Tá níos mó i gceist le mo churach tíre ná bríste Lycra agus caitheamh aimsire

Airím mé féin, go fóill pé scéal é, i ngrúpa eile rothaithe seachas an treibh sin ar a dtugtar na fir mheánaosta i Lycra…

Tá níos mó i gceist le mo churach tíre ná bríste Lycra agus caitheamh aimsire

Pic: Leon Farrell/Rollingnews.ie.

Tá mé ag rothaíocht chomh fada sin nach cuimhneach liom an scil a fhoghlaim. Ní raibh an fháil chéanna ar na ‘rothair chothromaíochta’ is atá anois nuair a bhí mé i mo bhuachaill beag, mar sin ba é an trírothach beag dearg ó Fisher-Price an chéad árthach a bhí agam – cé nach cuimhneach liom é a fháil.

Is maith is cuimhneach liom an Townsend bán a fuair mé do mo bhreithlá cúpla bliain ina dhiaidh sin agus na giuirléidí Batman uilig a tháinig leis. Ceithre roth a bhí ar an gceann sin – an dá chobhsaitheoir ar chúl – ach níorbh fhada gur baineadh de iad sin agus avae liom i mo rothaí ceart.

Tá an cúlra seo á thabhairt agam mar airím mé féin i ngrúpa eile rothaithe seachas an treibh sin ar a dtugtar na MAMILs – fir mheánaosta i Lycra (Middle-Aged Men In Lycra). Rothaí dúchais mé, a tógadh leis an gcreideamh agus a bhfuil níos mó i gceist le mo churach tíre ná caitheamh aimsire, uirlis rásaíochta, ná bealach le n-éalú ón saol.

Ach an oiread leis an Tríú Póilín, is cuid díom mo rothar agus is cuid dise mé féin. Ní rud fisiciúil ná buan í mo rothar, ach sprid a aistríonn ó shoitheach go soitheach de réir mar a roghnaíonn mo thóin iad.

Is í mo rothar an Merida a thug go Santiago dhá mhí ó shin mé, agus is í mo rothar an Speeder a thug timpeall Mhór-Chuaird Chiarraí in 2022 mé, agus go deimhin is í mo rothar cibé cén BleeperBike a roghnaím agus mé ar cuairt go Baile Átha Cliath (tugaigí go Gaillimh iad, a Chomhairle Cathrach na Gaillimhe!).

Ár gcolúnaí ina rothaí óg

Mar rothaí dúchais, is le teann magaidh a bhreathnaínn ar an nouveau-cycliste ina léatar Lycra, bróga rothaíochta, clogad aeraidinimice, spéacláirí rothaíochta, agus brístín stuáilte. Duine a tháinig chun na rothaíochta agus é ina chuid fichidí – nó i bhfad níos deireanaí ná sin go minic – agus a théann amach ag an deireadh seachtaine ar a rothar €5,000 le coróin éigin ar Strava a ghnóthú.

B’in é mo mheon nuair a chláraigh mé ag deireadh na bliana seo caite don dúshlán rothaíochta is deacra in Éirinn – 200 Chill Mhantáin (The Wicklow 200). Turas, ní rása, a thugann an rothaí 200 ciliméadar timpeall Shléibhte Chill Mhantáin agus ardú os cionn 3,000m ann. Bhí turais mhóra rothaíochta déanta cheana agam ach ba é seo an dúshlán is mó riamh.

Agus tuairim is 130km curtha díom agam agus muid ag ardú cnoc eile, bhéic duine de na rothaithe eile orm le teann iontais “a Chríost na bhFlaitheas, a bhuachaill, cluasa maola agus bróga reatha! Fair plé duit!”. Ag tagairt do chluasa díreacha an rothair agus mo ghnáthbhróga reatha a bhí sé, agus ba ansin a thuig mé gur mé an t-aon duine nach raibh cluasa an reithe ar mo rothar agus nach raibh bróga rothaíochta ar mo chosa.

Chríochnaigh mé an dúshlán amach agus tá an bonn crochta go bródúil ar mo bhalla ach bhí mé ar dhuine de na daoine deireanacha a tháinig isteach go páirc imeartha Emmet Bhré an tráthnóna sin.

Tuairim is seachtain ina dhiaidh sin, chuaigh mé ag breathnú ar Hard Miles sa bpictiúrlann, scannán álainn faoi thuras rothaíochta trasna na Stát Aontaithe. Scéal faoi mhúinteoir i scoil do bhuachaillí atá ag streachailt sa saol a thugann ceathrar dá chúram ar thuras dá leithéid den chéad uair.

A fhad is a bhí sé ag míniú prionsabail na mbróg, an Lycra, agus an clogad aeraidinimice do na leaids óga ar an mbealach go dtí an Cainneon Mór bhí mé féin ag foghlaim go leor uaidh.

Agus mé ag corraíl ar chathaoir bhreá chompordach Omniplex Bhóthar na Trá ar mo thóinín tinn a chuir 200km di cúpla lá roimhe, thosaigh mé ag smaoineamh go mb’fhéidir go raibh sé in am géilleadh do na mamaigh agus don mheánaois agus brístín beag stuáilte agus bróga nua a ordú.

Fág freagra ar 'Tá níos mó i gceist le mo churach tíre ná bríste Lycra agus caitheamh aimsire'