Na dragain ag eitilt arís, ach ní thagann eitilt ar an gcroí a thuilleadh

Tá Game of Thrones ina néal os cionn House of the Dragon i gcónaí agus ní bheidh an réamhshaothar in ann éalú uaidh

Na dragain ag eitilt arís, ach ní thagann eitilt ar an gcroí a thuilleadh

Tá nod sa teideal, Cluiche na gCathaoireacha Ríoga agus Tigh an Dragain. Tugann an focal cluiche agus iolra na gcathaoireacha le fios go bhfuil mórán daoine i gceist, tugann tigh le tuiscint nach bhfuil i gceist ach teaghlach amháin. Sin mar atá, agus sin dris chosáin roimh House of the Dragon (Sky Atlantic, Dé Luain) ina chuid iarrachtaí lorg damanta a réamtheachtaí a leanúint.

Leis an saothar eipiciúil úd bhí neart carachtar go bhféadfaí ceann feadhna, nó ar a laghad carachtar tánaisteach le fíorthéagar, a thabhairt orthu: Danerys, Tyrion, Jon, Cersei, Sansa, Arya agus Jamie, ach go háirithe. Bhí a scéalta féin acu ar fad agus iad scaipthe thar na mór-ranna difriúla. Cuimhnigh go raibh séasúr a seacht ann sular bhuail beirt acu sin, Jon agus Danerys, le chéile i gceann de na radharcanna is nótáilte sa tsraith.

B’fhéidir go bhfuil HotD á dhaoradh san éagóir agam agus gur cheart é a mheas ar a fhiúntas féin óir gur snámh in aghaidh easa é lorg GofT a leanúint. Bíodh sin mar atá, táimid curtha sna láithreacha céanna, leis na teaghlaigh chéanna le smut den scéal céanna. Ní féidir comparáidí a sheachaint.

Taibhsítear dom go bhfuilimid níos teanntaithe anseo. I ndáiríre táimid i dtaobh le beirt phríomhcharachtar; Rhaenyra (Emma D’Arcy) agus Alicent (Olivia); tá an scéal ar foluain os cionn na beirte sin i rith an ama agus sinn sáinnithe in Kings Landing formhór an ama. Is éinne amháin iad tigh seo na coimhlinte; iad pósta isteach ina chéile agus i bpíobáin a chéile. Bhí gach aon chor in aghaidh an chaim acu i ngála na seachtaine seo.

Cinnte is breá liom leithéidí Rhaenys (Eve Best) agus a fear céile Corlys Velaryon (Steve Toussaint) ach níl iontu ach an sop in áit na scuaibe. Níl an scóip chéanna ó thaobh carachtar, scéalta is láithreacha againn, gan trácht ar an tóin a bheith tite as an sceimhle is mistéir a bhain leis na White Walkers.

Déantar iarracht sa chéad ghála den dara séasúr an scóip a leathnú de bheagán; tugtar ó thuaidh sin mar a gcímid an Falla Mór agus Winterfell agus ceannaire mhuintir Stark. Címid tuilleadh de is cinnte. Déantar trácht ar thithe uaisle na Stormlands, Riverun srl. Beidh tuilleadh chugainn de réir mar a bhogann an tír chun cogaíochta. Mar is dual do charachtair sa domhan seo tá gach duine ag tochas ar a cheirtlín féin.

Sa chéad chúpla séasúr de GofT imíodh amach ón gcairt leis na radharcanna collaíochta ach staonadh de sin de réir a chéile. Leantar leis an nós sin anseo. Tá an foréigean lárnach i gcónaí agus tá radharc ag an deireadh a chuirfidh as do mhórán.

É sin ar fad agus níorbh áin liom riamh réamhshaothair ó Star Wars go Better Call Saul. Táim ábhairín seanórtha, is breá liom mo scéal a shlogadh go croineolaíoch gan an chríoch a bheith ar eolas. Ní féidir a bheith ar tinneall nuair atá a fhios agat cá bhfuil ceann scríbe.

Tá na dragain ag eitilt arís ach ní thagann eitilt ar an gcroí a thuilleadh.

Fág freagra ar 'Na dragain ag eitilt arís, ach ní thagann eitilt ar an gcroí a thuilleadh'