Na 5 Fhíseán Gaeilge is fearr ó 2014

Súil siar ar na físeáin Ghaeilge is fearr a rinneadh i 2014

Tá deireadh na bliana ag teannadh linn agus tá súil siar caite ag Tuairisc.ie ar na físeáin Ghaeilge ar thug muide suntas dóibh i rith 2014. Tá cáil ar chuid acu agus cuid acu nach bhfuil an oiread sin cáil fós orthu. Chuaigh siad ar fad i bhfeidhm orainn bealach amháin nó bealach eile. Bainigí taitneamh astu! Fág trácht thíos má tá a sárú feicithe agaibh!


 

5. Reoite sa Bhrasaíl

Ar ndóigh, ní hiad TG Lurgan amháin atá ag cur na Gaeilge chun cinn trí mheán na hamhránaíochta nua-aimseartha. Ó tháinig an scannán Frozen amach ag deireadh na bliana seo caite, is beag duine in Éirinn nár chuala an t-amhrán ‘Let It Go’ a bhuaigh Oscar i mbliana. Tá an t-amhrán clúiteach céanna tiontaithe go Gaeilge ag Natália Danzmann agus cé nach bhfuiltear tar éis breathnú ar an bhfíseán seo ach 45 uair go dtí seo, tá muide den tuairim gur ceart aird a tharraingt ar iarracht an Bhrasaíligh óig atá i mbun na réabhlóide 8,700 km i gcéin.


 

4. Lorde Lurgan

Tá muid uilig i dtaithí ar cheol TG Lurgan in Indreabhán le cúpla bliain anuas. Tá os cionn tríocha físeán crochta acu i mbliana amháin agus cé go bhfuil chuile cheann acu ar ardchaighdeán, bíonn sméar mhullaigh ar an dris i gcónaí. I mbliana b’iad scoláirí Chúrsa A faoi stiúir Jenny Ní Ruiséil agus a leagan de Royals le Lorde a bhain an anáil dínn.


 

3. Meancóg Mhairéad

Is chun leas chraoltóireacht agus iriseoireacht na Gaeilge a bheadh sé dá mbeadh muid ar fad chomh gairmiúil agus críochnúil inár gcuid oibre is a bhíonn Mairéad Ní Chuaig, láitheoir agus cailín aimsire TG4. Faraor, ní raibh aon neart ag Mairéad bhocht ar an bhfabht teicniúil a d’fhág gur chraol TG4 an mhír seo di agus í ag cleachtadh a línte! (FOINSE: bula.ie)


 

2. Gadaithe na Gaeilge

Bhí tráth ann agus dá ngoidfí brat ó Chonradh na Gaeilge i lár na hoíche, d’fhógrófaí éigeandáil, scríobhfaí litreacha fada chuig na nuachtáin faoi mheon frith-Ghaelach na haoise agus shiúlfadh duine nó beirt go Teach Laighean lena bhfearg a léiriú. Ach na laethanta seo, déantar iarracht mhaith an eagraíocht a choinneáil leis an zeitgeist agus chuaigh samhlaíocht agus gliceas an fhíseáin seo go mór i bhfeidhm orainn agus 44,000 duine eile.


 

 1. FÍSEÁN GAEILGE NA BLIANA: Garth i nGallaras

Ní dhéanfar dearmad go deo ar mhórscéal Ghearóid Uí Shrutháin (nó Garth Brooks mar a thugtar air go háitiúil) agus a chuid ceolchoirmeacha i bPáirc an Chrócaigh i 2014. Is iomaí lagiarracht ar an ngreann a spreag Sága an tSamhraidh ach cuireann an físeán seo a rinneadh do Chumann Caide na Gaeltachta sna tríthí i gcónaí muid. ‘Fán fada ar Chroke Park!’ Scigaithris den scoth ó Iarthar Duibhneach.


 

Fág freagra ar 'Na 5 Fhíseán Gaeilge is fearr ó 2014'

  • Natalia

    Níl nasc ar bith ag obair (do na físeáin ar fad). B’fhéidir gur fadhb é anseo amháin ach b’fhearr é a rá ar eagla na heagla. Áthas an domhain orm go bhfuilimse sa liosta seo, dála an scéil :) Tá súil agam go mbainfidh páistí sult as mo chuid aistriúcháin, sna Gaeltachtaí fiú.

  • CLG Na Gaeltachta

    Táimid fós ag fanacht le Garth – níor tháinig an bligeard fós. Dulta amú sa champervan is dócha…