Mórghradam buaite ag duine de na scríbhneoirí is polaitiúla ón mBrasaíl

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Tá Duais Camões, ar fiú €100,000 é, le bronnadh ar an gceoltóir, drámadóir agus úrscéalaí Chico Buarque.

Mórghradam buaite ag duine de na scríbhneoirí is polaitiúla ón mBrasaíl

Pictiúr: Pedro França/Agência Senado

Tá Duais Camões na bliana seo buaite ag an bhfathach liteartha ón mBrasaíl, Chico Buarque, dá shaothar ar fad i ngoirt an cheoil, na drámaíochta agus an fhicsin. Tá luach €100,000 i gceist leis an duais, a áirítear dá bharr sin ar cheann de phríomhghradaim litríochta an domhain. Ar mhórscríbhneoir Portaingéilise a bhronntar í agus is iad rialtais na Portaingéile agus na Brasaíle a dhéanann urraíocht uirthi.

Tá suntas nach beag ag baint le rogha na bliana seo – ar dhá chúis.

Sa chéad áit, is mó i bhfad an aithne a bheadh ar Chico Buarque ina thír dhúchais, an Bhrasaíl, mar cheoltóir ná mar scríbhneoir ficsin – in ainneoin gur bronnadh mórghradam litríochta na Brasaíle, Duais Jabuti, ar thrí cinn dá chuid úrscéalta.

Sa dara háit, bhí Buarque riamh ar dhuine de na healaíontóirí is polaitiúla sa Bhrasaíl agus bhí sé ar dhuine de na daoine is fíochmhaire a cháineadh an deachtóireacht mhíleata a bhí i réim idir 1964 agus 1985. Cuireadh i bpríosún é ar feadh achair ghairid i 1969. Chuaigh sé ar deoraíocht san Iodáil ina dhiaidh sin, ach tar éis bliain go leith d’fhill sé ar an mBrasaíl, áit ar éirigh leis an dallamullóg a chur ar chinsireacht na deachtóireachta go minic. Ba roisc chatha i gcoinne réimeas na nginearál iad dhá amhrán dá chuid, ‘Apesar de Você’ (‘De d’ainneoinse’) agus ‘Calice’ (‘Cailís’), imeartas focal ar an bhfrása ‘cale-se’ a bhfuil an fhoghraíocht cheannann chéanna ag baint leis, agus a chiallaíonn ‘dún do bhéal’ i bPortaingéilis.

Sna 1970idí a scríobhadh na hamhráin sin, ach tá siad i bhfaisean sa Bhrasaíl arís. Cloistear iad ag chuile agóid i gcoinne rialtas an uachtaráin reatha Jair Bolsonaro, fear nár cheil riamh go bhfuil meas as cuimse aige ar na ginearáil a bhunaigh deachtóireacht mhíleata 55 bliana ó shin.

D’fhéadfaí a rá, mar sin, gur rogha pholaitiúil é Duais Camões a bhronnadh ar Chico Buarque, comhartha láidir go bhfuil tábhacht le cúrsaí ealaíne agus cúrsaí léinn – dhá réimse a bhfuil ciorruithe fíochmhara á ndéanamh ag rialtas Bolsonaro orthu – agus gur fiú an fód a sheasamh i gcoinne na cinsireachta agus na féinchinsireachta, mar a rinne Buarque i gcaitheamh a shaoil.

Tá suntas ar leith ag baint leis an gcinneadh toisc go bhfuil eagraíocht rialtais ón mBrasaíl féin, an Fhondúireacht Náisiúnta um Leabharlanna (FBN), ar cheann den dá dhream a roghnaíonn buaiteoir Duais Camões (Roinn Cultúir na Portaingéile an dream eile).

Tá roinnt mhaith úrscéalta le Chico Buarque ar fáil i mBéarla, ina measc Spilt Milk (2009), Budapest (2003) agus Benjamin (1995). Tá Turbulence (1991), an chéad úrscéal dá chuid a aistríodh go Béarla agus an chéad leabhar le húdar ón mBrasaíl dár léigh mé féin, ar cheann de na húrscéalta is mó a chuaigh i bhfeidhm orm riamh.

Ní theastódh Portaingéilis ó dhuine, ar ndóigh, le héisteacht a thabhairt dá chuid ceoil, ach bheadh sé ina chúnamh; ar na liricí, seachas ar na foinn, a bhíonn an bhéim in amhráin Buarque.

Fág freagra ar 'Mórghradam buaite ag duine de na scríbhneoirí is polaitiúla ón mBrasaíl'