‘Ná caill do spéis sa tsaol … Bí ag déanamh rud éigin más féidir leat’ – comhairle ó fhear Gaeltachta 101 bliain d’aois

Bhí roinnt comhairle ag Jack Máirtín, a bhí 101 bliain d’aois inné, d’éisteoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi conas saol fada a thabhairt leat

‘Ná caill do spéis sa tsaol … Bí ag déanamh rud éigin más féidir leat’ – comhairle ó fhear Gaeltachta 101 bliain d’aois

Jack Mairtin agus a bhean Caitlin

 

Bhí cúis mhaith cheiliúrtha ag fear arb as Corca Dhuibhne ó dhúchas dó inné agus 101 bliain slánaithe aige.

Bhí Jack Máirtín, a rugadh i gCill Chuáin i gCorca Dhuibhne, faoi agallamh ar An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus bhí roinnt comhairle aige d’éisteoirí an chláir faoi conas saol fada a thabhairt leat.

“Éirigh ar maidin, agus coimeád sa tsiúl, agus sin é an chiall go bhfuil mé ar mo chosa fós,” a deir Jack, atá anois ag cur faoi sa Charraig Dhubh i mBaile Átha Cliath.

“Is cuimhin liomsa, nuair a bhí mé i mo leaid óg, na pinsinéirí fadó nuair a bhfaighidís an pinsean, b’shin é an ceann scríbe. Bhídís sa tsiúl go dtí sin, ach ansin maidin lá arna mhárach, bhídís suite sa chúinne agus ní bhogfaidís a thuilleadh, mar cheapadar go raibh an cúrsa rite acu, agus an chéad rud eile bhíodar imithe…”

“Ná caill do spéis sa tsaol … Bí ag déanamh rud éigin más féidir leat, sin í an chomhairle is mó a thabharfainn duit.  Gairdín beag a bheith agat, nó rud éigin go mbeadh suim agat ann.”

Déanann Jack beart de réir a bhriathair agus deir sé go raibh na prátaí curtha aige, agus an t-athchré curtha orthu, agus go raibh an páipéar léite aige ar maidin roimh an agallamh.

Labhair sé ar a óige agus an t-aoibhneas a bhí air ag fás aníos i gCill Chuáin in ainneoin go raibh a chlann bocht.

“Cé go rabhamar bocht agus gan faic againn, agus dá mbeadh pingin agat an uair sin bhís i’d mhilliúnaí, sin é chomh bocht is a bhíodar an uair sin.  Ach bhí saol breá ann mar bhí comhar na gcomharsan agus ná haon rud eile, daoine ag féachaint i ndiaidh a chéile, b’fhéidir go bhfuilid fós, ach n’fheadar bhfuil siad chomh maith is a bhíodar an uair sin.”

Bhí cuimhní geala aige ar na laethanta a chaith sé i Scoil Naomh Eirc i mBaile an Mhóraigh agus deir Jack, a bhí ina mhúinteoir é féin, go bhfuil sé ag súil go mór le ceiliúradh 100 bliain na scoile an bhliain seo chugainn.

D’fhág sé slán leis an gclár le beannacht speisialta.

Ná raibh do lámha riamh gan obair

Ná raibh do sparán riamh folamh

Ná raibh tú riamh tinn ná breoite

Is go raibh an ghaoth i gcónaí i do sheolta.

Go raibh solas Dé ag lonrú de shíor ort

Go raibh bogha báistí tar éis gach díle agat

Go raibh lámha carad i gcónaí farat

Agus go raibh gliondar Dé i do chroí is aiteas.

Guím ort sonas is sláinte

Guím ort grásta Dé

Neart agus fuinneamh gach lá chugat

Gean agus grá go héag.

Fág freagra ar '‘Ná caill do spéis sa tsaol … Bí ag déanamh rud éigin más féidir leat’ – comhairle ó fhear Gaeltachta 101 bliain d’aois'

  • Muiris Ó’Bric

    Sin aglamh chomh maith agus a chualadh riamh. Tháinig sé díreach amach ón gcroí. Tá’n ceart ár fad aige. Chúghat fhéin athá. Aon Lá ná deinim iarracht ní bhím istigh liom fhéin tar éis an lae. Nílim chomh haosta leis an bhfear breá Jack Mháirtín ach i ngiorracht speach de cheithre fichid agus déanfad mo dhícheal a chomhairle a leanúint. Le cúnamh Dé.