An deireadh seachtaine seo i bPáirc a’ Chrócaigh, dála fíréin Liatroma tríocha bliain ó shin, beidh duine áirithe sa bhreis ag féachaint anuas ó fhrathacha na firmiminte. An uair seo, áfach, níl sé i gceist go mbeadh leithéid chontae Liatroma san iomaíocht, óir ní ceadmhach ná ní hacmhainn i gcluiche an lae inniu don íochtarán a bheith ag ráthaíocht leis an uachtarán.
As na hocht gcinn d’fhoirne a chífear inniu is amáireach, ní bheidh ag imirt i Roinn 2 na sraithe an bhliain seo chughainn ach contae Lú. Bhí sé ráite ar feadh fiche bliain go dtí go mbréagnaíodh anuraidh é, ná féadfaí craobh na hÉireann a bhuachtaint amach as Roinn 2. Tá gaisce déanta cheana ag imreoirí Ger Brennan agus iad ag baint na mbabhtaí ceathrú ceannais amach den gcéad uair riamh. An bhféadfadh gur cor eile ina stair atá i ndán dóibh Dé Domhnaigh? An bhfuil an iomarca measa againne agus acu féin ar fhoirne chúige Uladh? An bhféadfadh tánaiste Laighean treascairt a bhaint as curadh Uladh? Cuirimis as ár gceann anois díreach é mar is é seo an deireadh seachtaine go múchtar aislingí agus go dtagann deireadh le rómánsaíocht. Is deacair giorria a chur as an dtor nach mbíonn sé agus fágaimis siúd mar atá sé.
Is iad Ard Mhacha agus Ros Comáin a chuirfidh tús le himirt an deireadh seachtaine agus má deintear neamhní den dteacht aniar a dhein Ard Mhacha coicíos ó shin, teacht aniar a raibh dhá bhotún ó dhá chic amach ag an nGaillimh mar bhonn leis, cá dtaibhsítear dúinn go bhfuil na laigí in imirt Ros Comáin a mbainfeadh Ard Mhacha adhmad astu? Bunaithe ar fhianaise na seachtaine seo caite, b’fhéidir go bhfuil cuid de chosantóirí Ros Comáin ábhar liobarnach sa teagmháil a dheineann siad le tosaithe beaga. Ní shin iad an sórt tosaithe atá ag Ard Mhacha, áfach agus an chuma air i gcónaí gur leasc le leithéidí Rian O’Neill, Andrew Murnin agus Conor Turbitt iad féin a chaitheamh chun talún chun ciceanna saora a ghnóthú mar a dheineann tosaithe eile. Scaoilfidh an réiteoir Martin McNally leis an áirithe sin stiallála agus oirfidh san leis do Ros Comáin. Bhí ar bhuaiteoirí uile na seachtaine seo caite luí amach orthu féin sa chomhrac agus ar an mbonn sin, agus air sin amháin, ba cheart go mbuafadh Ard Mhacha.
Díol fiosrachta dúinn go léir a bhíonn ag faire ar na rudaí seo, conas a raghaidh an Ghaillimh i ngleic le Brian Fenton agus Con O’Callaghan sa dara cluiche tráthnóna. Is beag seans atáim ag tabhairt don nGaillimh sa choimhlint seo ach bead ag faire le spéis ar an tslí a chuirfidh an Fiannachtach is an Ceallachánach chun oibre coicíos tar éis dóibh a bheith ciúnaithe (ní ceansaithe) in aghaidh Mhaigh Eo. Beidh rud le foghlaim ag an nGaillimh as cur chuige Donncha McHugh agus David McBrien i bPáirc de hÍde coicíos ó shin. An bhfuil a mhacasamhail de sheift ag Pádraic Joyce? An bhfuil na cártaí aige le himirt agus na cearrbhaigh chun imeartha? Cad fé John Maher a chur ar Fenton? An ndéanfadh sé an cúram i bPáirc a’ Chrócaigh? Cad fé Ghearaltach Bhearna ar O’Callaghan? Le fairsinge agus fód bearrtha Pháirc an Chrócaigh, beidh sé níos deacra ar chóras cosanta na Gaillimhe spás agus aga a cheilt ar O’Callaghan. Nílimid tosnaithe fós ag caint ar Chormac Costello, fear atá ag ardach an bhioráin go dtí leibhéal eile i mbliana. Tá an iomarca ceisteanna fén nGaillimh agus an iomarca roghanna ag Áth Cliath chun aon ní eile ach bua a shamhlú don gcuradh.
