Deir an Chomhairle Mhúinteoireachta go bhfuil daoine ar mian leo clárú leis an eagraíocht in ann é a dhéanamh go hiomlán i nGaeilge ar líne, trí bliana ó seoladh seirbhís i mBéarla.
Agus an cheist á plé ag cruinniú Coiste Oireachtais inné, dheimhnigh leas-stiúrthóir na Comhairle go raibh na fadhbanna teicniúla a bhain leis an suíomh a chuir bac ar dhaoine clárú ina múinteoir i nGaeilge “réitithe anois”.
Dúirt Phil Fox go raibh “97%” den ábhar ar an suíomh ar fáil go dátheangach roimhe seo ach dúirt sí go raibh an chuid dheireanach den obair críochnaithe le cúpla seachtain anuas agus go raibh gach rud ar an suíomh ar fáil i nGaeilge anois, an tairseach ina measc.
Thug Fox le fios gur thug an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi fhorbairt na tairsí ar líne in 2019 agus go raibh an leagan Béarla réidh in 2021. Dúirt sí gurb í an sprioc a bhí aontaithe leis an gcomhlacht forbartha ná go mbeadh an leagan Gaeilge réidh bliain i ndiaidh an leagan Béarla ach gur fhág fadhbanna teicniúla nach raibh an obair sin curtha i gcrích go dtí le gairid.
D’fhág an fhadhb nach raibh múinteoirí in ann clárú leis an gComhairle ar líne trí Ghaeilge.
Is gá do gach múinteoir sa stát clárú leis an Chomhairle Mhúinteoireachta agus athnuachan a dhéanamh ar a gcuid sonraí gach bliain le go gcoinneofar ar chlár na múinteoirí iad.
Bhí an tAthair Brian Ó Fearraigh, sagart paróiste Ghaoth Dobhair agus múinteoir, ina measc siúd a tharraing aird ar an scéal le blianta beaga anuas.
Nuair a tháinig córas clárúchán digiteach na Comhairle Múinteoireachta i bhfeidhm ag tús na bliana acadúla 2021, dhiúltaigh Ó Fearraigh athnuachan a dhéanamh ar a chuid sonraí toisc nach raibh an tseirbhís ar fáil i nGaeilge.
Mar thoradh air sin, fuair sé litir ón Chomhairle Mhúinteoireachta ag rá nach bhféadfaí a thuarastal a íoc mura mbeadh sé cláraithe leis an Chomhairle agus nach bhféadfadh sé leanstan air ag teagasc mar mhúinteoir neamhchláraithe. Moladh sa litir d’Ó Fearraigh clárú ar an tairseach ar líne, rud nach raibh sé sásta a dhéanamh i mBéarla. Sa deireadh, chuir an Chomhairle cóip chrua den fhoirm Ghaeilge chuige le líonadh.
Dúirt Phil Fox go raibh daoine a bhí ag iarraidh clárú trí Ghaeilge in ann an próiseas a dhéanamh ar pháipéar nó ar an bhfón roimhe seo ach go bhfuil an córas ar líne anois ar fáil go hiomlán i nGaeilge.
Dúirt Fox go raibh an obair chun an tairseach a chur ar fáil i nGaeilge i bhfad níos casta ná mar a measadh ar dtús ach, agus an obair déanta anois, go bhféadfadh an Chomhairle Mhúinteoireachta comhairle a chur ar fáil do chomhlachtaí poiblí eile maidir le seirbhísí i nGaeilge a chur i fáil, go háirithe i bhfianaise na ndualgas atá le cur ar chomhlachtaí poiblí faoin reachtaíocht teanga.
Éamonn Ó Gribín
Maidir le: “Thug Fox le fios gur thug an Chomhairle Mhúinteoireachta faoi fhorbairt na tairsí ar líne in 2019 agus go raibh an leagan Béarla réidh in 2021. Dúirt sí gurb í an sprioc a bhí aontaithe leis an gcomhlacht forbartha ná go mbeadh an leagan Gaeilge réidh bliain i ndiaidh an leagan Béarla ach gur fhág fadhbanna teicniúla nach raibh an obair sin curtha i gcrích go dtí le gairid.”
Ó bhí an 6 Nollaig, 1922. ann, sé 101 bliain, 7 mí, agus 19 lá ó shin, tháinig Bunreacht an tSaorstáit, ar a dtugtar Bunreacht Shaorstát Éireann go hoifigiúil, i bhfeidhm. Tá an dáta seo i gcomhthráth le bunú Shaorstát Éireann féin, agus tús foirmiúil á chur lena chreat bunreachtúil agus lena rialachas.
Sa bhliain 1934 thug an Príomh-Bhreitheamh Kennedy an méid seo a leanas le fios:
“None of the organs of the State, legislative, executive or judicial may derogate from
the pre-eminent status of the Irish language as the national language of the State
without offending against the Constitutional position…”
Ach ina dhiaidh sin is uile, is léir nach bhfuil a leitheid agus an Chomhairle Mhúinteoireachta sást glacadh leis gurb’ í an Ghaeilge an phríomhtheanga oifigiúil, agus go bhfuil sé de phribhléid ag an saoránach éileamh go mbainfí feidhm aisti nuair a bhíonn gnóthaí oifigiúla le riaradh acu leo.
B Ní Dhuibhir
Is maith an tAth Brian Ó Fearraigh! 👏