Beidh na páipéir vótála is faide riamh i dtoghchán Eorpach in Éirinn á gcomhaireamh as seo go dtí lár na seachtaine seo chugainn, nó níos deireanaí b’fhéidir.
Bhí ainmneacha 27 iarrthóir ar an bpáipéar vótála a tugadh do vótálaithe i dtoghcheantar Lár Tíre – an Iarthuaiscirt, ina dtoghfar cúigear feisirí. Tá an páipéar 72 ceintiméadar nó 28 orlach ar fhad
Cé go bhfuil 300 duine i mbun oibre san ionad comhairimh i gCaisleán an Bharraigh i mbliana (caoga sa bhreis ar an bhfoireann a bhí i mbun comhairimh sa toghcheantar céanna in 2019) meastar nach gcríochnóidh an chéad chomhaireamh ar a luaithe go dtí déanach Dé Luain.
Dá mbeadh rialacha thoghchán Pharlaimint na hEorpa ar aon dul le rialacha an chomórtais amhránaíochta Eoraifíse, reáchtálfaí réamhbhabhtaí d’fhonn liosta iomaitheoirí a scagadh roimh an mbabhta ceannais.
Ar ndóigh tá comparáid dá leithéid áiféiseach. Ní féidir toghchán agus comórtas teilifíse a reáchtáil ar an dóigh chéanna. Mar sin féin dúisíonn an scéala go bhfuil 27 iarrthóir (ina measc naonúr neamhspleách agus seisear ó fhíor-mhionpháirtithe) ag seasamh i dtoghcheantar amháin ceist faoi na rialacha ainmniúcháin.
Más mian le duine a bheith ina iarrthóir i dtoghchán Eorpach, ní foláir di/dó a bheith ina s(h)aoránach den Aontas Eorpach, a bheith 21 bliain d’aois, agus ábhar amháin a sholáthar ón liosta seo a leanas:
Teastas a chruthaíonn ballraíocht i bpáirtí polaitiúil, nó Seasca síniú ó dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa toghcheantar, nó Éarlais €1,800.
D’fhéadfaí na riachtanais sin a athrú ionas go mbeadh ar iarrthóir fianaise a sholáthar, mar shampla, a léiríonn go bhfuil níos mó ná seasca duine ag tacú lena ainmniúchán – le 200 síniú abair, nó 500.
Bheadh ciall le leasú dá leithéid ar na rialacha ar dhá chúis. Tá daonra agus (taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath) méid na dtoghcheantar Eorpach i bhfad níos mó ná Dáilcheantar. Ar an dara dul síos, d’fhéadfaí iachall a chur ar iarrthóirí tacaíocht agus dáiríreacht a léiriú gan coinníoll a chur orthu nach bhféadfaí a chomhlíonadh.
Cuimhnigh nach dteastaíonn ach 15 síniú chun seasamh i dtoghchán áitiúil nó 30 síniú i dtoghchán Dála. Ní chuireann an dlí bac míréasúnta i mbealach daoine ar mian leo a bheith tofa mar ionadaithe polaitiúla.
Tá córas ainmniúcháin na hÉireann níos liobrálaí ná an córas atá i bhfeidhm i dtíortha áirithe eile. Sa Ghearmáin mar shampla, ní cheadaítear d’iarrthóir ar bith seasamh i dtoghchán Eorpach mura bhfaigheann sé/sí ainmniúchán ó pháirtí nó ó chumann polaitiúil.
Ní foláir a admháil nach léir aon fhonn leasaithe abhus faoi láthair. Má thagann méadú as cuimse ar líon na n-iarrthóirí arís amach anseo áfach, agus méadú dá réir ar fhad an chomhairimh, cá bhfios?
Focal scoir
D’eisigh forais mhuiníneacha Eorpacha agus Éireannacha tuairiscí Déardaoin ar aimsir mhí na Bealtaine a thug rabhadh soiléir eile faoin athrú aeráide atá ar bun le tamall agus a rachaidh i dtreise dar leis na saineolaithe sna blianta atá romhainn.
Bhí Bealtaine na bliana seo níos teo in Éirinn ná Bealtaine ar bith riamh, de réir an áirimh a rinne Met Éireann.
Cé nár shíl ár bhformhór b’fhéidir go raibh an aimsir thar mholadh beirte an mhí seo caite, léirigh an tuairisc meánteocht 13.08 céim Celsius sa tír – figiúr a bhí 1.74 céim Celsius céim os cionn an mheáin idir 1991 agus 2020.
Léirigh tuairisc sheirbhís athraithe aeráide an AE, Copernicus a foilsíodh an lá céanna, ní hamháin go raibh meánteocht na Bealtaine ar fud an phláinéid níos airde ná riamh ach gurb amhlaidh a bhí gach mí le bliain anuas.
Seachnaítear cruacheisteanna le linn gach feachtas toghcháin. Bhí an tseachantacht follasach arís le linn na bhfeachtas Eorpach agus áitiúil maidir leis an mór-athrú a bheidh riachtanach (a) leis an tír a chur in oiriúint d’athrú aeráide agus (b) chun ár gcion mar thír a dhéanamh leis an athrú a mhaolú agus (c) chun pionóis a sheachaint a ghearrfar ar an tír má leantar lenár gcliseadh ar aidhmeanna aeráide.
Rinne mórán iarrthóirí gearáin le linn an fheachtas faoi róthionchar na nGlasach ar pholasaithe an rialtais.
Ní bhaineann an dúshlán aeráide le páirtí amháin ach le gach páirtí, mar a léirigh an fhianaise a foilsíodh Déardaoin, arís.
Fág freagra ar 'Bheadh ciall le hathrú ar rialacha ainmniúcháin thoghcháin na hEorpa'