N’fheadar an bhfuil an baol ann agus aird á díriú feadh na seachtaine ar theip Chorcaí in Inis Caoin Dé Domhnaigh seo caite, go ndéanfaí faillí ar chumas chontae Lú? Ní dóigh liom gurb é an sórt Jim McGuinness ná beadh a chuid staidéir déanta aige ar thréithe a chéile comhraic ach fós féin, toisc nach n-aimsíodar ach 1-9 an lá deireanach agus toisc nár tháinig ach 1-5 de sin ón imirt, b’fhuraist géilleadh don dtuairim go bhfuil an Lú maol go maith chun tosaigh. Bheadh dul amú ar dhuine dá mbeifí ag iarraidh cosán a rianadh idir bua Chorcaí ar Dhún na nGall agus a dteip in aghaidh an Lú ach níl léamh ceart fachta go fóill againn ar canathaobh go ngéill Dún na nGall na trí bháide sin i bPáirc Uí Rinn. B’fhéidir gur tuirse agus tnáitheadh ba bhun le cuid mhaith de agus b’fhéidir, le buntáiste an tsosa, go mbeidh Dún na nGall féin bioraithe agus bisithe agus deinim amach gur leo a bheidh an lá.

Thar aon fhoireann eile sa chraobh, tá Ciarraí ag sleamhnú leo go slim, ciúin tríd an gcomórtas agus gan aon scréip rómhór beirthe go nuige seo orthu. Is iad an t-aon fhoireann amháin sa chraobh iad le 100% dá gcluichí buaite acu agus cé ná fuil aon amhras ná gur acu a bhí an bealach is saoráidí go deireadh an Mheithimh, tá imní i bpóirsí áirithe gur mó de bhac ná de thairbhe é seo. Ní féidir é a bheith ina ghruth is ina mheadhg ag Ciarraí ná ag Jack O’Connor. Má ghlacann siad leis gurb é an bealach is ansa leo chun na craoibhe i gceart ná gach cluiche a imirt coicíos ar choicíos mar atá déanta acu, caithfidh an té is seanchríonna acu géilleadh don dtuairimíocht go gcaithfidh go mbeadh Doire tugtha traochta. B’fhéidir go mbréagnódh imirt an lae amáirigh mé ach caithfidh Ciarraí an ghoilliúnacht a aimsiú i mboilg Dhoire luath nó mall. Má thugann siad aon léas dóchais nó má nochtann siad aon taise leis an namhaid, beidh siad súite isteach i gcomhrac ná fuil aon ghnó acu ann.
Braitear coitianta sa chontae gurb eo an Domhnach go músclóidh na deartháireacha Clifford iad féin i gceart. Ainneoin a ndíchill, is mairg dóibh siúd a bheadh ag brath ar na cuite [cúnna], Brian Ó Beaglaoich agus Tom O’Sullivan, chun ualach na scórála a thógaint orthu féin gach aon lá a chuireann siad chun páirce. Titfidh port na habhann ansan lá éigin. Tá 0-17 aimsithe sa chraobh eatarthu ag beirt Chorca Dhuibhne i mbliana agus deinim amach go mb’fhearr le scata de lucht leanúna Chiarraí go mbeadh na cúilíní ag teacht ós na tosaithe. Le Conor McCluskey, Chrissy McKaigue agus Gareth McKinless ag leagadh súile ribe ins na haon phóirse laistiar de lár a’ ghoirt, b’fhéidir gur fearr na cuite a bhíonn sa tsiúl ná na cuite a bhíonn sa lúb. Tar éis na stánála deich bpointe ar a gcuairt dheireanach a bhí acu ar Pháirc an Chrócaigh i ndeireadh mhí Feabhra is beag gearán a bheidh ag an lucht leanúna céanna más féidir le Ciarraí buachtaint ar ais nó ar éigean an uair seo.
Fág freagra ar 'Seo an deireadh seachtaine go múchtar aislingí agus go dtagann deireadh le rómánsaíocht'