‘Múnla’ i gcomhair ‘meánscoil lán-Ghaeilge Gaeltachta’ le cur faoi bhráid na Roinne Oideachais

Ní ar aon fhocal a bhí lucht freastail an chruinnithe, a d’eagraigh an grúpa ‘Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara’, faoi cheist an oideachais dara leibhéal sa Ghaeltacht

seomra ranga

Tá sé i gceist ag an ngrúpa Meánscoil Lán-Ghaeilge do Chonamara “múnla de mheánscoil lán-Ghaeilge Gaeltachta” a chur faoi bhráid na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Beidh an ‘múnla’ a chuirfear faoi bhráid na Roinne bunaithe ar mholtaí agus tuairimí a nochtadh ag mórchruinniú faoi chúrsaí oideachais a eagraíodh i gConamara ag an deireadh seachtaine.

I ráiteas a d’eisigh siad aréir, dúirt an coiste a d’eagraigh an cruinniú in Indreabhán go raibh siad ‘an-sásta’ leis an gcaoi ar éirigh leis.

Ní ar aon fhocal a bhí lucht freastail an chruinnithe, a d’eagraigh an grúpa Meánscoil lán-Ghaeilge do Chonamara, faoin tuairim go mba cheart scoil dara leibhéal a bhunú sa cheantar a mbeadh an múnla céanna aici is atá ag na Gaelcholáistí a chuireann oideachas ar fáil trí mheán na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Bhí timpeall seasca duine i láthair i Seanscoil Sailearna ag an gcruinniú eolais ag ar labhair saineolaithe éagsúla ar na buntáistí a bhainfeadh leis an meánscolaíocht lán-Ghaeilge.

Sa ráiteas a d’eisigh Meánscoil lán-Ghaeilge do Chonamara aréir, d’fháiltigh coiste an ghrúpa roimh na moltaí a rinneadh ón urlár go n-oibreodh an coiste leis na meánscoileanna sa cheantar chun an mheánscolaíocht lán-Ghaeilge a chur chun cinn.

Ba í an t-amhránaí Róisín Elsafty, ón ngrúpa ‘Meánscoil lán-Ghaeilge do Chonamara’, a d’oscail an cruinniú agus a chuir fáilte roimh an gceathrar aoichainteoirí.

Ag tús an chruinnithe, míníodh gur ar mhaithe le ‘plé’ a dhéanamh ar na buntáistí a bhainfeadh leis an meánscolaíocht lán-Ghaeilge do Chonamara a bhí an cruinniú agus nach rabhthas ag iarraidh go ndéanfaí trácht ar aon scoil ar leith sa cheantar ar fhaitíos go maslófaí éinne a raibh baint éigin acu leis na scoileanna sin.

Thug beirt phríomhoidí Gaelcholáistí, Fíona Uí Uiginn as Coláiste Íosagáin agus Séamus Ó Ceanainn as Gaelcholáiste Chill Dara, léargas ar a dtaithí siúd in earnáil na scolaíochta lán-Ghaeilge. Bhain caint Uí Uiginn go príomha le cothú na Gaeilge mar theanga scoile agus na bealaí ar féidir a chinntiú go dtugtar tús áite don teanga ar chlár oibre na scoile.

Labhair Ó Ceanainn, a bhí páirteach san fheachtas as ar eascair Gaelcholáiste Chill Dara beagán le cois deich mbliana ó shin, ar na dúshláin a bhí rompu mar mheánscoil nua agus an dul chun cinn atá déanta ag an scoil ó shin i leith.

Dúirt Ó Ceanainn go bhfuil ról lárnach ag an bpobal i bhforbairt fís shoiléir don mheánscolaíocht lán-Ghaeilge.

Labhair beirt bhan Ghaeltachta, Máire Uí Dhufaigh, as Inis Oírr, agus Máire Denvir, stiúrthóir Choláiste Chamuis, ar na fadhbanna atá ann don chainteoir dúchais Gaeltachta faoin gcóras oideachais, go háirithe na fadhbanna a bhaineann le siollabas Gaeilge na hArdteistiméireachta.

Dúirt Uí Dhufaigh gur “cuid an-tábhachtach d’fhorbairt an pháiste bheith in ann é féin chur in iúl go hiomlán ina theanga dúchais féin” le go mbeidh sé “in ann brí a bhaint as coincheapanna, smaointe, tuairimí agus mothúcháin”.

Dúirt sí go léiríonn taighde idirnaisiúnta gur gá do ghasúr a theanga baile a fhorbairt go dtí an leibhéal is airde le go n-éireoidh leis ardchumas a bhaint amach, agus post maith a fháil níos deireanaí ina shaol.

Ní raibh ag éirí leis an gcóras oideachais an fhorbairt sin a dhéanamh agus bhí an córas ag teip ar an ngasúr Gaeltachta dá bharr, a dúirt Máire Uí Dhufaigh.

