Moladh ón DUP a rachadh chun tairbhe do dhaoine ar an dá thaobh den teorainn

Ní ar na bóithre a leigheasfar cuid mhór de na fadhbanna taistil agus tithíochta atá ag cur as don tír

Moladh ón DUP a rachadh chun tairbhe do dhaoine ar an dá thaobh den teorainn

Níor tugadh ró-aird sa cholún seo riamh ar bheartais a mhol an DUP, ach is fiú togra atá molta i bhforógra olltoghcháin an pháirtí a chíoradh.

Sa cháipéis a d’fhoilsigh an páirtí Dé Máirt, moladh go gcuirfí nasc ardluais traenach ar fáil idir Béal Feirste agus Baile Átha Cliath. Níor luadh sonraí ná costas, ach ní cóir neamhshuim a dhéanamh de mholadh faoi bheartas a chuirfeadh feabhas ar an gcóras iompair idir an dá chathair is mó san oileán.

Tógann sé dhá uair an chloig agus ceathrú faoi láthair taisteal ar thraein idir an dá chathair. Tógann sé idir dhá uair agus dhá uair go leith ar bhusanna an turas céanna a dhéanamh. Níl ach achar 167 ciliméadar nó thart ar chéad míle idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste.

Léiríonn amchláir na seirbhísí ardluais i dtíortha eile an feabhas atá indéanta. Má dhéantar comparáid idir mearthaisteal traenach thar lear agus malltaisteal ar na hiarnróid abhus, is léir an fhorbairt a theastaíonn chun lear mór daoine a ghríosú chun taisteal ar thraenacha seachas i ngluaisteáin.

Mar shampla, ní thógann turas ardluais traenach idir Páras agus Arras – ar líne TGV atá ar comhfhad beagnach (177 ciliméadar) leis an turas idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste – ach 49 nóiméad, thart ar an tríú cuid den am a thógann sé ar thraenacha na hÉireann an turas céanna a dhéanamh.

Ar ndóigh níl seans ar bith ann sa ghearrthéarma go gcuirfear an feabhas a mhol an DUP i bhfeidhm. Fiú má fhágtar an costas mór a bheadh i gceist i leataobh, is léir an phríomhdheacracht pholaitiúil a bhaineann leis. Ní phléifear a leithéid dáiríre go dtí go n-athbhunófar an feidhmeannas in Stormont.

Bheadh seans níos fearr ann go rachfaí chun cinn le scéim dá leithéid dá gcuirfí an Breatimeacht ar ceal, nó dá mbeadh stádas speisialta ag Tuaisceart Éireann mar atá beartaithe sa leagan nua den chomhaontú idir rialtas na Breataine agus an tAontas Eorpach.

Cuimhnigh go gcaithfear €1 billiún ar an nasc nua leictreachais idir an Fhrainc agus Éirinn agus go mbeidh 53% den chostas á íoc ag an AE.

Ní foláir cuimhneamh freisin ar an tairbhe a bhainfeadh daoine atá ina gcónaí in aice le Dún Dealgan agus sna ceantair thart ar bhailte eile idir an dá chathair as an togra a mhol an DUP.

Déarfadh go leor daoine réasúnta, nach bhfuil i gcaint an DUP ach gnáthchaint réamhthoghcháin a ligfear i ndearmad i ndiaidh lá na vótála. Is léir freisin na cúiseanna praiticiúla agus airgeadais nach gcloisfear a thuilleadh faoin scéim ar feadh i bhfad, nó choíche b’fhéidir.

Ach ní cóir ligean d’amhras réasúnta bac a chur ar mhachnamh ar fhorbairt neamhghnách a theastaíonn go géar, i mórán réimsí den saol. Is léir do chách, mar shampla, gur i bhfad uainn atá an cineál cur chuige a theastaíonn leis an ngéarchéim tithíochta i mBaile Átha Cliath go háirithe a leigheas.

Tá léargas tomhaiste ar thionchar na géarchéime sin ar an aos óg i dtuairisc a foilsíodh Dé Céadaoin ar thaighde ar a dtugtar ‘Growing Up in Ireland’. Dúirt 44 % de na daoine a bhí fiche bliain d’aois nuair a ceistíodh iad gur cúrsaí tithíochta thar aon rud eile a bhí ag cur imní orthu

Is sa phríomhchathair atá an ganntanas is mó, agus an seans is lú go mbeifear ábalta freastal ar riachtanas a mhéadóidh go seasmhach amach anseo. Chuideodh mearsheirbhís traenach le maolú na faidhbe, mar atá ráite ag iarArd-Rúnaí na Roinne Airgeadais John Moran.

Mar shampla, dá mbeadh mearsheirbhís traenach ar fáil a chuirfeadh ar chumas daoine taisteal idir Áth Luain agus Baile Átha Cliath in imeacht 40 nóiméad (in ionad uair an chloig agus fiche nóiméad faoi láthair), b’fhurasta go mór do dhuine a bheith ag cur faoi in Áth Luain agus ag obair sa phríomhchathair.

Is ar thógáil agus ar leathnú bóithre a chuireann rialtais béim agus iad ag iarraidh fadhbanna mar seo a réiteach, mar atá á dhéanamh arís agus leathnú ar an N11 i gcontae Chill Mhantáin á phlé.

Fiú má chuirtear as an áireamh an dochar a dhéanann cur chuige dá leithéid don timpeallacht, ba chóir go mbeadh sé soiléir faoin am seo nach ar na bóithre a leigheasfar cuid mhór de na fadhbanna taistil agus tithíochta atá ag cur as don tír, go háirithe sa réigiún thart ar Chúige Laighean.

Fiú mura ndearna an DUP mórán machnaimh ar an togra trasteorann atá á mholadh acu, tá ábhar machnaimh agus athmhachnaimh ann dúinn uilig.

Fág freagra ar 'Moladh ón DUP a rachadh chun tairbhe do dhaoine ar an dá thaobh den teorainn'