Na babhtaí leathcheannais ar siúl i nDún na nGall, peileadóirí na Rinne ag cur chun páirce

Imreoidh Naomh Adhamhnáin in aghaidh Chill Charthaigh agus Gaoth Dobhair in aghaidh Naomh Conaill sna babhtaí leathcheannais i nDún na nGall agus tá cluichí eile le himirt i nGaillimh, Port Láirge, Ciarraí agus Maigh Eo

Na babhtaí leathcheannais ar siúl i nDún na nGall, peileadóirí na Rinne ag cur chun páirce

Dún na nGall

Dé Sathairn, an 24 Meán Fómhair
Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Naomh Adhamhnáin v Cill Charthaigh – Páirc Mhic Cumhaill, 8.00in

Dé Domhnaigh, an 25 Meán Fómhair
Craobh Shinsir Peile Dhún na nGall
Naomh Náille v Ard an Ráth – Na Cealla Beaga, 1.00in
Gaoth Dobhair v Naomh Conaill – Páirc Mhic Cumhaill, 4.00in

Is iad Naomh Adhamhnáin, Cill Charthaigh, Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill foirne móra na craoibhe i nDún na nGall le tamall agus an comórtas buaite acu uile le cúig bliana anuas. Is iad a bhí ina roghanna na coitiantachta ag tús na bliana agus is iad a bheidh ag imirt sna babhtaí leathcheannais an deireadh seachtaine seo.

Ón méid atá feicthe againn go dtí seo sa chraobh, tá Naomh Adhamhnáin – curaidh 2021 – agus Cill Charthaigh céim chun tosaigh ar an dá fhoireann eile ach ní bhainfidh ach ceann acu an cluiche ceannais amach agus iad in aghaidh a chéile tráthnóna. Bhí Patrick McBrearty agus Ciarán McGinley ar fheabhas i mbua Chill Charthaigh ar na Cealla Beaga an tseachtain seo caite ach beidh orthusan agus muintir McHugh a bheith i mbarr a maitheasa arís más leo cumann Leitir Ceanainn a shárú. Bhuaigh Naomh Adhamhnáin go héasca ar Naomh Micheál an tseachtain seo caite.

Sa chluiche leathcheannais eile, beidh Gaoth Dobhair agus Naomh Conaill in adharca a chéile arís i gcluiche mór. Tá Gaoth Dobhair ag dul ó neart go neart sa chraobh agus imreoirí tábhachtacha a bhí in easnamh orthu ag filleadh de réir a chéile. Ní raibh ach pointe amháin le spáráil acu in aghaidh Aodh Ruadh sna babhtaí ceathrú ceannais, 0-8 in aghaidh 0-7, ach seasfaidh an dúshlán sin dóibh inniu.

Cluiche crua a bhí ag Naomh Conaill freisin agus Gleann tSúilí sáraithe acu faoi dheireadh acu a bhuíochas do chúil Eunan Doherty agus Leo McLoone. Meastar go bhfuil fir na nGleanntach beagáinín níos laige ná mar a bhí blianta eile ach ní chuirfeadh ach amadán as an áireamh iad.

Sna babhtaí dícháilithe, tabharfaidh dhá fhoireann Ghaeltachta – Naomh Náille agus Ard an Rátha – aghaidh ar a chéile i gcluiche leathcheannais eile ar an Domhnach. Is idir Bun Dobhráin agus Baile na nGallóglach a bheidh an cluiche leathcheannais dícháilithe eile.

Gaillimh

Dé Sathairn, an 24 Meán Fómhair
Craobh Idirmheánach Peile na Gaillimhe
Oileáin Árann v Micheál Breathnach – Staid an Phiarsaigh, 3.00in

Dé Domhnaigh, an 25 Meán Fómhair
Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe
Uachtar Ard v An Spidéal – Staid an Phiarsaigh, 3.00in
Maigh Cuilinn v Naomh Anna, Leitir Móir – Ros Muc, 3.00in
Eanach Cuain v Bearna – Staid an Phiarsaigh, 4.45in
Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach v An Cheathrú Rua – Indreabhán, 4.45in

Is ag iarraidh na babhtaí dícháilithe a sheachaint seachas na babhtaí díbeartha a bhaint amach a bheidh formhór fhoirne Chonamara i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus an babhta deireanach i mbabhtaí na ngrúpaí á imirt.

Is iad seaimpíní 2020, Maigh Cuilinn, an t-aon dream ó iarthar an chontae a bhainfidh na cluichí ceathrú ceannais amach. Cáileoidh siad pé toradh a bheidh ar a gcluiche in aghaidh Naomh Anna, Leitir Móir Dé Domhnaigh. Beidh Naomh Anna slán sa Chraobh Shinsir ar feadh bliana eile má theipeann ar Uachtar Ard an ceann is fearr a fháil ar An Spidéal i gcluiche eile i nGrúpa 1. Tá na babhtaí dícháilithe i ndán d’fhir an Spidéil, ach má bhuann siad an deireadh seachtaine seo, beidh deis bhreise acu fanacht sa phríomhchomórtas.

I nGrúpa 2, tá Bearna agus An Cheathrú Rua fós i mbaol. Ní theastaíonn ach comhscór ó Bhearna in aghaidh Eanach Cuain lena chinntiú go mbeidh siad sa Chraobh Shinsir arís an bhliain seo chugainn. Dá mbuailfí Bearna go trom, thabharfadh sé seans don Cheathrú Rua na babhtaí dícháilithe a sheachaint. Bheadh Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach fós le bualadh ag an gCeathrú Rua ach cuideoidh sé leo go bhfuil fir na cathrach cáilithe do na babhtaí ceathrú ceannais cheana féin. Chaithfeadh An Creagán-Maigh Locha an ceann is fearr a fháil ar Naomh Séamus freisin.

