Moill le bunú Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais

Ní bheidh aon chruinniú den chomhchoiste Gaeilge á reáchtáil an tseachtain seo mar a bhí beartaithe toisc nár ceapadh seanadóirí ar an choiste go fóill

Moill le bunú Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais

Cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh. Pictiúr: RollingNews.ie

Tuigtear do Tuairisc.ie go bhfuil moill ar bhunú Choiste nua Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais.

Ní bheidh aon chruinniú den chomhchoiste Gaeilge á reáchtáil an tseachtain seo mar a bhí beartaithe toisc nár ceapadh seanadóirí ar an choiste go fóill.

Tá moill ar bhunú chomhchoistí uile an Oireachtais, a mbíonn ballraíocht ag seanadóirí agus Teachtaí Dála orthu. An 8 Deireadh Fómhair atá á lua anois don chéad chruinniú de Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais.

Triúr seanadóirí atá le ceapadh ar an choiste nua, a mbeidh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, ina chathaoirleach air.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo cheana go bhfuil naonúr Teachtaí Dála ainmnithe ar an choiste nua Gaeilge agus Gaeltachta, duine amháin gan Ghaeilge, an Teachta Dála neamhspleách as Ciarraí, Danny Healy-Rae.

Níl ach bean amháin i measc an naonúir, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, a bhí ina cathaoirleach ar an gcoiste roimhe seo.

Tá beirt iar-airí stáit Gaeltachta ar an gcoiste, Joe McHugh, Fine Gael, a chaith dhá thréimhse i Roinn na Gaeltachta agus Dara Calleary, Fianna Fáil, a raibh coicís aige ansin an samhradh seo.

Triúr Teachtaí Dála eile ó pháirtithe an Rialtais atá ar an gcoiste, Fergus O’Dowd, Fine Gael, Marc Ó Cathasaigh, Comhaontas Glas, agus Aindrias Moynihan, Fianna Fáil.

Is é Moynihan, arb as Gaeltacht Mhúscraí dó, an t-aon Teachta Dála ar an gcoiste arb as an nGaeltacht dó, cé go bhfuil ceantair Ghaeltachta i ndáilcheantair fhormhór na mball.

Is é Pa Daly, a toghadh chun na Dála i gCiarraí in olltoghchán na bliana seo, an ball eile atá ag Sinn Féin ar an gcoiste.

Deir cathaoirleach an choiste, Aengus Ó Snodaigh, gurb í an fhadhb is mó a bheidh le sárú ag an gcoiste gur “cuma sa sioc” leis na ranna Rialtais faoin nGaeilge ná faoin nGaeltacht.

Deir sé go mbeidh ceist mhaoiniú na Gaeilge i measc na dtosaíochtaí a bheidh aige.
Beidh urlabhraí Gaeilge Shinn Féin ag díriú chomh maith ar chás an bhille teanga agus ar roinnt ábhar eile.

Fág freagra ar 'Moill le bunú Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais'

  • Gabriel Rosenstock

    Jóc.