Beidh dhá bhord Gaeilge i mbabhta réigiúnach Chraobhchomórtas Monopoly i mbliana. Tá ag iarrthóirí go dtí 27 Bealtaine le clárú ar shuíomh an chomórtais le bheith san iomaíocht ar áit a fháil ag na boird Ghaeilge agus Bhéarla a bheas ag na réamhbhabhtaí Éireannacha ag deireadh na míosa seo.
Is iad Glór na nGael, faoi cheadúnas Hasbro, a d’fhorbair an leagan Gaeilge den chluiche iomráiteach boird Monopoly níos luaithe i mbliana.
Beidh an dá réamhbhabhta Éireannacha ar siúl ag Príosún Bhóthar Chromghlinne i mBéal Feirste ar 30 Bealtaine agus ag Príosún Chill Mhantáin ar 31 Bealtaine. Rachaidh na buaiteoirí Éireannacha chuig an chéad bhabhta cáilithe eile a reáchtálfar i Londain ar 19 Iúil. Beidh an craobh domhanda ar siúl i Macau na Síne i mí Mheán Fómhair.
Beidh dhá rannóg ann, ceann amháin d’imreoirí idir 8 agus 17 bliain d’aois agus ceann eile dóibh siúd os cionn 18 bliain d’aois. Níl ach líon teoranta áiteanna sna babhtaí Éireannacha ach cuirfear gach duine a chuirfidh isteach ar an gcomórtas sa seans beart cluichí Hasbro a bhuachan.
Tabharfar an rogha d’iarrthóirí a bheith istigh ar an mbord Gaeilge nó Béarla tar éis dóibh clárú trí Bhéarla leis an gcomórtas.