Mura ndéantar ach daoine a bhfuil deacrachtaí acu a mhaslú, rachaidh cuid acu leis an gciníochas

Ní hiad na teifigh a chruthaíonn an neamhaird agus easpa seirbhísí ach an rialtas agus na polasaithe a leanann siad

Mura ndéantar ach daoine a bhfuil deacrachtaí acu a mhaslú, rachaidh cuid acu leis an gciníochas

An ciníochas é nuair a dhéanann pobal agóid i gcoinne easpa seirbhísí is an easpa acmhainní ina gceantar nuair a bhrúnn an rialtas tuilleadh daoine isteach?

Cinnte, is radharc gránna é a bheith ag breathnú ar shlua ag caitheamh anuas ar theifigh nó daoine ag lorg dídine, agus is beart gránna é nuair a bhaineann daoine atá ciníoch leas as míshástacht an phobail le clár ciníoch a chur chun cinn.

Ach ní dóigh liom gur réiteach ar bith ar an scéal ciníochas a chaitheamh le lucht ns hagóide go léir, ar mhaithe lena gcur ar ais sa mbosca ar mhaith linn go bhfanfaidís ann.

Tá ábhar gearáin ag pobal an Phoirt Thoir, mar atá ag pobal Chill Dara agus áiteachaí eile ar fud na tíre.

Níor tugadh aird ar bith ar a gcuid gearán faoin easpa seirbhísí is eile, agus anois tá an rialtas ag cur leis na deacrachtaí áitiúla trína thuilleadh daoine a lonnú ann.

Sa bPort Thoir i mBaile Átha Cliath tá pobal seanbhunaithe ann, ach is ceantar gan mórán seirbhísí é freisin. Bhí daoine ansin ag iarraidh le tamall seanfhoirgneamh an Bhoird Soláthar Leictreachais a chur ar fáil don phobal mar ionad oiliúna, ionad caitheamh aimsire agus ionad tithíochta.

Dhiúltaigh an rialtas aon rud a phlé leis an bpobal sin.  Bhí – agus tá – an oiread sin dímheasa ag na húdaráis ar an bpobal áitiúil gur cuma leis na daoine mór le rá tuairimí, dearcadh agus mianta an phobail.

Agus is fiú a thabhairt faoi deara nach bhfuil aon chinneadh den chineál seo á dhéanamh maidir le ceantar Charraig an tSionnaigh, nó aon áit eile i mBaile Átha Cliath ina bhfuil cónaí ar dhaoine saibhre.

Is iad na ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste a chaithfeas glacadh le tuilleadh brú orthu, nó go ndéarfaí gur lucht ciníochais iad.

Sí firinne an scéil ná gur fhógair an rialtas nach mbeadh aon teorainn ar líon na dteifeach, go háirithe ón Úcráin, a ligfí isteach, ach nach ndearnadh aon phleanáil dóibh.

Ar ndóigh ní raibh aon phleanáil ar siúl le blianta ach an oiread dár saoránaigh féin a bhí fágtha gan dídean, ach tugadh le fios gur ciníochas – sea – a leithéid a lua.

Agus an toradh?  Tá sé le feiceáil nach féidir linn freastal ar líon na dteifeach, ón Úcráin agus ó thíortha eile, atá tagtha anseo. Agus is cuma leis na húdaráis cén tionchar a bheidh ag cinneadh ar bith ar dhaoine áitiúla: caithfidh siad glacadh leis, is ní thugtar aon aird orthu.

Ábhar ionaidh mar sin nach bhfuil níos mó ciníochais ann agus tá a lán daoine ag tabhairt foláirimh faoi seo le tamall.  Ach arís is cuma leo siúd atá i gcumhacht.

Maidir leis na hagóidí, ceapaim go raibh an ceart ar fad ag Eoin Ó Broin nuair a dúirt sé gur chóir fearg a bheith ar dhaoine, faoin easpa tithíochta, seirbhísí is eile, ach gur chóir an fhearg sin a dhíriú orthu siúd atá ciontach.

Mar ní hiad na teifigh a chruthaíonn an neamhaird nó na heaspaí ach an rialtas agus na polasaithe a leanann siad.

Más mall féin é, tá am fós ag an rialtas tosú ar phleanáil a dhéanamh le hionaid chónaithe is árais dídine a thógáil, ní hamháin le haghaidh na dteifeach ach le haghaidh ár muintir féin freisin.  Dár muintir féin ar dtús.

Tá a leithéid á mholadh ag Catherine Day, iar-státseirbhíseach an Aontais Eorpaigh atá mar chomhairleoir ag an Aire Leanaí Roderic O’Gorman.

Ach féach an chaoi go labhraíonn sí faoin scéal.  In alt san Irish Times deir sí go gcaithfear córas ceart a bhunú chun cumarsáid a dhéanamh le pobail áitiúla ionas go dtuigfidh siad nach mbeidh aon tionchar diúltach ag teifigh ar sheirbhísí.

Sí an fhadhb a bhaineann leis sin ná go mbeidh drochthionchar aige ar sheirbhísí áitiúla agus is maith a thuigeann an pobal é.

Ní féidir míshástacht an phobail a mhaolú le hanailís mhíchruinn. Gníomh agus infheistíocht airgid a theastaíonn.

Idir an dá linn, nárbh fhearrde muid ar fad dá staonfadh muid ó chiníochas a chaitheamh le daoine agus aird a thabhairt i ndáiríre ar na fíorfhadhbanna atá ann.

Mura ndéanann muid tada faoi na deacrachtaí atá ag daoine ach iad a mhaslú ná bíodh ionadh orainn má théann cuid acu leis an gciníochas.

Ar ndóigh is cinnte gurbh fhearrde muid uilig ar fad dá bhfanfadh an lucht ciníochais as na hagóidí is dá ligfeadh siad do phobal na háite labhairt ar a son féin.

Fág freagra ar 'Mura ndéantar ach daoine a bhfuil deacrachtaí acu a mhaslú, rachaidh cuid acu leis an gciníochas'

  • Antóin

    Tugadh le fios do dhaoine go mbeadh teaghlaigh ag teitheadh ón Úcráin ag teacht anseo, fir, mná agus páistí. Ach ní hé sin an rud a fheiceann daoine i gceantair áirithe. Feiceann siad na céadta fear óg nach as an Úcráin iad ag tuirling de bhusanna agus fágtar muintir na háite ag tochas a gceann.

    Ar ndóigh, ní ar na céadta fear óg sin atá an locht ach ar an rialtas nach dtéann i gcomhairle le pobail áitiúla.

  • q

    Níl a fhios agam cé bhfuil na háiteanna údaí ach is mná is páistí amháin a chonaic mé féin riamh ag tuirlingt