Na hÉireannaigh gonta ach ní gan dóchas in Durban

Más linn go luafaí muid i measc mhóruaisle rugbaí an domhain, tá praghas le híoc air

Na hÉireannaigh gonta ach ní gan dóchas in Durban

Seisear a thosaigh don tír seo i sa chéad mhórchluiche i gcoinne na hAfraice Theas an Satharn seo caite i Pretoria a bhí ar liosta an dochtúra ag a dheireadh agus cé gur fógraíodh i rith na seachtaine go mbeidh fáil ar cheathrar nó ar chúigear acu, is deacair a shamhlú go mbeidh siad iomlán folláin agus aclaí.

Bhí an-imní ormsa nach mbeadh na hÉireannaigh in ann an fód a sheasamh thar ochtú nóiméad ag imirt ag airde i gcoinne fhisiciúlacht agus fíochmhaireacht na Springboks. Bhí an tionchar a bheadh ag an mBomb Squad mar a thugtar ar an seisear tosaithe ollmhóra agus úra a chuireann an Afraic Theas chun páirce i lár an dara leath le cur san áireamh freisin.

Bhí tionchar ollmhór ag an mBomb Squad céanna ar imeachtaí agus iad ag scriosadh phaca agus chlibirt na hÉireann deis ar bith a fuair siad. Ina ainneoin sin, d’fhan na hÉireannaigh go mór sa gcath go dtí deireadh agus ní raibh ach úd slánaithe amháin (seacht bpointe) idir na foirne (27 – 20). Dá mbeadh a fhios ag na hÉireannaigh an toradh sin roimh thús an chluiche is cinnte go mbeadh siad sásta glacadh léis.

Is fiú a lua go raibh cúpla seans ag foireann Andy Farrell an lá a thabhairt leo. Níor cheadaigh an réiteoir dhá úd a d’aimsigh James Lowe agus James Ryan agus d’éirigh leis na Boks dhá úd boga a chlárú de bharr lagimirt nó imirt amaideach Lowe. Nach mór an difir a dhéanfadh sé sin do chlár na scór?

Agus botúin á lua, b’fhearr tagairt a dhéanamh don trí chic éirice éasca a chuir Handre Pollard, ciceálaí na mBoks amú. Bheadh tionchar ag an naoi bpointe sin ar chlár na scór freisin.

Ach inniu cuirfidh na foirne céanna chun páirce arís ach is cois na farraige i nDurban i limistéar KwaZulu-Natal a bheas an cath an babhta seo. Ba cheart go mbeadh na hÉireannaigh in ann anáil a tharraingt ar a laghad. Seans go mbeidh gá le níos mó ná sin, faraor. Caithfidh na hÉireannaigh na deacrachtaí a bhí acu sa chlibirt agus sa síneadh amach nuair a bhí Rónan Kelleher ag caitheamh na liathróide, a shárú.  An féidir é sin a dhéanamh in imeacht seacht lá?

Ní hamháin sin ach caithfidh siad i bhfad níos mó luais a chur san aistriú idir an cliseadh agus na cúil.  Is minic sa gcéad mhórchluiche go raibh Craig Casey rómhall leis an ngné sin dá chuid imeartha. Feileann an imirt mhall sin do na Boks agus is minic iad mífhoighdeach ag iarraidh an luas sin a bhaint as an imirt.

Má éiríonn linn na rudaí sin a cheartú, níl muid gan seans.  Mar sin féin, caithfidh muid ochtú nóiméad crua agus fisiciúil a sheasamh seachtain tar éis dúinn fulaingt go trom de bharr imirt den chineál céanna.

Ach más linn go luafaí muid i measc mhóruaisle rugbaí an domhain,  tá praghas le híoc air.  Níl an dara rogha againn ach dul chun páirce gan Sheehan, Aki ná Casey tá gortaithe ón gcéad cluiche agus leithéidí Henshaw, Osborne agus Porter leathghonta, faraor.

 

 

Fág freagra ar 'Na hÉireannaigh gonta ach ní gan dóchas in Durban'