Dúirt stiúrthóir Choláiste Chamuis, Máire Denvir nach raibh an fhorbairt intleachtúil chuí á dhéanamh ar an dalta Gaeltachta faoi láthair toisc siollabas Gaeilge na hArdteiste a bheith lochtach.

Osclaíodh an cruinniú do cheisteanna ón bpobal i ndiaidh na gcainteanna agus cuireadh meascán tuairimí in iúl faoin ábhar. D’éiligh tuismitheoir amháin go mbeadh ‘campas lán-Ghaeilge’ ann i nGaeltacht Chonamara ar a mbeadh naíonra, bunscoil agus meánscoil a d’fhreastalódh ar thuismitheoirí agus ar ghasúir ar mhian leo oideachas lán-Ghaeilge a fháil sa Ghaeltacht.

Ceistíodh polasaithe iontrála na nGaelcholáistí agus dúradh nárbh fhéidir a bheith ag súil go mbeadh an polasaí céanna ag scoileanna Gaeltachta atá ag freastal ar an bpobal áitiúil is a bheadh ag scoil a raibh sé de ‘phribhléid’ aici daltaí a roghnú. Dúirt Fíona Uí Uiginn nach raibh polasaí iontrála mar sin ag Coláiste Íosagáin agus go mbíonn fáilte roimh ghasúir ó chúlraí éagsúla, agus roimh ghasúir a bhfuil riachtanais éagsúla agus cumais éagsúla teanga acu.

Ba iad na daoine a raibh amhras orthu faoi Ghaelcholáiste a bhunú sa cheantar is mó a labhair i ndiaidh an chruinnithe. Bhí achrann beag ann nuair nár ceadaíodh scoileanna áitiúla a lua in ainneoin go raibh plé oscailte á dhéanamh ar Choláiste Íosagáin agus Gaelcholáiste Chill Dara. Moladh an dá scoil Ghaletachta atá lonnaithe gar do láthair an chruinnithe agus dúradh go mb’fhearr i bhfad díriú ar chúnamh a chur ar fáil do na scoileanna sin in áit a bheith ag caint ar scoil nua a bhunú.

Dúradh freisin go mba dhlúthchuid an t-oideachas den phleanáil teanga atá ar bun faoi Acht na Gaeltachta 2012 i gceantar Chois Fharraige agus go raibh na coistí pleanála teanga ag obair in éineacht leis na scoileanna agus plean á chur i dtoll a chéile acu.

Thacaigh daoine eile go láidir le feachtas Meánscoil lán-Ghaeilge do Chonamara.

Fág freagra ar '‘Múnla’ i gcomhair ‘meánscoil lán-Ghaeilge Gaeltachta’ le cur faoi bhráid na Roinne Oideachais'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Bhíos i láthair ag an gcruinniú. Bhí mé ann mar thuismitheoir, ach chomh maith le sin bhí mé ann mar dhuine atá ag plé le Pleanáil Teanga i gceantar Chois Fharraige agus a fheiceann ról lárnach do na scoileanna iarbhunoideachais sa Phlean Teanga atá le réiteach.

    Ba mhaith ann é an cruinniú eolais. Tá tús curtha le díospóireacht faoi cheist achrannach. Tá súil agam go mbeidh tuilleadh cruinnithe ann.Ach is deacair aon phlé ceart a dhéanamh faoi ‘Meánscoil lán-Ghaeilge do Chonamara’ gan an soláthar atá ann faoi láthair a lua!

  • Colmán

    Scoiltfidh sé an pobal ina dhá leath ach b’fhearr sin ná lucht an Bhéarla an Ghaeilge a bhrú amach as an Ghaeltacht ar fad ar fad.

  • Manus

    Nííl seans ar bith go gceadódh FG rud comh radachach. Is maith an smaoineamh míshástacht a chur in iúl. Ach le cearta a bhaint amach ní mór an scoil a bhunú go neamhspleách Tá sé in am cur i gcoinne Fine Gael atá ag iarraidh an teanga a chur amach san fhásach. Céard a tharla gon sprid a bhí ag muintir Chonamara.?

  • Máire Ní Mhurchadha

    Bhí mé i láthair ag an gcruinniú. Bhraith mé, don gcéad uair riamh ó thosaigh mé ag dul chuig cruinnithe faoi chúrsaí Gaeilge i scoileanna “lán-Ghaeilge”, go raibh réalaíochas le sonrú nár shonraigh mé cheana. Bhí tuiscint níos doimhne faoi na dúshláin. Teastaíonn níos mó cruinnithe mar seo. Ach tá sé riachtanach go mbeidh i bhfad níos mó gutha ag múinteoirí dara leibhéil sa phróiseas, mar is iadsan na speisialtóirí san oideachas iarbhunscoile.