Sa Chraobh Idirmheánach, tabharfaidh an dá fhoireann Ghaeltachta atá fanta sa chomórtas aghaidh ar a chéile sna babhtaí ceathrú ceannais inniu. Tá Oileáin Árann á lua le hardú céime tar éis dóibh trí chluiche as a chéile a bhuachan sa ghrúpa. Ní hé nach bhfuil seans ar bith ag Micheál Breathnach sa chluiche ach beidh feabhas ag teastáil ar na taispeántais a thugadar go dtí seo.

Port Láirge

Cuirfidh peileadóirí na Rinne tús lena bhfeachtas craoibhe an deireadh seachtaine seo agus iad ag imirt in aghaidh na hUidhre i nGrúpa D de Chraobh Shinsir Peile na nDéise.

Bhuaigh An Uidhir a gcéad chluiche an deireadh seachtaine seo caite in aghaidh an tSráidbhaile agus, gan ach trí fhoireann sa ghrúpa, bainfidh siad na babhtaí ceathrú ceannais amach má bhuann siad inniu.

Fágann struchtúr nua na craoibhe nach mbeidh deireadh leis an Rinn fiú má chríochnaíonn siad ag bun Ghrúpa D. Rachaidh na foirne a chríochnaíonn sa dara agus sa tríú háit sa ghrúpa ar aghaidh go dtí réamhbhabhtaí ceathrú ceannais. Rachaidh buaiteoirí na gcluichí sin ar aghaidh sa chraobh agus rachaidh na foirne a chaillfidh i dtreo na mbabhtaí dícháilithe

Dé Domhnaigh, an 25 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile Phort Láirge

An Uidhir v An Rinn – Páirc Uí Fhearchair, 3.30in

Ciarraí

Imreofar na cluichí deireanacha i mbabhtaí na ngrúpaí i gCraobh Shinsir Peile Chiarraí an deireadh seachtaine seo ach is beag tábhacht atá le cluichí foirne Chorca Dhuibhne, ná formhór na gcluichí i ndáiríre agus trí cinn de na grúpaí socraithe cheana féin.

Tabharfaidh Ciarraí Thiar aghaidh ar Na Gaeil inniu ach ní féidir le Ciarraí Thiar teacht slán ó Ghrúpa 3 agus an dá chluiche eile go dtí seo caillte acu. I nGrúpa 2, tá an Daingean agus Ciarraí Thoir tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais agus imreoidh siad in aghaidh a chéile amárach le fáil amach cé a chríochnóidh ar bharr an ghrúpa.

An t-aon ghrúpa atá fós idir dhá cheann na meá ná ceann Chiarraí Theas, Grúpa 4. Tá deis fós ag Ciarraí Theas na babhtaí ceathrú ceannais a bhaint amach má bhuann siad ar dhúiche Naomh Breandán Dé Domhnaigh, chomh fada is go gcaillfidh An Teampall Nua in aghaidh Raonaithe na Féile. Mura bhuann na Raonaithe, atá tríd cheana féin, beidh rás Chiarraí Theas rite.

...
Dé Sathairn, an 24 Meán Fómhair

Craobh Shinsir Peile Chiarraí
Ciarraí Thiar v Na Gaeil – Gallaras, 5.30in

Dé Domhnaigh, an 25 Meán Fómhair
Craobh Shinsir Peile Chiarraí
An Daingean v Ciarraí Thoir – Páirc an Ághasaigh, 2.30in
Ciarraí Theas v Naomh Breandán – Cathair Saidhbhín, 2.30in

...

Maigh Eo

Socrófar cé a bheidh ag dul tríd go dtí na babhtaí ceathrú ceannais de Chraobh Shinsir Peile Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo agus níl aon fhoireann curtha as an áireamh go fóill i ngrúpa Bhéal an Mhuirthead.

Buille a bhí ann don chumann Gaeltachta gur chaill siad in aghaidh Chlár Chlainne Mhuiris sa dara babhta ach d’fhéadfadh Béal an Mhuirthead, a bhuaigh cluiche ceannais na bliana seo caite, dul tríd má bhuann siad ar Bhréachmhaigh inniu. Tá Bréachmhaigh nach mór cinnte d’áit sna babhtaí ceathrú ceannais cheana féin agus fágann an briseadh a bhí ann an deireadh seachtaine seo caite gur mó seans go mbeidh Ryan O’Donoghue ar fáil do Bhéal an Mhuirthead.

Sa Chraobh Idirmheánach, tá Cill tSéadhna i mbaol dul síos go grád na sóisear agus gan ach bliain ann ó díbríodh ón Chraobh Shinsir iad. Críochnóidh siad ag bun Ghrúpa 2 pé rud a tharlóidh ina gcluiche in aghaidh Bhaile an Róba Dé Domhnaigh agus na babhtaí dícháilithe atá anois rompu.

...
Dé Sathairn, an 24 Meán Fómhair
Craobh Shinsir Peile Mhaigh Eo
Béal an Mhuirthead v Bréachmhaigh – Crois Mhaoilíona, 5.00in

Dé Domhnaigh, an 25 Meán Fómhair
Craobh Idirmheánach Peile Mhaigh Eo
Cill tSéadhna v Baile an Róba – Cathair na Mart, 2.00in

...

Fág freagra ar 'Na babhtaí leathcheannais ar siúl i nDún na nGall, peileadóirí na Rinne ag cur chun páirce'