Ciontaíodh an saighdiúir Cathal Crotty ar an 20 Meitheamh in ionsaí inar gortaíodh Natasha O’Brien go dona i Luimneach. Tar éis don bhreitheamh Tom O’Donnell téarma príosúin trí bliana a chur ar fionraí tugadh le fios go bhfiosródh an tArm a ndearna sé.
Cúig lá ina dhiaidh sin, bhí Natasha O’Brien suite in áiléar poiblí Dháil Éireann agus an cás á phlé. Sheas gach Teachta a bhí i láthair ar iarratas an Cheann Comhairle chun bualadh bos a thabhairt di.
Cáineadh an t-ionsaí agus an méadú fiche faoin gcéad ar ionsaithe ar mhná a ndearnadh cur síos air le gairid i dtuairisc Women’s Aid. Dúirt Mary Lou McDonald gur thaispeáin an phríosúnacht a cuireadh ar fionraí nach bhféadfadh mná a bheith muiníneach go gcoinneodh an córas slán iad.
Le linn na díospóireachta sa Dáil dúirt an Taoiseach gur chóir ‘ceist ana-shimplí’ a fhreagairt. Cé mhéad duine eile atá sna fórsaí cosanta, a dúirt Simon Harris, a ciontaíodh i gcúirt? Ní raibh sé maith go leor a dúirt sé nach raibh sé ábalta an cheist a fhreagairt.
Bhí an ceart ag an Taoiseach. Níl sé maith go leor nach raibh freagra aige féin ná ag an Tánaiste agus aire gnóthaí eachtracha agus cosanta – cúig lá tar éis éisteacht an cháis a chuir alltacht agus fearg ar mhórán.
Ba chóir go mbeadh faisnéis chomh bunúsach a bhain le hábhar an cháis curtha ar fáil dóibh in imeacht chúig lá sular pléadh sa Dáil é Dé Máirt.
Dhá lá ina dhiaidh sin, thug urlabhraí an Tánaiste agus aire gnóthaí eachtracha agus aire cosanta le fios go raibh 68 comhalta de na fórsaí cosanta a ciontaíodh i gcoireanna nó atá ar a dtriail i gcásanna coiriúla. De réir na faisnéise a chuir na fórsaí cosanta ar fáil, bhain na coireanna (in ord anseo mar a sonraíodh iad i ráiteas an urlabhraí) le hord poiblí, tiomáint ar meisce, coireanna a bhain le drugaí, agus ionsaithe corpartha agus gnéasacha.
Ba léir láithreach an bhearna ba bhunúsaí sa bhfaisnéis seo. Dhá lá tar éis don Taoiseach easpa eolais a admháil sa Dáil, agus seacht lá tar éis do bhreitheamh cead siúil a thabhairt do Chathal Crotty, ní raibh na fórsaí cosanta ábalta nó toilteanach ‘ceist ana-shimplí’ an Taoisigh a fhreagairt. Cé mhéad comhalta den arm, den tseirbhís chabhlaigh nó den aerchór a ciontaíodh i gcúirt?
Is léir agus an colún seo á scríobh tráthnóna Dé hAoine nach bhfuil deireadh ráite ná cíortha fós maidir leis na cúrsaí seo. Teastaíonn soiléiriú, go háirithe maidir leis na staitisticí.
Cé mhéad comhalta de na fórsaí cosanta a ciontaíodh in ionsaí gnéasach mar shampla, nó i ndroch-ionsaithe eile? Cé mhéad comhalta a d’fhan i mbun seirbhíse, nó atá fós i mbun seirbhíse, tar éis a chiontaithe?
Ní nach ionadh, dhiúltaigh an Taoiseach a rá Déardaoin go raibh sé sásta leis an bhfaisnéis a cuireadh ar fáil. Dúirt sé freisin gur chóir machnamh a dhéanamh ar na rialacha a cheadaíonn seirbhís mhíleata i gcás comhaltaí de na fórsaí cosanta a gcuirtear cúisimh thromchúiseacha ina leith.
Níor thagair an Taoiseach áfach don fhreagracht atá ar an rialtas na rialacha míleata a dhréachtú, iad a athrú más gá agus a gcur i bhfeidhm a bhreithniú. Níor thagair sé ach oiread don fhreagracht a bhí agus atá ar an aire cosanta agus gnóthaí eachtracha lán-fhaisnéis a lorg faoi láimhseáil cásanna a bhain le hionsaithe a dhéanann comhaltaí de na fórsaí cosanta ar mhná.
Ba léir an fhreagracht sin, mar shampla, nuair a thug an breitheamh céanna (a chuaigh ar pinsean seachtain ó shin) cead siúil do David O’Gorman, oifigeach sa tseirbhís chabhlaigh, a rinne droch-ionsaí ar bhean in 2020.
Chothódh an chonspóid seo amhras i measc an phobail agus lagmhisneach sna fórsaí am ar bith. Is treise a thionchar áfach nuair a chuimhnítear ar an mbinse fiosraithe a chuir tús lena héisteachtaí poiblí i rith na seachtaine.
Dúirt an Breitheamh Ann Power leis an gcéad seisiún go raibh geallúint tugtha ag ceann foirne na bhfórsaí cosanta agus ag an aire cosanta nach mbainfí díoltas amach ar chomhaltaí a chuirfeadh ráitis faoi bhráid an fhiosrúcháin.
Tá dea-rún agus dea-thoil léirithe ag an Aire Micheál Martin agus tacaíocht tugtha faoi dheireadh aige d’éileamh na mban-saighdiúirí a bhunaigh an brúghrúpa ‘Women of Honour’ go mbunófaí an binse fiosraithe. Is leor an scéal léanmhar sin agus gach ar tharla ó labhair Natasha O’Brien amach go cróga faoin ionsaí a rinne saighdiúir uirthi i Luimneach mar thaca le moladh go gceapfaí aire rialtais a bheadh freagrach as an roinn cosanta go lánaimseartha.
Tharraing achainí na roinne gnóthaí eachtracha ar shaoránaigh Éireannacha atá ag cur fúthu sa Liobáin imeacht as sin gan mhoill mar gheall ar chontúirt chogaidh aird ar thromfhreagracht mhíleata eile atá ar an Tánaiste agus aire cosanta agus gnóthaí eachtracha. Tá 330 saighdiúir Éireannach ar dualgas leis na Náisiúin Aontaithe i ndeisceart na Liobáine. Ní foláir a bheith i mbun caidrimh leosan agus le heagraíochtaí agus rialtais éagsúla ionas go gcoimeádfar slán iad, nó chomh slán agus is féidir má chuireann lán-chogaíocht sa bhearna bhaoil iad.
Fiú má chuirtear na hábhair imní seo go léir as an áireamh, is leor cuimhneamh ar longa an chabhlaigh atá ar ancaire cheal criúnna i gCuan Chorcaí mar mheabhrú don rialtas ar fhadhb mhíleata eile.
Tá géarchéim earcaíochta ag cur as do na fórsaí cosanta i gcónaí. Ní dheimhneodh aire cosanta lánaimseartha réiteach, ach bheadh sé/sí ábalta tosaíocht a thabhairt do bhreithniú réitigh ar bhonn leanúnach.
Tá na fórsaí cosanta agus a ndualgais chomh tábhachtach agus na cúrsaí seo go léir chomh práinneach gur chóir aire rialtais a cheapadh a bheadh freagrach astu go lánaimseartha.
Fág freagra ar 'Cás Natasha O’Brien agus cúiseanna eile go dteastaíonn aire cosanta lánaimseartha'