Ná bí i do bhabaí mór Mamaí, níl ann ach tástáil Covid… 

Tá muid chomh cleachta ar na tástálacha víris anois is atá muid ar scuabadh na bhfiacla – agus bíonn a gclampar féin ag baint leis an dá chúram

Ná bí i do bhabaí mór Mamaí, níl ann ach tástáil Covid… 

‘An bhfuil cead agam do theist-se a dhéanamh Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom maidin Dé Máirt is muid ar ais ar an tástáil antaigine don Covid-19.  Bíonn muid á ndéanamh chomh minic anois agus gur gearr go mbeidh muid chomh cleachta orthu is atá ar scuabadh na bhfiacla, is tarraingíonn sé sin é fhéin raic scaití.

Tá muid ag streachailt linn ar leathchos go ceann scríbe agus saoire na Nollag. Má chloiseann muid aon leath-shnaofairt ar chor ar bith tá na teisteanna antaigine á dtarraingt amach ar fhaitíos na bhfaitíos.

‘Níl a fhios agam,’ a dúirt mé leis an mBabaí nuair a d’iarr sé orm an bhféadfadh sé an teist a dhéanamh ormsa.

Ní hé an rud is deise ar domhan é maipín a bheith á chur suas do shrón fiú nuair is gairmí sláinte agus traenáil orthu atá á dhéanamh. Cén seans a bheadh agam agus leaidín i Rang a hAon á dhéanamh?

Chuimhnigh mé ansin gur maith ann an neamhspleáchas a mhúineadh don duine óg agus d’athraigh mé m’intinn.

‘An éistfidh tú leis na treoracha ar fad?’ a d’fhiafraigh mé dhe.

‘Éisteoidh,’ a dúirt sé go sollúnta.

‘Is an mbeidh tú an-chúramach?’

‘Beidh,’ a deir sé.

‘Ok mar sin,’ a dúirt mé. Bhí an margadh déanta.

D’oscail muid amach an teist antaigine, an cárta ar dtús leis an stráice tástála air agus leag muid amach ar bhord na cistine é. Leag muid an buidéilín catalaíoch lena thaobh agus ansin d’oscail an Babaí an pacáiste ina raibh an maipín féin. Ní raibh aon dul siar anois ann.

‘Suigh síos ansin Mamaí agus relax,’ a dúirt sé.

Shuigh mé síos ar chathaoir in aice leis an láthair tástála. Is i bhfad ón suaimhneas a bhí mé.

‘Déanfaidh mé do theist anois,’ a dúirt sé.

Dhún mé mo shúile agus chuir mé siar mo chloigeann. ‘Cén chaoi a raibh mé tagtha go dtí an crosbhóthar seo i mo shaol?’ a chuimhnigh mé.

‘An bhfuil tú réidh Mamaí?’ a d’fhiafraigh sé díom. ‘Tá mé a dhul an swab a shá suas i do shrón anois.’

A shá suas inti?

‘Fan soicind!’ a dúirt mé le teann práinne is mé ag éirí aníos as an gcathaoir. ‘Níl aon chall duit é a ‘shá’ suas ann. Is leor é a chur suas ann go deas réidh.’

‘Sin é a bhí i gceist agam,’ a dúirt sé. ‘Ná bí i do bhabaí mór Mamaí.’

Shuigh mé síos arís. Dhún mé mo shúile is chuir mé siar mo chloigeann. D’airigh mé an maipín ag déanamh a bhealaigh suas mo pholláire go deas réidh i dtreo chúl mo shúl.

Deirtear sna treoracha a théann leis an teist gur chóir an maipín a chuir 2 – 3 cm, nó thart ar orlach, suas sa bpolláire is é a chasadh timpeall cúig uaire sula dtógfaidh tú anuas arís é. 

Déarfá nach tada é orlach ach m’anam go n-airíonn sé sách fada nuair is orlach an mhaipín suas do pholláire atá ann.

Chuala tú trácht ar chasadh an tsúgáin, bhuel is casadh an mhaipín a bhí againne ina dhiaidh sin, is thosaigh an Babaí ag comhaireamh. ‘1, 2, 3, 4, 5!’

‘Buíochas mór le Dia!’ a chuimhnigh mé. ‘Go raibh maith agat,’ a dúirt mé. ‘An bhfuil mé réidh?’ Is thosaigh ag éirí den chathaoir.

‘Fan nóiméad,’ a deir sé. ‘An polláire eile anois, Mamaí.’

Fág freagra ar 'Ná bí i do bhabaí mór Mamaí, níl ann ach tástáil Covid… '