálann seisiúin i mBéarla, na húinéirí caifé nach gcuirfidh biachlár ar fáil i nGaeilge ná nach bhfostóidh baristi le Gaeilge. Samplaí iad seo uilig a dtáinig mé féin orthu sa nGaeltacht.

Má bhíonn na ceannairí pobail, agus an pobal féin, diongbháilte faoi cheist na teanga sa nGaeltacht tuigfidh cibé duine a aistreoidh isteach ann gur fiú agus gur gá an teanga a fhoghlaim le páirt iomlán a ghlacadh sa bpobal.

Is soir ar an mBreatain a chaitheann go leor de lucht na heite fíordheise a súil sa tír seo. Is ag ápaíl leithéidí Britain First, the English Defence League, agus an British National Party a bhíonn siad agus leithéidí Tommy Robinson, Nigel Farage, agus Paul Godling ina ndéithe beaga acu. Is cuma leo an ann nó as don Ghaeilge ná don Ghaeltacht dáiríre ach tá siad breá sásta í a úsáid má cheapann siad go meallfaidh a gcás vótaí dóibh.

Fág freagra ar 'Ná ligimis don eite fhíordheis arm frith-inimirce a dhéanamh den Ghaeilge sa Ghaeltacht'

  • MícheálÓC

    Ráite agat Mhaitiú mar is ceart. Is iad na ceannairí pobail go mba chóir a bheith ag tabhairt an dea-shampla. Cén seans atá ag daoine óga i scoil Ghaeltachta nuair gur i mBéarla a labhraíonn an Príomhoide, Leas-phríomhoide agus múinteoirí leo? Ba chóir go mbeadh impleachtaí ann dóibh!

  • Gabriel Rosenstock

    Cic sa tóin don eite dheas!

  • Éamonn Mac Niallais

    Ceart ar fad agat, a Mhaitiú agus maith thú as é sin a rá. Bhí se mar i gcéanna anseo i nGaoth Dobhair, an dream céanna ag úsáid an Ghaeilge mar bhata in aghaidh na himircigh agus gan iad féin ag labhairt focal agus ag cur suas postaer agus postalacha ar na meáin shóisialta go hiomlán i mBéarla. Náireach!

  • Jackie Mac Donncha

    Pìosa an- mhaith a Mhaitiù.
    Tá muid ag brath an iomarca ar an rialtas le beagnach céad bliain. Nì dhearna aon rialtas a bhì i gcumhacht go dtì seo faic na ngrást. Chuile iarrthòir anois ag moladh agus ag gealladh, dèanfaidh siad cat is dhá dhrioball.
    Tá súil agam nach bhfuil aon duine chomh dímheabhrach is go gcreidfidh siad na bréaga.

  • Bríd

    Cén difríocht atá ann idir cainteoir Béarla ó Bhaile Átha Cliath a chuireanns faoi sa nGaeltacht agus duine ó Syria nó tír eile maidir leis an éifeacht a bhfaighidh siad ar úsáid na Gaeilge? Níl aon difríocht, Béarla a labhróidh siad agus beidh siad ag cur le líon cainteoirí Béarla sa nGaeltacht agus ag cuideamh le hathrú teanga sa nGaeltacht a spreagadh. Tugim go bhfuil daoine ag iarraidh tacaíocht a thabhairt do theifigh agus molaim sin ach caithfidh muid tuiscint go bhfaighidh siad droch-éifeacht ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht.