Na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Tá an ghnáthfhéile le filleadh i mbliana den chéad uair ó thús na paindéime agus Oireachtas na Samhna le reáchtáil idir an 2-6 Samhain i gCill Airne

Na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha

Tá na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais 2022 fógartha.

Tá an ghnáthfhéile le filleadh i mbliana den chéad uair ó thús na paindéime agus Oireachtas na Samhna le reáchtáil idir an 2-6 Samhain in Óstán Gleneagle i gCill Airne. Cuireadh an fhéile ar ceal den chéad uair le breis is ceithre scór bliain in 2020 de bharr na srianta Covid-19 agus ócáid fhíorúil a reáchtáladh anuraidh.

Tá ainmniúcháin i 13 catagóir fógartha ag Oireachtas na Gaeilge inniu do Ghradaim Chumarsáide 2022.

Tá triúr scríbhneoirí de chuid Tuairisc – Alex Hijmans, Mairéad Ní Nuadháin agus Fachtna Ó Drisceoil – ainmnithe sa rannóg ‘Colúnaí na Bliana’. Tá triúr eile san iomaíocht don ghradam freisin, Ciarán Dunbar ó Meon Eile, Éanna Ó Caollaí ó The Irish Times agus Seán Ó Dubhchon ó NÓS.

Tá comhfhreagraí eile de chuid Tuairisc, Eoin Ó Catháin, a bhíonn ag tuairisciú ar chúrsaí polaitíochta do RTÉ Raidió na Gaeltachta, ainmnithe don ghradam ‘Iriseoir na Bliana’. Is iad Sorcha Ní Riada (Nuacht TG4), Cóilín Ó Neachtain (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Caoimhe Ní Laighin (Nuacht TG4) agus Aodhán Ó Maoileoin (Nuacht TG4) na daoine eile atá ainmnithe don ghradam sin.

Cúigear a fuair ainmniúchán do ‘Chraoltóir Solabhartha na Bliana’ – Gearóidín Nic Con Iomaire (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Pádraig Ó Sé (RTÉ Raidió na Gaeltachta) Eoin Warner (TG4), Sinéad Ní Uallacháin (RTÉ Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Raidió 1) agus Cuán Ó Flatharta (Newstalk).

Tá Seán Ó Dubhchon (Raidió RíRá  ), Caoimhe Ní Chathail (BBC Gaeilge ar BBC Uladh), Josie Ó Cualáin (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Jud-Meg Ní Chinnéide (Raidió na Life) agus Jamie Ó Flannúra (Raidió RíRá) roghnaithe sa rannóg ‘Pearsa Raidió na Bliana’.

Ceathrar ó chláir de chuid TG4 agus duine ón BBC a fuair ainmniúchán don ghradam ‘Pearsa Teilifís na Bliana’ – Niamh Ní Chróinín (Cúla4), Doireann Ní Ghlacáin (Fleadh TV agus Seán Ó Riada Mo Sheanathair), Seán Ó Baoill (An Focal Scoir agus I Lár an Aonaigh), Áine Ní Bhreisleáin (An Cósta Thiar) agus colúnaí le Tuairisc, Dara Ó Cinnéide (Spóirt Iris).

An Cósta Thiar, a léirigh Aniar TV, agus I Lár an Aonaigh le Below the Radar ainmnithe do ‘Shraith Teilifíse na Bliana’ chomh maith. Tá Croí na Ceiste (Waddell Media), An Cuan (Oddboy Media), Nuair a bheidh mé Mór (Meangadh Fíbín) agus Iontais na bhFarraigí Ceilteacha (Tua Films) ainmnithe sa rannóg chéanna.

San iomaíocht do ghradam ‘Clár Teilifíse na Bliana’, tá Seán Ó Riada Mo Sheanathair (Táin Media), The Queen Vs Patrick O’Donnell (ROSG), RTÉ RnaG @50 (Aniar TV) agus Sagairt na Síochána (Imagine Media).

Trí shaothar atá ainmnithe sa rannóg ‘Scannán na Bliana’ agus ainmniúcháin faighte ag Foscadh (Tua Films), An Cailín Ciúin (Inscéal) agus Doineann (Doubleband Films).

Sé shraith atá ainmnithe sa rannóg ‘Sraith Raidió na Bliana’ – Beo ar Éigean (RTÉ Radio 1), Iris Aniar (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Teachtaireachtaí (Raidió na Life), Bladhaire (RTÉ Raidió na Gaeltachta), Cóisir Filíochta (BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh) agus An Chéad Ghlúin Eile (RTÉ Raidió na Gaeltachta).

Sé chlár a fuair ainmniúchán sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Pobail’ – Slán le Fear an Hata (Raidió Pobail Chonamara), Aon Scéal? (Phoenix FM), Gaeilge Bhriste (West Limerick 102FM), Rogha Bhríde (Flirt FM), Ceol agus Craic (Dublin City FM) agus Tradfest Tullamore (Flirt FM) – agus sé chlár eile a ainmníodh sa rannóg ‘Clár Gaeilge na Bliana ar Raidió Tráchtála – Dúisigh le Lauren Ní Loingsigh (Cork’s Red FM), Splanc le Cuán Ó Flatharta (Newstalk), Cad ‘déarfá le Gaillimh (Galway Bay FM), Ceol Anocht (KCLR FM) agus Ruaille Buaille (Highland Raidió).

Cúigear a bheidh san iomaíocht do ghradam ‘Réalta Óg na Bliana’ agus deis ag an bpobal vóta a chaitheamh dóibh siúd atá ainmnithe – Conchúr Ó Faoláin (Clár-Reachtaire le Raidió na Life), Niamh Ní Ruadagáin (Léiritheoir & taighdeoir teilifíse), Darren Ó Dubhgáin (Aimsir & Leanúnachas TG4), Evelyn Ní Ghriallais (Rásaíocht Beo ar TG4) agus Barry Ó Síochrú (BLOC TG4). Cuirfear tús leis an vóta poiblí Déardaoin, 15 Meán Fómhair 2022.

Agus na hainmniúcháin á bhfógairt ar maidin, rinne ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha comhghairdeachas leo siúd a ainmníodh agus dúirt sí go raibh “sárchaighdeán, tréanchruthaitheacht agus nuálaíocht le sonrú go láidir” le saothar na ndaoine ar ghearrliosta na bliana seo.

“Tá fás agus forás tagtha ar Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais le fiche bliain anuas faoi mar atá ar an earnáil lena mbaineann siad. Tá éacht speisialta déanta ag na meáin chumarsáide agus na ceannródaithe a thiomáin iad ag gach leibhéal agus iad ag déileáil go muiníneach, cróga, leis na dúshláin bhreise a chruthaigh an phaindéim.”

Fógrófar buaiteoir Bhuaic-Ghradam Cumarsáide an Oireachtais ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 2022.  Bronnfar na Gradaim Chumarsáide ag searmanas speisialta a bheidh ar siúl ar Chéadaoin na féile, 2 Samhain 2022.

 

COLÚNAÍ NA BLIANA
Alex Hijmans Tuairisc.ie
Ciarán Dunbar Meon Eile
Éanna Ó Caollaí The Irish Times
Seán Ó Dubhchon NÓS
Mairéad Ní Nuadháin Tuairisc.ie
Fachtna Ó Drisceoil Tuairisc.ie
SRAITH RAIDIO NA BLIANA
Beo ar Éigean RTÉ Raidió 1
Iris Aniar RTÉ Raidió na Gaeltachta
Teachtaireachtaí Raidió na Life
Bladhaire RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cóisir Filíochta BBC Gaeilge ar BBC Raidió Uladh
An Chéad Ghliún Eile RTÉ Raidió na Gaeltachta
IRISEOIR NA BLIANA
Sorcha Ní Riada Nuacht TG4 & RTÉ
Cóilín Ó Neachtain RTÉ Raidió na Gaeltachta
Caoimhe Ní Laighin Nuacht TG4 & RTÉ
Eoin Ó Cathain RTÉ Raidió na Gaeltachta & Nuacht TG4
Aodhán Ó Maoileoin Nuacht TG4 & RTÉ
CLÁR TEILIFÍSE NA BLIANA
Seán Ó Riada Mo Sheanathair Táin Media
The Queen Vs Patrick O’ Donnell ROSG
RTÉ RnaG @50 Aniar TV
Sagairt na Síochána Imagine Media
SCANNÁN NA BLIANA
Foscadh ua Films
An Cailín Ciúin Inscéal
Doineann Doubleband Films
PEARSA RAIDIÓ NA BLIANA
Seán Ó Dubhchon Raidió RíRá & RTÉ Raidió na Gaeltachta
Caoimhe ‘Ceol’ Ní Cathail BBC Gaeilge ar BBC Uladh
Josie Ó Cualáin RTÉ Raidió na Gaeltachta
Jud-Meg Ní Chinnéide Raidió na Life
Jamie Ó Flannúra Raidió RíRá & RTÉ Raidió na Gaeltachta
PEARSA TEILIFÍSE NA BLIANA
Niamh Ní Chróinín Cúla4
Doireann Ní Ghlacáin Fleadh TV & Sean Ó Riada Mo Sheanathair
Seán Ó Baoill An Focal Scoir & I Lár an Aonaigh
Áine Ní Bhreisleáin An Cósta Thiar
Dara Ó Cinnéide Spórt Iris
FEACHTAS MEÁN SÓISIALTA NA BLIANA
#Comhar80 Comhar
#AchtAnois An Dream Dearg
#CpnaG Molscéal ag Comórtas Peile na Gaeltachta
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ POBAIL
Slán le Fear an Hata Raidió Pobail Chonamara
Aon Scéal? Phoenix FM
Gaeilge Bhriste West Limerick 102FM
Rogha Bhríde Flirt FM
Ceol agus Craic Dublin City FM
Tradfest Tullamore Flirt FM
CLÁR GAEILGE NA BLIANA AR RAIDIÓ TRÁCHTÁLA
Dúisigh le Lauren Ní Loingsigh Cork’s Red FM
Splanc le Cuán Ó Flatharta Newstalk
Cad ‘dearfá le Gaillimh Galway Bay FM
Ceol Anocht KCLR FM
Ruaille Buaille Highland Raidió
SRAITH TEILIFÍSE NA BLIANA
Croí na Ceiste Waddell Media
An Cósta Thiar Aniar TV
An Cuan Oddboy Media
I Lár an Aonaigh Below the Radar
Nuair a bheidh mé Mór Meangadh Fíbín
Iontais na bhFarraigí Ceilteacha Tua Films
CRAOLTÓIR SOLABHARTHA NA BLIANA
Gearóidín Nic Con Iomaire RTÉ Raidió na Gaeltachta
Pádraig Ó Sé RTÉ Raidió na Gaeltachta
Eoin Warner TG4
Sinéad Ní Uallacháin RTÉ Raidió na Gaeltachta & RTÉ Raidió 1
Cuán Ó Flatharta Newstalk
RÉALTA ÓG NA BLIANA
Conchúr Ó Faoláin Clár Reachtaire le Raidió na Life
Niamh Ní Ruadagáin Léiritheoir & taighdeoir teilifíse
Darren Ó Dubhgáin Aimsir & Leanúnachas TG4
Evelyn Ní Ghriallais Rásaíocht Beo ar TG4
Barry Ó Síochrú BLOC TG4

 

Fág freagra ar 'Na hainmniúcháin do Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais fógartha'