Na Cúigí ag dul sa ghleo agus deis acu go léir áit a fháil sa bhabhta ceathrú ceannais


Tá seans iontach ag chuile fhoireann ón tír seo babhtaí ceathrú ceannais na hEorpa a bhaint amach

Na Cúigí ag dul sa ghleo agus deis acu go léir áit a fháil sa bhabhta ceathrú ceannais


Is minic liom cúpla euro a chur ar chúigí na tíre seo agus iad ag imirt i gcoinne foirne ón iasacht. Le bheith macánta, cé go raibh mé ag tuar bua do Chúige Laighean, Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht an deireadh seachtaine seo caite, níor thug mé seans na ngrást do Chúige Uladh, fiú agus iad ag imirt i mBéal Feirste, i gcoinne Racing 92, foireann a bhuaigh chuile chluiche a d’imir siad go dtí sin.  Ach mar is eol do chách anois, bhí an lámh in uachtar ag na ceithre chúige an deireadh seachtaine seo caite. Fágann sin go bhfuil seans iontach anois ag chuile fhoireann ón tír seo babhtaí ceathrú ceannais na hEorpa a bhaint amach. 

Is iad Cúige Uladh, laochra an deireadh seachtaine seo caite, is túisce a bheas ag cur chun páirce, agus iad as baile i gcoinne Leicester Shasana inniu, foireann a chaill an Satharn seo caite agus atá as an iomaíocht sna cluichí ceathrú ceannais. Fágann sin go bhfuil seans iontach ag na hUltaigh, fiú agus iad as baile. Mar sin féin, fiú má bhíonn an lá leo an deireadh seachtaine seo tá baol mór ann nach iad a bheas ar bharr Ghrúpa 4 mar go mbeidh Racing 92 sa mbaile agus iad ag imirt i gcoinne na Scarlets, foireann nach bhfuil ach cluiche amháin buaite acu go dtí seo agus gan aon seans acusan ach an oiread na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Fiú mura mbeidh siad ar bharr an tábla tá seans fós ag na hUltaigh a bheith ag imirt sa gcéad bhabhta eile, sin más féidir leo ceithre phointe, nó níos fearr ná sin, a fháil an Satharn seo.

Ar an Satharn freisin a bheas na Muimhnigh ag cur fáilte roimh Exeter, foireann atá ar bharr an Premiership faoi láthair ach nach bhfuil ach dhá chluiche buaite acu sa gcomórtas seo. Mar sin féin níl siad ach ceithre phointe taobh thiar de na Muimhnigh i nGrúpa 2.  Níl aon dabht ach go dtugann an bhearna bheag sin splanc dhóchais do na Sasanaigh cé gur beag atá ag tabhairt seans dóibh í a dhúnadh. Má imríonn na Muimhnigh leath chomh maith féin agus a d’imir siad in Gloucester an Aoine seo caite beidh sé an-deacair iad a shárú. Chomh maith leis sin, má chuireann tú an stair agus an traidisiún atá ag baint le Staid Thuamhan agus lucht leanta dílis na Mumhan san áireamh seans go mbeidh muid na caint anocht faoi chluiche ceathrú ceannais eile d’fhoireann Luimnigh.  

As baile san Ricoh Arena in Coventry a bheas curaidh an chomórtais, Cúige Laighean ag dul chun páirce i gcoinne Wasps an Domhnach beag seo. Níl fiú cluiche amháin féin buaite ag na Wasps sa gcomórtas seo. Mar sin féin ní mór d’fhoireann Leo Cullen, foireann atá ar bharr Thábla 1, a bheith cúramach mar nach bhfuil ach trí phointe idir iad féin agus Toulouse, foireann atá sa dara háit agus a bheas ag imirt sa mbaile i gcoinne Bath, dream nach bhfuil seans acu cáiliú do na babhtaí ceathrú ceannais. Mar sin féin tá mé ag tuar bua eile d’fhir Átha Cliath, bua a chinnteodh cluiche ceathrú ceannais. Níl aon ghlacadh againn le haon toradh eile uathu faoin tráth seo.

Tá na Connachtaigh iad féin ar bharr Ghrúpa 3 de Chorn an Dúshláin, ach tá na pointí céanna leo ag Sale ar (17 pointe ag an dá fhoireann). As baile i gcoinne Bordeaux na Fraince a bheas siad inniu. Bhí dhá phointe dhéag le cois (22-10) ag na Connachtaigh nuair a d’imir siad Bordeaux ar an mBóthar Beag ag deireadh mhí na Samhna seo caite.

Fiú má bhíonn an lá le Bordeaux an Satharn seo, níl seans acu na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach agus fágann sin gur ar an Top 14 atá aird na bhFrancach agus iad ag iarraidh dul níos airde ná séú háit ar thábla an chomórtais sin. Is léir go mbeidh foireann Andy Friend ag iarraidh teacht i dtír ar suime na bhFrancach agus Cúige Chonnacht ar thóir áit sna babhtaí ceathrú ceannais.

Fág freagra ar 'Na Cúigí ag dul sa ghleo agus deis acu go léir áit a fháil sa bhabhta ceathrú ceannais
'