Mórghradam idirnáisiúnta bronnta ar Nuala Ní Dhomhnaill, ‘banlaoch diongbháilte’ na Gaeilge

Fógraíodh i Vársá na Polainne inniu gur ar Nuala Ní Dhomhnaill a bhronnfar Duais Herbert i mbliana, an chéad uair gur roghnaíodh bean don ghradam mór sin

Mórghradam idirnáisiúnta bronnta ar Nuala Ní Dhomhnaill, ‘banlaoch diongbháilte’ na Gaeilge

Tá an mórghradam liteartha idirnáisiúnta Duais Herbert buaite ag an bhfile Nuala Ní Dhomhnaill.

Fógraíodh i Vársá na Polainne níos túisce inniu gur ar an bhfile Gaeilge, atá áirithe i measc mhórfhilí na hÉireann, a bhronnfar an gradam cáiliúil i mbliana.

Seo an chéad uair a bhronnfar an duais liteartha, a bunaíodh in 2013, ar bhean.

Bronnfar an gradam ar Ní Dhomhnaill ag searmanas speisialta in Amharclann na Polainne in Warsaw ar an 10 Bealtaine.

Dúirt cathaoirleach choiste na moltóirí Edward Hirsch, an file agus údar as Meiriceá, go raibh tábhacht idirnáisiúnta ag baint le saothar Uí Dhomhnaill.

“Roghnaíomar file cróga agus ceannródaíoch a bhfuil tábhacht ag baint léi ar bhonn áitiúil, ar bhonn náisiúnta agus ar bhonn idirnáisiúnta. File í a chabhraigh le hathbheochan a teanga féin,” arsa Edward Hirsch.

I ráiteas a chuir Nuala Ní Dhomhnaill ar fáil do lucht an ghradam Herbert, dúirt sí go raibh “lúcháir” uirthi an duais a fháil. Dúirt sí nach raibh aon choinne aici léi mar gur minic nach mbíonn aird ag daoine ar fhilí a bhíonn ag scríobh i mionteangacha, fiú ina dtíortha féin.

Ghabh sí buíochas leis na moltóirí ar a son féin agus “ar son na Gaeilge”.

Nuala Ní Dhomhnaill agus Léacht Chuimhneacháin Cyril Byrne á tabhairt aici ag Ollscoil Mhuire Naofa i Halifax na hAlban Nua Dé hAoine

Dúirt Katarzyna Herbert baintreach Zbigniew Herbert, an file a bhfuil an duais ainmnithe ina onóir, gur údar mór sásaimh di gurbh í Ní Dhomhnaill a roghnaíodh.

“Bhí fíorshuim ag Herbert i gcultúir a raibh mí-ádh orthu go stairiúil, cultúir ar chuir comharsana níos láidre faoi chois iad… Táim deimhin de go dtaitneodh sé leis gur roghnaíodh scríbhneoir as tír bheag, a d’fhulaing go leor go stairiúil, agus go scríobhann an duine sin i dteanga atá ag troid go cróga chun go mairfidh sí. Chomh maith leis sin is údar sásaimh dom go bhfuil an duais atá ainmnithe ina onóir bronnta ar bhean den chéad uair,” arsa Katarzyna Herbert.

Ba iad baill an choiste moltóireachta a roghnaigh Nuala Ní Dhomhnaill do Dhuais Herbert na bliana seo ná Yuri Andrukhovych (an Úcráin), Edward Hirsch (Stáit Aontaithe Mheiriceá), Michael Krüger (an Ghearmáin), Mercedes Monmana (an Spáinn) agus Tomasz Różycki (an Pholainn).

Dúirt duine de na moltóirí, Yuri Andrukhovych, gur comharthaí sóirt iad ar fhilíocht Uí Dhomhnaill iad na híomhánna fuinte inti, a misneach ó thaobh meoin de, saibhreas na dtagairtí agus glaineacht na fuaime inti.

“D’éireodh go geal le Ní Dhomhnaill sa Bhéarla ach chinn sí d’aon ghnó teanga an mhionlaigh a roghnú – an Ghaeilge, fíortheanga na hÉireann, atá i mbaol imeacht as. Tá ardmholadh agus aitheantas thar na bearta tuillte ag a leithéid de ghníomh cruthaitheach. Bíonn Ní Dhomhnaill ag troid ar son chearta na mban in Éirinn chun iad féin a chur in iúl ar bhonn cruthaitheach, ar son saoirse cruthaitheachta…

“Sa chomhthéacs sin, is ceart cuimhneamh ar Herbert – file nár ghéill maidir le prionsabail. Cén duine eile a bhronnfaí an duais seo air,  an duais seo atá ainmnithe ina onóir, ach ar an mbanlaoch diongbháilte, Nuala Dhomhnaill?” arsa Yuri Andrukhovych, scríbhneoir agus aistritheoir as an Úcráin.

 

Fág freagra ar 'Mórghradam idirnáisiúnta bronnta ar Nuala Ní Dhomhnaill, ‘banlaoch diongbháilte’ na Gaeilge'

  • Noel ocoileain

    Comhghairdeas

  • Sam

    Comghairdeas!

  • Fearn

    Maith an bhean!

  • Gabriel Rosenstock

    An-mhaith go léir.

  • Pádraic

    Comhghairdeas leat, a Nuala! Tá sé tuillte go maith agat!