LÁITHREACH BONN 24: Moladh déanta ag an AE go gcuirfí tús le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin

D’fhoilsigh an tAontas Eorpach inniu tuairisc faoin dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin agus tíortha eile atá ag iarraidh a bheith ina mballstáit den aontas

LÁITHREACH BONN 24: Moladh déanta ag an AE go gcuirfí tús le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin

Tá moladh déanta ag an gCoimisiún Eorpach go gcuirfí tús le cainteanna  leis an Úcráin agus leis an Moldóiv faoi bhallraíocht a fháil san aontas.

Ní foláir beannacht na mballstát go léir a fháil don mholadh sula gcuirfear tús le cainteanna ballraíochta.

D’fhéadfadh go dtarlódh sin ag cruinniú mullaigh de cheannairí an AE a bheidh ar siúl an mhí seo chugainn.

D’fhoilsigh an tAontas Eorpach inniu tuairisc faoin dul chun cinn atá déanta ag an Úcráin agus tíortha eile atá ag iarraidh a bheith ina mballstáit den aontas.

Déantar cur síos sa tuairisc faoi conas atá ag éirí leis an Úcráin agus tíortha eile maidir le cur i bhfeidhm na leasuithe atá riachtanach chun go gcuirfí tús le cainteanna oifigiúla faoi bhallraíocht.

Moltar sa tuairisc chomh maith stádas mar iarrthóir a thabhairt don tSeoirsia, cinneadh a bheidh conspóideach mar gheall go bhfuil go leor den tuairim gur ag dul ar gcúl atá an tír sin ó thaobh an daonlathais.

Dúirt an Coimisiún go gcaithfeadh an Úcráin agus an Mholdóiv dlús a chur leis na leasuithe atá á ndéanamh acu chun critéir bhallraíochta an AE a shásamh.

Ar na réimsí a luadh inar gá feabhas sa dá thír bhí an tslí a gcaitear le mionlaigh agus na hiarrachtaí atá ar bun deireadh a chur leis an gcaimiléireacht agus cumhacht a baint d’olagarcaí.

Ceithre cinn de na critéir do bhallraíocht a bhí comhlíonta ag an Úcráin, de réir na tuairisce.

Moladh an tír as an dul chun cinn a bhí á dhéanamh aici sna réimsí éagsúla in ainneoin ionradh na Rúise, ach dúradh go gcaithfí dul i ngleic le ceisteanna áirithe sula luafaí aon dáta le tús na gcainteanna.

Chuir Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy, fáilte roimh chinneadh an Choimisiúin.

“Inniu, thug an Úcráin agus an Eoraip go léir an chéim cheart stairiúil. Dea-scéal amach is amach. In ainneoin gach rud, tá dul chun cinn á dhéanamh againn, agus táimid ag súil fiú le cinneadh polaitiúil ó Chomhairle na hEorpa i mí na Nollag féin,” arsa Zelenskyy.

Deich dtír ar fad a bhfuil iarratas ar bhallraíocht déanta acu – an Úcráin, an Tuirc, Poblacht na Macadóine Thuaidh, Montainéagró, an tSeirbia, an Albáin, an Mholdóiv, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chosaiv agus an tSeoirsia.

Thug ballstáit an AE a mbeannacht don Úcráin mar iarrthóir oifigiúil ar bhallraíocht mí an Mheithimh seo caite.

Ní chiallódh cinneadh tús a chur le cainteanna oifigiúla ballraíochta go mbeadh an Úcráin ina ball go luath agus d’fhéadfadh an próiseas leanúint ar aghaidh ar feadh roinnt blianta.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN 24: Moladh déanta ag an AE go gcuirfí tús le cainteanna ballraíochta leis an Úcráin'