Moltaí faoi reachtaíocht teanga ‘á mheas’ ag McHugh

Moltaí Choiste Oireachtais agus an Choimisinéara Teanga maidir leis an reachtaíocht teanga a dhéanfaidh leasú ar an Acht Teanga á scrúdú ag an Aire Stáit Joe McHugh

Screen Shot 2015-03-11 at 11.08.25

Dúirt Aire na Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil ar maidin go bhfuil an 34 moladh atá déanta ag Coiste Oireachtais ina dtuarascáil ar Bhille na dTeangacha Oifgiúla 2014 fós “á mheas aige” agus go raibh cuid acu “iontach dearfach”.

Ní fhéadfadh sé a rá cathain a dhéanfaidh sé cinneadh faoi cé acu an nglacfar leis na moltaí nó nach nglacfar leo.

Thug an tAire Stáit le fios go raibh “comhrá maith” aige leis an gCoimisinéir Teanga le déanaí agus go raibh na moltaí a rinne an Coimisinéir maidir leis an reachtaíocht teanga a dhéanfaidh leasú ar an Acht Teanga á meas aige freisin.

Moltar i dtuarascáil an Choiste Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht go dtabharfadh gach uile eagras stáit gealltanas uaidh go mbeidh 10% dá bhaill foirne inniúil ar an nGaeilge agus ábalta déileáil leis an bpobal trí mheán na teanga sin nuair is gá.

Ba mhian leis an bhFochoiste freisin go ndéanfadh an Rialtas athbhreithniú ar an gcinneadh a rinne siad i mí Dheireadh Fómhair 2013, áit a ndearna siad marcanna bónais as cumas sa Ghaeilge a bhronnadh ar stáitseirbhísigh a tharraingt siar.

Cháin an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, an Bille ag Comhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga a reáchtáil Conradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Dúirt an Coimisinéir gur “chosúil gur beag a dhéanfadh an leasú atá beartaithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla chun cearta teanga an tsaoránaigh a láidriú”.

Fág freagra ar 'Moltaí faoi reachtaíocht teanga ‘á mheas’ ag McHugh'