Ná dearmad nach í ár saoirse ná ár mbeatha atá i mbaol san Úcráin

Is beag fíordhíospóireacht a bhíonn ann faoi na roghanna atá ag an Iarthar maidir leis an Úcráin

Ná dearmad nach í ár saoirse ná ár mbeatha atá i mbaol san Úcráin

‘Is coirpeach cogaidh é [Putin] ach ní chaillfidh sé,’ arsa an Seanadóir Poblachtánach Meiriceánach Ron Johnson, tar éis dó vótáil i gcoinne phacáiste cúnaimh míleata don Úcráin.  Lean sé air: ‘Tá an cogadh seo ag scriosadh na hÚcráine.’  Is é seo an argóint is ionraice atá cloiste agam i gcoinne cúnamh míleata don Úcráin.

Níl a fhios ag éinne go cinnte an féidir nó nach féidir leis an Úcráin bua míleata de chineál éigin a bheith acu má leanann an tIarthar air ag tacú léi, ach ní féidir a shéanadh go bhfuil an tír á scriosadh ag an Rúis agus líon mór daoine á marú idir an dá linn.

Is i méid a rachaidh an costas sin de réir mar a leanann an cogadh ar aghaidh.

Is beag fíordhíospóireacht a bhíonn ann faoi na roghanna atá ag an Iarthar maidir leis an Úcráin.  Tá dhá chúis leis seo.  Ceann amháin ná go bhfuil eagla ar dhaoine atá báúil leis an Úcráin go gceapfaí go bhfuil siad ag tréigean na nÚcránach tar éis na n-íobairtí atá déanta acu.

Agus an chúis eile ná go bhfuil formhór na n-argóintí a dhéantar i gcoinne leanúint ar aghaidh ag tacú leis an Úcráin mí-ionraic.  Bíonn siad fite fuaite le bolscaireacht athchúrsáilte na Rúise, ní dhéanann siad iarracht dháiríre ar bith dul i ngleic leis na himpleachtaí a bheadh ann do na hÚcránaigh sa chás go dtitfeadh siad faoi smacht Putin agus ní thógann siad aon cheann de mhianta na nÚcránach.

Chun go mbeadh díospóireacht fhiúntach ann, caithfear rudaí áirithe a aithint go fuarchúiseach.  Sea, an scrios atá á dhéanamh ar bhonneagar agus ar dhaonra na tíre.

Agus, sea, chomh diongbháilte is atá Putin go mbeidh an bua aige agus chomh toilteanach is atá sé íobairt a dhéanamh den oiread sin d’fhir óga na Rúise chun sin a bhaint amach.

Agus ar an dtaobh eile den scéal caithfear na himpleachtaí a bheadh ann do phobal na hÚcráine dá dtitfeadh siad faoi smacht Putin a aithint go hionraic.  Má chreideann muid an méid atá á rá ag na polaiteoirí agus na tráchtairí a bhfuil cead cainte acu i meáin oifigiúla na Rúise, agus an fhianaise atá bailithe ag eagraíochtaí cearta daonna faoi cad tá ag tarlú sna críocha gafa, is meascán éigin de dhíbirt, de ghéibheann agus de mharú a bheadh i ndán do na milliún de mhuintir na tíre sin nach mbeadh sásta a bheith ina Rúisigh dhílse.

Agus má shíleann muid go bhfuil géarchéim teifeach againn anois agus idir 4-5 milliún teifeach ón Úcráin san Aontas Eorpach, d’fhéadfaí a bheith ag súil le líon i bhfad níos mós dá n-éireodh leis an Rúis an Úcráin a chloí.  Dar le foinsí i rialtas na Gearmáine is 10 milliún teifeach sa bhreis a bheadh i gceist.

Dar ndóigh feiceann muid ar fad mar a bhris an tSín a geallúintí maidir le ‘tír amháin dhá chóras’ i dtaca le Hong Kong agus tá a fhios againn faoin gcur faoi chois millteanach atá á dhéanamh ar an bpobal mionlaigh Uigiúrach.  Ach níl aon mholadh dáiríre gur chóir nó gur féidir leis an Iarthar tada a dhéanamh faoi. Is gnóthaí inmheánacha de chuid na Síne iad sin, de réir an dlí idirnáisiúnta.

