Tá spriocanna maidir le múineadh na Gaeilge luaite i bplean nua atá foilsithe ag an Aire Oideachais.
D’fhoilsigh an tAire Helen McEntee Plean Oideachais 2025 a Roinne an tseachtain seo agus cuspóirí ann maidir lena pleananna teagasc na Gaeilge a fheabhsú i scoileanna lán-Ghaeilge agus i scoileanna lán-Bhéarla.
Tá sé athdhearbhaithe sa bplean go bhfuil an polasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht le foilsiú sa bhfómhar agus deirtear go gcuirfear tús le cur i bhfeidhm an pholasaí “i gcomhar le páirtithe leasmhara” sa tríú ráithe den bhliain.
Tá bagairt déanta ag eagraíochtaí teanga agus oideachais gan comhoibriú le cur i bhfeidhm an pholasaí mura dtiocfaidh athrú ar chur chuige na roinne ina thaobh, áfach.
Níl na heagraíochtaí sásta leis an gcreat a cuireadh os a gcomhair i bhfómhar na bliana seo caite agus, i litir a cuireadh chuig an Aire Oideachais, iarradh go bhfoilseofaí dréachtpholasaí le deis a thabhairt do gheallsealbhóirí é a bhreithniú agus ionchur a bheith acu san ábhar. Is léir ón bplean nua nach bhfuil sé i gceist an dréachtpholasaí a fhoilsiú, áfach.
Tá an Roinn Oideachais ag obair i láthair na huaire freisin ar pholasaí do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna Béarla. Tá sé mar aidhm ag an Roinn an plean sin a fhoilsiú sa bhfómhar agus go mbeadh sé á chur i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana.
Tá sé i gceist ag an Roinn freisin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an scéim FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha), a reáchtáladh ar dtús ar bhonn píolótach in 2019. Faoin scéim sin, bíonn an Ghaeilge á teagasc i scoileanna Béarla tríd an gcorpoideachais agus ábhair eile.
Tugtar cuireadh do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna páirt a ghlacadh sa scéim agus tá an roinn ag iarraidh go mbeadh tuilleadh scoileanna páirteach inti sa scoilbhliain seo chugainn, 2025/26.
Faoi láthair, dírítear ar pháistí sna naíonáin agus ar pháistí i Rang a 5 agus Rang a 6 sna bunscoileanna ach tá sé i gceist acmhainní a chur ar fáil chun deis a thabhairt do pháistí i Rang a 1 agus Rang a 2 páirt a ghlacadh sa scéim.
Breis is 100 beart ar fad atá sa bPlean Oideachais 2025. Ina measc, tá Seirbhís Teiripe Oideachais nua a bhunú agus é fógartha go bhfuil cead an rialtais faighte chun suas le 90 teiripeoir a chur ar fáil ar bhonn céimnithe i 45 scoil speisialta.
Fág freagra ar 'Polasaithe nua don Ghaeilge le cur i bhfeidhm i scoileanna roimh dheireadh na bliana – An tAire Oideachais'