I gceann seachtaine beidh olltoghchán againn sa Tuaisceart mar a dtoghfar 18 feisire chuig Parlaimint Westminster. Bhí díospóireacht na gceannairí in ainm is a bheith againn aréir ar BBC1 NI (Election 2024, Déardaoin). Ní mar a gealladh a bhí, áfach. A leithéid de sheó bóthair ní fhaca mé riamh ó thaobh díospóireacht na gceannairí. Nuair a chuireann tú é sin sa mheá leis na díospóireachtaí idir Keir Starmer/Rishi Sunak agus Donald Trump/Joe Biden, b’ait an tseachtain í.
Sna creidiúintí tosaigh, taispeánadh pictiúir de Gavin Robinson an DUP, Michelle O’Neill Shinn Féin, Colum Eastwood an SDLP, Naomi Long an Alliance Party agus Doug Beattie an UUP. Ar an gcéad ásc bhí LeasChéad-Aire an Tuaiscirt, Emma Little-Pengelly, caillte againn. Tuigim nach í ceannaire an pháirtí í ach is í an LeasChéad-Aire agus an duine is feiceálaí, agus is cumhachtaí b’fhéidir, sa pháirtí sin í. Bíodh sin mar atá bhí dealramh éigin leis an gcinneadh. Ansin, amhail na cluichí peile is iománaíochta, níor thosnaigh na foirne faoi mar a ainmníodh iad sna chlár oifigiúil. Bhí Chris Hazzard tagtha i lár páirce d’O’Neill agus bhí Robbie Butler tagtha isteach mar lántosaí in ionad Doug Beattie. Bhíomar ag súil le comhrac i gcraobhchomórtas na sinsear ach fágadh sinn le cluiche i gcraobhchomórtas na sóisear. Cogadh na mba maol, comhrac na ngiollaí gualainne.
Threabhamar linn ar an nós. An chabaireacht ag teacht chugainn beo ó Bhéal Feirste le Tara Millis mar mháistreás conairte. Mheabhraigh sí dúinn go raibh comhfhreagraithe ag seiceáil na bhfíricí ar shuíomh idirlín an BBC. Smaoineamh deas agus cleas breá le srian a choimeád ar an áiféis.
Vae linn. Bhain an chéad cheist, iontas na n-iontas, leis an gcóras sláinte. Ciorruithe sa bhuiséad, liostaí feithimh, an t-iomlán léir. Caitheadh breis agus 15 nóiméad ar an ábhar seo leis na rannpháirtithe ag sáraíocht ar a chéile, gach re sea acu lena chéile ach ní raibh aon bhuille oird ar inneoin. Sé Colum Eastwood is fearr a chruthaigh; é ag tathant ar a chéilí comhraic dul i mbun comhghuaillíochta le tuilleadh maoinithe a lorg ón Rialtas nua a bheidh sa Ríocht Aontaithe. Go deimhin bhí Colum os cionn a bhuille i rith na díospóireachta agus sé is mó a ghnóthaigh. Lena chois sin, mheasas go raibh Robinson breá in ann an fód a sheasamh agus bhí ionchur meáite ó Long go minic.
Ansin tháinig ceist chun cinn faoi mhuinín i bpolaiteoirí, agus nasc aige sin le cinntí Shinn Féin agus DUP tarrac amach as Stormont. Ansan bhí ceist againn faoin Ríocht Aontaithe. Gan amhras bhí na páirtithe deighilte de réir na línte traidisiúnta ach ní raibh an oiread nimhe sa cheist seo is a cheapas; comhartha go bhfuil rudaí ag athrú de bheagán? Bhíothas roinnte sna treibheanna éagsúla arís nuair a tháinig an cheist faoin gcoimhlint sa Mheánoirthear, polaitíocht na féiniúlachta arís. Leis sin bhí ceann scríbe sroichte agus gach éinne fós ina sheasamh. Níl a fhios agam cad is fiú féachaint ar dhíospóireacht na gceannairí nuair nach mbacann na ceannairí teacht i láthair.
Fág freagra ar 'Cad is fiú féachaint ar dhíospóireacht na gceannairí nuair nach mbacann na ceannairí teacht i láthair'