Tá argóint dlí i bhfad níos láidre ann ar son tacú leis an Úcráin, ach an bhfuil argóint mhorálta nó eiticiúil níos láidre ar a son?  An bhfuil dualgas níos mó orainn cabhrú leis an Úcráin mar go bhfuil sí ar leac an dorais againn?  An bhfuil dualgas níos mó orainn ina leith toisc gur thugamar le tuiscint dóibh go raibh todhchaí ‘san Eoraip’ i ndán dóibh?

Glacann formhór daoine san iarthar anois leis gur díchéille agus uabhar é a cheapadh gur féidir daonlathas liobrálach a scaipeadh ar fud an domhain.  Ach an bhfuil dualgas orainn streachailt chun daonlathas a chosaint i dtír ina bhfuil sé préamhaithe as a stuaim féin cheana féin? Nó an bhfuil amanta ann go gcaithfear íobairt a dhéanamh ar mhaithe le tubaiste níos mó a sheachaint?

Chaill an Fhionlainn 10% dá talamh agus fuair an Rúis é i rith an dara cogadh domhanda agus cé gur díbríodh an pobal iomlán as na críocha sin mhair sí mar stát neamhspleách.  An é sin an ceacht don Úcráin?  Nó an bhfuil cás na hÚcráine níos cosúla le Hitler agus an Sudetenland sa tSeicslóvaic?

An mbeimis ag cur dallamullóg orainn féin a cheapadh go mbeadh Putin sásta leis na críocha gafa san Úcráin agus nach dtiocfadh sé ar ais ag iarraidh tuilleadh den Úcráin nó d’oirthear na hEorpa, go háirithe má thoghtar Trump agus má thréigeann sé NATO?

Agus an fúinne san iarthar atá sé an cinneadh a dhéanamh go bhfuil praghas rómhór á íoc ag an Úcráin má tá na hÚcránaigh féin diongbháilte de gur mian leo leanúint orthu ag troid?

Níl ansin ach roinnt de na ceisteanna go dtabharfaí aghaidh orthu i ndíospóireacht réalaíoch ionraic faoi na roghanna atá ann don Úcráin.  Tá sé éasca a bheith cinnte de go bhfuil a fhios agat go cinnte cad é an rogha cheart do mhuintir na Úcráine.

Tá sé éasca dallamullóg a chur ort féin go bhfuil rogha shimplí nó rogha shoiléir éigin le déanamh, nuair nach í do thírse, do shaoirse agus do bheatha féin a bheidh i mbaol sa chás go mbeidh tú mícheart.

Fág freagra ar 'Ná dearmad nach í ár saoirse ná ár mbeatha atá i mbaol san Úcráin'

  • Máire

    Ach ar thóg Ron Johnson aon cheann de na himpleachtaí de mhuintir na hÚcráine dá bhfaigheadh Putin smacht orthu?

  • Eoghan Ó Néill

    Tá an cogadh seo ag scriosadh pobail na hÚcráine go géar agus, ag leibhéil níos boige, pobaill na Rúise agus tá cúrsaí ag dul go seoigh le haghaidh na máistrí ar Nato agus gnó déanta armlóin sna SAM. Is í an bhun-chúis leis ná an brú soir ó Nato. Dá mbeadh an Bhreatain a dhul a chur diúracháin ar an teorainn linne ní bheadh muid ag glacadh leis agus is amhlaidh an dearcadh ag Putin i leith diúrachain Nato san Úcráin. Bhí ladar ag SAM (Victoria Nuland) sa chás ó tráth an coup d’etat i Khív Feabhra 2014.
    Bhí socrú a dhul a tarlú in Aibreán 2022 nuair a bhí Zelinski sásta gan ballraíocht Nato a iarraidh a thuilleadh ach cuireadh Boris Johnston soir chuig Khív chun an socrú a stopadh agus leanúint leis an chogadh.
    I dtaobh Hong Kong agus an tSín bhí ar Impire na Síne é a ghéilleadh do Impireacht na Breatainne ar ba mangairí drugaí iad ag díol opium le pobal a thíre.

