Na hAirí Tithíochta agus Gaeltachta ag imirt ‘pass the parcel’ le treoirlínte pleanála don Ghaeltacht

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh go ndearna sé iarracht ceist a chur ar Aire na Gaeltachta maidir le treoirlínte nua ach gur diúltaíodh an cheist a fhreagairt agus gur cuireadh faoi bhráid Aire Tithíochta í

Na hAirí Tithíochta agus Gaeltachta ag imirt ‘pass the parcel’ le treoirlínte pleanála don Ghaeltacht

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin go bhfuil airí rialtais ag imirt “cuir thart an beart” maidir lena ndualgas an Ghaeltacht a chosaint.

Deir an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh nach léir go bhfuil an tAire Tithíochta ná Aire na Gaeltachta sásta freagracht a ghlacadh as an moill fhada atá ar fhoilsiú treoirlínte pleanála nua do na ceantair Ghaeltachta.

Gealladh na treoirlínte breis is dhá bhliain ó shin ach níl aon amharc orthu go fóill, tráth a bhfuil eagraíochtaí agus grúpaí pobail ag maíomh gurb í an easpa tithíochta an fhadhb is mó atá ag cur as do mhuintir na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Tithíochta Darragh O’Brien an tseachtain seo caite go raibh a Roinn críochnaithe lena cuid oibre ar na treoirlínte agus go raibh sé ag fanacht go mbeadh a cuid féin déanta ag Roinn na Gaeltachta.

Deir Aengus Ó Snodaigh go ndearna sé iarracht ceist a chur ar Aire na Gaeltachta Catherine Martin maidir leis na treoirlínte agus ról a Roinne ina n-ullmhú ach gur diúltaíodh an cheist a fhreagairt agus gur cuireadh ar aghaidh chuig an Aire Tithíochta í.

“B’ait liom nach raibh Roinn na Gaeltachta sásta mo cheist a fhreagairt,” a deir Ó Snodaigh.

“Ceist shonrach a bhí inti, bunaithe ar an méid atá ráite ag an Aire Darragh O’Brien, nach bhfuil na treoirlínte pleanála don Ghaeltacht réidh toisc go bhfuil sé fós ag fanacht ar eolas ar ais ón Rannóg Gaeltachta sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spórt agus Meán, agus ón Aire Catherine Martin.

“Thriail mé fáil amach cad ba chúis leis an moill i Roinn na Gaeltachta, ach in áit glacadh leis an cheist le go bhfreagródh an tAire Martin í an tseachtain seo chugainn sa Dáil, diúltaíodh di agus seoladh chuig an Aire Darragh O’Brien í chun freagra a thabhairt uirthi arís an tseachtain seo chugainn.”

Deir Ó Snodaigh go bhfuil muintir na Gaeltachta cúpla bliain ag fanacht leis na treoirlínte agus go bhfuil daoine óga agus teaghlaigh brúite amach as a gceantair féin toisc nach bhfuil siad in ann tithe a thógáil.

“Seachas a bheith ag imirt ‘pass the parcel’ lena ndualgas an Ghaeltacht a chosaint, ba chóir go mbeadh an tAire Martin agus an tAire O’Brien ag obair le chéile chun gníomhú de réir a mbriathar – agus na treoirlínte a fhoilsiú gan mhoill.”

Deir Ó Snodaigh gur chóir don Rialtas na moltaí a luadh i bpolasaí a d’fhoilsigh Sinn Féin anuraidh maidir le cúrsaí pleanála agus tithíochta sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm.

Tá díomá léirithe faoin nós atá ann ag ranna rialtais ceisteanna a chuireann Teachtaí Dála a chur ar aghaidh chuig ranna eile seachas iad a fhreagairt iad féin. Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív le gairid gur léirigh an neamhaird a bhí ag an Roinn Ardoideachais ar an nGaeilge nuair a cuireadh ceist a chuir sé ar an Roinn sin ar aghaidh chug Roinn na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Na hAirí Tithíochta agus Gaeltachta ag imirt ‘pass the parcel’ le treoirlínte pleanála don Ghaeltacht'