Ocht bhfoireann a bheidh fágtha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann faoi thráthnóna amárach agus ceithre chontae eile le slán a fhágáil leis an gcomórtas ag deireadh na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais.
I Staid an Ghearaltaigh atá an chéad chluiche an deireadh seachtaine seo agus Ciarraí ag súil le taispeántas níos fearr a thabhairt sa mbaile in aghaidh an Chabháin ná a tugadh seachtain ó shin nuair a chlis ar fhir na Ríochta i gcoinne na Mí.
Tá athruithe go leor déanta ag Jack O’Connor ar fhoireann Chiarraí agus é ag iarraidh cúrsaí a chur ina gceart. Ábhar faoisimh é do lucht tacaíochta an chontae go bhfuil Diarmuid O’Connor ar fáil arís i ndiaidh an scrios a rinneadh ar Chiarraí i lár na páirce sa gcluiche deireanach. Tosóidh Seán O’Shea agus Brian Ó Beaglaoich i gCill Airne chomh maith agus iad tagtha ar ais ó ghortuithe. Is iad Conor Geaney agus Seán O’Brien an dá athrú eile atá déanta ag Jack O’Connor ar an bhfoireann agus tá Paudie Clifford ainmnithe ar an mbinse.
Athrú amháin atá déanta ag an gCabhán ar an bhfoireann a ghéill 0-31 in aghaidh Thír Eoghain agus Ryan Donohoe ag teacht isteach in áit Oisín Kiernan. Tugadh greadadh d’fhoireann Raymond Galligan sa dá chluiche is déanaí acu agus teastóidh feabhas mór más leo teacht aniar aduaidh ar Chiarraí.
I bPáirc an Chrócaigh atá an cluiche eile i gCraobh Peile na hÉireann tráthnóna agus Corcaigh agus Áth Cliath ag tabhairt aghaidh ar a chéile.
Aisteach go leor, tá an dá chluiche deireanach a d’imir Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh caillte acu, cluiche ceathrú ceannais na hÉireann anuraidh in aghaidh na Gaillimhe agus an cluiche in aghaidh Ard Mhacha i mbabhtaí na ngrúpaí ag tús na míosa. Beidh Áth Cliath imithe ón gcraobh má chailleann siad an tríú ceann as a chéile ach bhí cuma láidir orthu in aghaidh Dhoire an tseachtain seo caite agus leithéidí Con O’Callaghan agus Chiarán Kilkenny ar ais ar a seanléim agus Peadar Ó Cofaigh Byrne agus Brian Howard ag cruthú go maith freisin.
Níl aon athrú déanta ag Dessie Farrell ar an bhfoireann a chuaigh chun páirce seachtain ó shin agus is é an scéal céanna é ag Corcaigh, a bhuaigh ar Ros Comáin chun na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach. Is iad fir na príomhchathrach rogha na coitiantachta don chluiche ach má éiríonn le Colm O’Callaghan agus Ian Maguire ceannas a fháil ar lár na páirce, níl siad gan seans.
Ansin ar an Domhnach, tá turas fada roimh mhuintir na Gaillimhe agus iad ag déanamh ar Pháirc Esler ar an Iúr. Bhí bua maith ag foireann Phádraic Joyce in aghaidh Ard Mhacha Dé Sathairn seo caite agus cé go raibh an lucht leanta níos sásta gurb iad an Dún seachas Ciarraí nó Dún na nGall a tháinig as an hata, caithfidh na Gaillimhigh a bheith i mbarr a maitheasa chun an fhoireann baile a shárú.
Bhí mí-ádh ceart ar Conor Laverty agus a chuid imreoirí nár bhuadar in aghaidh Mhuineacháin an tseachtain seo caite agus leithéidí Danny Magill, Odhran Murdock agus Pat Havern, a d’aimsigh 0-12 in aghaidh Mhuineacháin, ag imirt go han-mhaith i láthair na huaire. Tá fear Chill Chua, Eugene Branagan, tugtha isteach ar an bhfoireann don chluiche amárach.
Tá cúpla athrú déanta ag Pádraic Joyce ón gcluiche in aghaidh Ard Mhacha ach tá Conor Flaherty roghnaithe sa gcúl arís aige. Tá Cian Hernon ainmnithe i measc na gcosantóirí in áit Jack Glynn agus Paul Conroy ainmnithe i lár na páirce arís. Tá Damien Comer ainmnithe ar an mbinse ag Joyce.
Is é an cluiche idir Dún na nGall agus contae Lú an cluiche deireanach sna réamhbhabhtaí ceathrú ceannais. Bhuaigh seaimpíní Laighean ar chontae an Chláir an tseachtain seo caite chun an babhta seo a bhaint amach ach rinneadar obair chrua den chluiche agus taispeántas níos fearr ag teastáil inniu. Bhí imní ann faoi Craig Lennon agus an cúl báire Niall McDonnell agus iad gortaithe an Domhnach seo caite ach tá siad ainmnithe arís ar an bhfoireann ag Ger Brennan agus Dermot Campbell tugtha isteach sa líne lánchúil aige chomh maith.
Athrú amháin atá déanta ag Jim McGuinness agus fear Ghaoth Dobhair, Daire Ó Baoill tagtha isteach arís. D’aimsigh Ó Baoill scór tábhachtach sa gcluiche in aghaidh Mhaigh Eo agus cé gur bhuaigh na Conallaigh an cluiche sin, tá an chuma orthu go bhfuil tuilleadh dul chun cinn fós le déanamh más leo seans a bheith acu Corn Mhig Uidhir a thabhairt leo.
Amárach freisin a bheidh cluiche leathcheannais Chorn Tailteann i bPáirc an Chrócaigh. Dhá fhoireann ó Roinn 4 a bheidh sa gcluiche sin agus Luimneach agus Cill Mhantáin le haghaidh a thabhairt ar a chéile. Is iad Cill Dara rogha na coitiantachta chun an corn a thabhairt leo anois agus an Iarmhí cloíte ag Cill Mhantáin an tseachtain seo caite ach beidh Fear Manach ag iarraidh teacht aniar aduaidh orthu sa gcluiche leathcheannais eile.
Craobh Shinsir Peile na hÉireann
Ciarraí v An Cabhán – Staid an Ghearaltaigh, 15:30 (Beo ar GAA+) Dé Domhnaigh, 22 Meitheamh
Craobh Shinsir Peile na hÉireann
Gaillimh v An Dún – Páirc Esler, 13:45 (Beo ar GAA+) Corn Tailteann
Luimneach v Cill Mhantáin – Páirc an Chrócaigh, 14:00 (Beo ar RTÉ)
Áth Cliath v Corcaigh – Páirc an Chrócaigh, 18:15 (Beo ar GAA+)
Dún na nGall v Lú – Páirc Mhic Cumhaill, 16:00 (Beo ar GAA+)
Cill Dara v Fear Manach – Páirc an Chrócaigh, 16:00 (Beo ar RTÉ)
Fág freagra ar 'Na boic mhóra ag filleadh do Chiarraí agus na réamhbhabhtaí ceathrú ceannais romhainn'