  • Indrek

    A Eoghan, cén fáth ar theastaigh ó thíortha Oirthear na hEorpa a bheith istigh in NATO, meas tú? Chun iad féin a chosaint ón Rúis agus a meon impireachta nach ndeachaigh i léig go fóill agus a bhfuil seantaithí ag na tíortha céanna air, faraor.

  • Fachtna Ó Drisceoil
  • Aonghus

    Is díol spéise an cognitive dissonance gur gá do dhaoine áirithe a ionannaíonn leis an traidisiún náisiúnach in Éirinn cur suas leis chun aon agency a shéanadh ar mhuintir na hÚcráine agus chun leithscéalta a dhéánamh ar son cogadh impiriúl na Rúise san Úcráín. Ní iad na milliún de mhuintir na hÚcráíne a chuaigh i mbun agóidíochta sna sráideanna atá tábhachtach i titim an Uachtarán cam a ghoid na céadta millún ón státchiste i 2014, ní hiad an tromlach ollmhór de ionadaithe tofa na ndaoine a vótáil ar son fáil réidh leis atá tábhachtach, ní hiad an 100 léirsitheoir a mharaigh a snipers atá tábhachtach – an rud atá tábhachtach ná go raibh taidhleoir Meiriceánach ag cur a ladhair sa scéal so it was Nuland wot did it agus ní muintir na hÚcráine. Agus bhí margadh iontach éigin á thairiscint ag Putin na síochána murach gur chuir Boris Johnson iachall ar na hÚcráinigh bochta – nach bhfuil aon intinn dá gcuid fhéin acu an dtuigeann tú – diúltiú dó. Agus dár ndóigh is NATO a bhí ag ‘brú soir’ agus ag cur iachall ar na dupes bochta saonta ar nós Indrek in oirthear na hEorpa ballraíocht a ghlacadh ann agus dá dtuigfeadh siad an scéal i gceart ní bheadh aon bhaol dóibh ón Rúis ach iad a bheith deas leis an Rúis.

  • Áine

    Bhí aithne agam ar bhean tamall de bhlianta ó shin a bhí le fear a bhíodh dá bhualadh. Bhíodh leithscéal éigin aige i gcónaí faoi cén fáth go raibh an locht uirthi fhéin gur spréach sé. Agus leis an bhfírinne a insint duit níorbh aon aingeal í an bhean céanna ach ní ghlacfaidh mé riamh riamh riamh leis go raibh aon leithscéal don íde a thug sé di. Ní haon saineolaí mé faoin Úcráin, ach fiú má tá gach rud a deir Eoin fíor – agus is léir go bhfuil insintí difriúla ar na rudaí ar fad a deir sé – ní haon leithscéal é sin chun ionradh a dhéanamh ar thír eile. Bíonn easaontais idir tíortha an t-am ar fad agus easaontais fíochmhara, ach ní raibh aon údar é i gcóir foréigin agus marú agus ionradh agus cogadh. Níor chuir éinne iachall ar Putin ionsaí a dhéanamh ar an Úcráin agus tosú ag marú daoine. Is rogha a bhí ann. Is éisean atá freagrach as an rogha sin. Feictear dom gur victim blaming atá ar siúl ag Eoghan.

