Ba dheacair dom codailt oíche an 9 Meitheamh, agus ní fhéadfadh an mhaidin dár gcionn teacht tapaidh a dóthain in aon chor go gcuirfinn an Daingean soir díom. Gan amhras ar chothrom an lae, an 9ú lá, Lá Cholm Cille seacht mbliana roimis sin sea chailleamar ár gcara Danny Sheehy agus óir go raibh fhios agam dá mairfeadh sé, gur lem chois a bheadh sé, is thug san misneach thar cuimse dhom.
Léimeas amach sa diabhal aisti ar a sé ar maidin agus sula bhfágas thógas pictiúr dom gharraí prátaí is cabáiste, is ar a seacht a chlog maidin Dé Luain thugas mo chúl do Bhaile na bPoc is tá m’aghaidh soir ar an Áise ó shin.
Dún Laoghaire Bhleá Cliath mo cheann scríbe an lá san mar a mbuaileas le Paddy Barry is a bhean Mary agus a gclann. Bhuaileas le Mike Alexander is a mhac Mark chomh maith atá sa tarna Jimny agus tar éis cóisir aoibhinn a bhí eagraithe aige Mary is a clann dúinn an oíche sin, an mhaidin dár gcionn scaoileamar fén mbád a thug go Hollyhead sinn, ar a 6 a chlog an 11ú lá de Mheitheamh.
Seo linn tríd an mBreatain Bheag go Tenterden, i Kent Shasana, mar a mbuaileamar le Tim Luffingham agus Gus Warner atá i Ford B MAX. Ar ár slí stad Paddy is mé fhéin i gClub i Dartford, Londain, mar a raibh Tim Edey ag seimint is sheimeas-sa ina theannta ar feadh tamaillín. Tháinig Paddy ar stáitse is dúirt sé fhéin dhá amhrán is a chonách san air. Bhí cóisir eagraithe ag Tim is a bhean Clare dúinn an oíche dár gcionn ina ‘nEnglish Country Garden’ le suas le daichead dá gcairde fhéin i láthair. Bhí flúirse bídh is dí againn agus tháinig Tim Edey chomh fada linn leis mar rugadh is tógadh é fhéin timpeall uair an chloig ó bhaile agus seinneadh ceol is dúradh amhráin! Ní rabhamar déanach mar chaitheamar an tollán a fháil an mhaidin ina dhiaidh agus shroiseamar Calais na Fraince ar a 10 a chlog maidin Dé hAoine an 14 Meitheamh. Deich mbliana ó shin an mhí chéanna is ag rámhaíocht a bhíomar le Paddy sa luamh Ar Seachrán mar bhád cúnta ag trasnú Mhuir nIocht. Anois bhí sé ina iomramh fá thoinn againn! Is ait an mac an saol.
Táimid ó shin ag gluaiseacht de shíor. Ghabhamar tríd an Eoraip chomh tapaidh in Éirinn is d’fhéadamar mar ar mhórbhealaí is beag rud suimiúil atá ann gur féidir trácht air. Campáil ar fad atá Paddy is mé fhéin a dhéanamh ó shin ach is in óstáin is mó atá an chuid eile acu. Is mó seans atá agat ar bhualadh leis na gnáthdhaoine ag campáil ná mar atá sna hóstáin agus gan amhras bíonn an champáil i bhfad níos saoire agus le haimsir bhreá na haon lá, canathaobh ná déanfaimíst.
Bhí an Bhulgáir go haoibhinn le daoine dá réir ann, iad fáilteach flaithiúil. Champálamar in Batak is bhí sé go haoibhinn.
Ach a mbaineamar an Tuirc amach bhí an breosla peitril titithe go €1.20 an lítear. Feirmeacha móra, machairí a bhí chomh mór le paróistí aige baile ab ea na páirceanna. Bhaineas ana-shásamh ar fad ag campáil in aice na Mara Duibhe, an t-uisce ana-bhog. Ach bheifeá brónach ag cuimhneamh ar na buamaí is an scrios ar an dtaobh eile don dtuile san Úcráin.
Na feirmeacha san oirthear níos lú mar a maireann na Coirdínigh. De réir dealraimh bhí a dtír fhéin acu go dtí gur roinn Sasana iad ar na tíortha máguaird tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda agus tá suaitheadh san áit ó shin. Fág fén Sasanach é – ‘Divide and conquer’.
Ar an tslí go Dogubayzit thiomáineamar thar Chnoc Ararat atá i dtaobh le cúig n-uaire níos airde ná Cnoc Bréanainn agus thugamar turas ar chnoc in aice leis go bhfuil rian fós a deirtear ar an áit gur thriomaigh Áirc Noah ann.
Tá an taisteal ar fad ana-thuirsiúil ach toisc go bhfuil ár gceann scríbe chomh fada ó bhaile, sé an turas an taisteal, éirithe ar a 6am ar maidin, bualadh bóthair i dtaobh lena 7.00am, sinn ag athrú tiománaithe na haon dhá uair an chloig, blúiríocha bídh ar thaobh an bhóthair, ag líonadh do bhreosla na haon lá, baint amach campa, sa tent ar a 9.00pm agus ansin, má éiríonn linn, codailt, agus an rud céanna aríst an mhaidin atá chugainn.
Munar orm fhéin atá sé ach is in áilleacht atá na radharcanna ag dul mar a théimid soir. An chéad chéim eile anois ná an Iaráin…chífeam!
An laethanta saoire é seo? N’fheadar. Cad déarfá fhéin?
Kerry Blue
Tiomáint, traochadh, tarrac tríd & truailliú.
Caith uaim!
Síle agus Pádraig
Go n-éirí bhur mbóthar libh! Nár laga Dia sibh!
JP
Slán abhaile go dtaga sibh go léir ach ní thuigim an cuspóir atá leis an bhfánaíocht seo.
Aistear nó neamhaistear?