Na 5 táirge is fearr ó cheárta Netflix go dtí seo

Tá an tslí a slogann tomhaltóirí ábhar físe athruithe ó bhonn, ach cad iad na cláir is fearr atá le feiscint ar an tseirbhís?

house_of_cards_wallpapers_1920x1080_03

Níl séirbhís shruthaithe Netflix ar an bhfód ach le hocht mbliana agus i rith an ama sin, tá an tslí a slogann tomhaltóirí ábhar físe athruithe ó bhonn agus tá tionscal na DVDanna sna croití deireanacha, dá bharr.

Is íorónach an mhaise é gur mar chomhlacht DVDanna a bunaíodh an neach seo a chuirfidh deireadh le ré an DVD. Go deimhin, tá an comhlacht anois ag guailleáil isteach i ngarraithe na teilifíse agus na pictiúrlainne.

Le blianta beag anuas, tá Netflix luite amach orthu féin le saothair nua, nó original content, faoi mar a thugann siad orthu. Tá moladh nach beag tuillte ag leithéidí House of Cards agus lucht féachana nua á mhealladh le saothair shnasta atá inchurtha le haon rud ós na ceártaí móra.

Tá cad é bús cheana féin faoin tsraith nua Narcos, a sheolfar an mhí seo chugainn. Díreoidh sé ar chairtéil drugaí na Colóimbe ag tús na n-ochtóidí, Pablo Escobar go háirithe, agus iarrachtaí na Meiriceánach dul i ngleic leo.

Seo hiad na táirgí is fearr ó cheárta Netflix go dtí seo, mar sin.

5. Marco Polo: Sraith mhórthaibhseach agus léiriú go bhfuil Netflix dáiríre faoi dhul i ngleic leis na ceártaí móra. Pingíní móra caite ar an saothar seo a dhíríonn ar ghaiscí thaiscéalaí chlúitigh an teidil is é sáinnithe i gcúirt Kublai Khan na Síne sa tríú haois déag. Comhcheilg pholaitiúil, foréigean agus gnéas le tírdhreacha na  hIodáile agus na Casacstáine mar chúlra.

4. Lilyhammer: Ar an gcéad luí súl, thaibhseofaí duit nach bhfuil ann ach an sop in áit na scuaibe. Claochlú ar cheann de na carachtair ba shuaithinsí in The Sorpranos, Sil, á léiriú ag an aisteoir céanna, Steve Van Zandt. Ní hionann an cófra agus a lucht, áfach, mar tá éirithe leis an tsraith seo a iomaire féin a rómhar. Tá drongadóir Van Zandt ar deoraíocht agus ar a theitheadh san Iorua ach é ag iarraidh saol nua a chruthú dó féin. Briseann an dúchas, áfach.

3. Bloodline: Maíonn mórán gurb é seo an bas ar fad acu. “We’re not bad people, but we did a bad thing, ” an mana atá leis an tsraith seo a dhíríonn ar mhuintir Rayburn a bhfuil go leor údar náire acu. Tosaíonn said seo ag teacht go barr uisce nuair a fhilleann an ruagaire reatha de dheartháir ar an bhfód dúchais. Tá cliar cumasach anseo: Kyle Chandler, Chloë Sevigny agus Sissy Spacek ina measc. Cé nach bhfuil ach séasúr amháin gafa tharainn, tá móran i ngreim ag an tsraith.

2. Orange is the New Black: Cnuasach carachtar/cliar a bhí baineann den chuid is mó. Clochmhíle be ea an tsraith seo gan aon agó. Bunaithe, go pointe, ar leabhar Piper Kerman, bean a chaith bliain i bpríosiún ban. Cé gur mheall na radharcanna leispiacha go leor cainte ag an tús, is é an measán mearaí de charachtair mar aon leis an tslí a bhfuil an greann measctha leis an réalachas máithreacha an chláir agus an chúis go bhfuil lucht leanúna dílis aige.

1. House of Cards: Cé nach raibh an dara ná an tríú sraith chomh mealltach leis an méid a tháinig rompu, tá an lucht féachana fós faoi dhraíocht ag scéiméireacht Frank Underwood. D’eascair an saothar seo as táirge Sasanach den ainm céanna agus leanaimid carachtar Spacey ar a aistear díoltasach, foréigeanach go dtí an Teach Bán. Cé gurb é carachtar Kevin Spacey a mheall go leor cainte ag an tús agus an ceathrú falla á bhriseadh aige, is í Robin Wright, mar bhean chéile Frank, is mó atá ag tarraingt airde anois.

Fág freagra ar 'Na 5 táirge is fearr ó cheárta Netflix go dtí seo'