  • Máire

    Cúpla ceist agam ort a Eoghan a chara. 1. An bhfuil sé de cheart ag muintir na hÚcráine a gcinneadh fhéin a dhéanamh faoi cé acu an bhfuil siad ag iarraidh chur isteach ar bhallraíocht i NATO nó nach bhfuil? 2. Má tá cúis imní bailí ag an Putin é baol teoraiciúil go m’fhéidir go mbeadh diúracáin de chuid NATO san Úcráin am éigin sa todhchaí nach cúis imní i bhfad níos don Úcráín é diúracáin na Rúise a bheith taobh leo san Rúis i ndáiríre? Agus ní amháin iad a bheith san Rúis ach iad a bheith i gcuid den Úcráin féin ó 2014? Agus ní amháin na diúracáin ach na tancanna agus na saighdiúirí a bheith ar a gcríocha? An bhfuil tú i ndairíre ag breathnú ar an stair idr an dá thír seo agus an staid reatha agus ag maíomh gur baol slándála níos mó í an Úcráín don Rúis ná vice versa? 3. An cheist céanna maidir leis an Rúis agus na tíortha in oirthear na hEorpa a chuaigh isteach i NATO. Cén fáth dár leat gur ‘baol slándála’ iad na tíórtha sin don Rúis ach nach baol slándála níos mó í an Rúis dóibh siúd? Thuigfeadh mé dá mbeadh tú ag argóint ar son dímhíleatú ar an dá thaobh dála an scéil. Ach bíonn an cuma ar an scéal go nglacfadh do leithéidse leis gur saghas ‘fact of life’ atá ann go mbeidh diúracáin agus buamaí núicléacha agus fórsaí mileata móra ag an Rúis ar theorainn na dtíortha in aice leo, ach má dhéanann na tíortha sin an rud céanna gur cinéal provocation mór atá ann

  • Déaglán

    Sea bíonn roinnt den anailís faoi Nato ag brú soir etc beagáinín simplí agus aontoiseach agus ar nós bolscaireacht Rúiseach, agus tá sé de cheart ag an Úcráin a gcinntí fhéin a dhéanamh ach rinne siad droch chinntí agus spréach siad an béar Rúiseach. D’éirigh le tíortha eile in oirthear na hEorpa iad fhéin a neadú i NATO agus an tAontas Eorpach nuair a bhí an Rúis in ísle brí ar fad. Ach ní mar sin a bhí don Úcráin. Féach ar an léarscáil. Ní féidir an tíreolaíocht a athrú. Ní raibh an Rúis riamh chun scaoileadh leis an Úcráin imeacht as a smacht ar fad. Ba chóir do na hÚcráinigh agus don Iarthar a bheith tar éis sin a thuiscint agus ba chóir don Úcráin a bheith tar éis cluiche níos cliste a imirt. An bhfuil aon tír beag nó ar meánmhéid i ndáiríre iomlán neamhspleách sa domhain ina mairimid? Ach is fíor nach bhfuil aon roghanna maithe ann anois.

  • Eoghan Ó Néill

    Rogha mhaith do na daoine san Úcráin idir thiar agus thoir atá ag troid lena chéile ó 2014 ar aghaidh agus do phobail na Rúise ná sos cogaidh agus teacht chun socrú eatorra féin agus deireadh a chur leis an marú agus an scrios sa tír bhocht sin.

  • Noel

    Deirtear linn gurbh é marú na n-agóideoirí a chas an pobal agus an parlaimint i gcoinne an uachtaráin a bhí ar son na Rúise. Ach nach ait nár gabhadh nó nár ciontaíodh na naoscairí seo riamh? Cui bono?

  • Áine

    Níor tharla sé seo i gcás na mná a raibh aithne agam uirthi ach samhlaíom í ag dul chuig an sagart ag lorg comhairle faoin bhfear a bheith á battaráil agus an sagart ag rá leí gur rogha maith di fhéin agus an fear teacht ar socrú eatorra fhéin chun deireadh a chur leis an aighneas… Táim cinnte go mbeidh áthas ar na hÚcráinigh moladh iontach cabhrach Eoghain a fháil. ‘Cén fáth nár smaoinigh muid fhéín ar sin?’ a déarfaidh siad. ‘Tar éis an tsaoil is fear réasúnta é Putin – tuige nár iarramar air go deas stopadh ag marú muid?’.

  • Art

    Rogha mhaith do na daoine sa tSeicslóvaic idir thiar agus thoir, thuaidh agus theas, agus do phobail na Gearmáine ná teacht chun socrú eatorra féin chun marú agus scrios a sheachaint. N Chamberlain 1938